Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Díog, Díoga
díoga go h-iondamhail
ainm-fhocal; buineann
níor chuala mé aon-gheineamhnach air ach díoga.
Uimhir iolraidh — díogaí, díogannaí, díogachaí, díograchaí
trinnse, claise, glais, claise leathan le h-ais móta, claise chois an bhóthair; seoch; claise fhataí nó claise chuir, go h-áirid ceann a bheadh leathan.
+
Dheamhan an dóichide cleas dó ná tuitim sa díoga
Tá díoga mhór chois an bhóthair ann
TUILLEADH (7) ▼
Ag déanamh díoga atá sé indiu
Tá an áit faoi dhíograchaí fré chéile
Scóth sí an mhóta agus an díoga len a ais. Nar bh'ait an léim í sin do chapall
Chuir sé an carr isteach sa díoga cois an bhóthair. Ba mhaith an t-ádh a bhí air nar mharbhuigh sé é féin agus gach's a raibh sa gcarr aige
Tá díogaí agus fiodáin annsiúd ó dheas de'n teach aige agus bháithfí "man of war" ionnta
Ní clascanna atá sé a dhéanamh ach díograchaí. Ach is cosamhail nach bhfuil mórán fóid annsiúd. Tá sé spíonta
Dhá ndéanaidís corr-dhíoga mhaith leathan thríd an gcriathrach sin, d'fheicfeá féin air gur gearr a bheadh sé in a bhog-eibhinn mar sin. Níl maith ar bith 'sna trínnsí caola sin
·
Tá claise annsiúd thuas agam agus tá sí in a díoga = clais an-bhog, uisceamhail
Ná bac le na clascannaí siúd anois. Tá siad in a ndíogannaí críochnuighthe. Cinnfidh sé orainn a dtógáil chor ar bith. Tá an fód marbh in a ghuta orra

Díog in iontrálacha eile (1)

 
droim
Chuaidh an lorry druim ar ais ins an díoga ach má chuaidh féin, níor eirigh faocha d'aon-duine dhá raibh ann míle buidheachas le Dia. Bhí Dia in a bhfabhar. 'SÉ a thug slán iad