Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
diocach, diocaichín, giocach, giocaichín
ainm-fhocal, buineann.
guróir; duine a mbeadh dioc (gioc) ag imeacht air; duine a mbeadh creathadh air, nó a bheadh cruptha nó cromta, nó buailte ar a chéile ag an bhfuacht, ag an aois, ag an donacht nó a leithide; driúcaidhe.
+
Is cuma dhó céard a dhéanfas sé. Is gearr an bás uaidh. Tá sé ag imeacht in a ghiocaichín leis an bhfuacht.
Is gearr isteach ins an mbliain nua — dheamhan a fhios agam nach gearr isteach ins an ngealach nua — a thiocfas an ghiocaichín sin. 'Bhfeiceann tú an chruit atá ag teacht uirre, agus tá snuadh an bháis in a ceann-aghaidh
TUILLEADH (8) ▼
Leig de do chuid cumadóireacht' anois. Meastú an gcreidfeamuid thú? Cé a phósfadh an diocaichín dona úd? Dheamhan bean a phósfadh é dhá mbeadh Éire taobh leis. Bheadh féirín ag an mbean a phósfadh é sin muis!
Chonnaic mé an ghiocaichín sin thiar ag S. Ph. ag dul 'na phortaigh. Bígidh ar 'u' (bhur) son féin anois. Níl aon lá ariamh nach mbeadh nead easóige ins an gcruaich se'aca fhéin (ní thaobhóchaidís a gcruach féin, ach an mhóin a ghoid as cruacha eile).
'Ar ndú ní indon a dhul ag cur fhataí atá an diocach sin. B'fhéidir go mbainfeadh sé buirdín asta amach faoi Bhealtaine an uair a bheadh an aimsir ársuighthe amach agus an teas ag teacht ins an lá, ach má bheireann sinneán de'n tsean-bhó ar chnocán righte air, tá a chuid bainne sláinte ólta
Ní fheilfeadh áit ar bith don ghiocach údan ach istigh i gcomhnuí ag breacadh a luirgne, agus "fag" as a béal. Maidir le bheith amuigh ag scaradh síolta ar bhuirdín guirt, ní hí ab fhearr liom. Ní hí is fhearr ach an oiread. Is mór an t-iongnadh nach dtugann sé gaoth bhuird amach as an ngort di uiliog
Is fada í in a diocach mar sin. Na scoilteachaí atá dhá dhéanamh uirre. Ní fhaghann sí réidh an achair chor ar bith anois uatha
Má bhí sí in a bean bhreagh tamall, níl sí amhlaidh anois. Tá sí ag imeacht in a diocaichín agus a dhá ceann buailte ar a chéile. Is mór atá an aois indon a dhéanamh
D'fheicfeá ag imeacht in a dhiocach suas ins na póirsí siúd é corr-uair agus pluideog dhearg air, agus é gorm leis an bhfuacht. Ba dona an mhalrait ag an duine bocht sin é. Dhá bhfanadh sé ins an áit a raibh sé, bhí aige, seachas a dhul síos ar na leaca fuara sin ag scríobadh leis an ngantann go bhfaghaidh sé bás
Tá sé in a ghiocaichín ag na neascóideachaí. Ní fhéadann sé a chloigeann a dhíriú beag ná mór ag péire atá ar chuinc a mhuiníl. Tá siad in a mbúistiúin ar 'chaon taobh agus beireann siad ar chába an tseaicéid má bhaineann sé feanc ar bith as féin.
+
Tá diocach chaillte de laogh aige, agus 'sé a chloch-neart é má sháruigheann sé an tsíon seo. Tá sé annsin thuas anois in a ghuróir i lúibinn an chlaidhe, agus é ag eitealla leis an bhfuacht. Tá an bhuinneach air i gceann mar tá sé. Sin í an cailín atá indon giorrú le na laoghanntaí
Ní cheannóchadh aon-duine beo í ach é féin. Bhí sí in a giocach thoir annsiúd le claidhe agus gan an ceannachthóir féin ag breathnú ins an taobh a raibh sí. Tháinic sé aniar agus bhuail sé fúithe. Diabhal mé go bhfuair sé ar amhrán í. Nach h-ait a sceinn sí amach in a dheidh sin. 'Sé an chaoi a bhfuil sé má tá an beithidheach ag dul duit, níor mhiste dhuit dá mbeadh sé ar a chailleadh ach eireochaidh sé. Mara bhfuil, ní choinneochadh leágha na bhFíann beo é
TUILLEADH (1) ▼
Tá giocaichín asail aige, agus is gearr an bás uaidh. Tá sé dhá chailleadh le truailleachas. Tiubharfaidh seachtain eile a dhíol le déanamh dhó. Sin é an uair a bhéas sé idteannta ceart, 'nuair nach mbeidh tada aige le móin, aoileach ná feamuinn a tharraint

Féach freisin