Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dubh; Dubhaigh
Briathra
Tá an dá leagan ar an mbriathar dubh agus dubhaigh, ach dubhóidh, dubhódh is mó a bhíos san bhFáistíneach agus san gCoinníollach. Bíonn dhubh dhubhaigh san aimsir Chaithte. Dubhann agus dubhaíonn san Aimsir Láithrigh).
dubhuithe aidiacht-bhriathar i gcomhnaí
Dubhadh, Dubhú, Dúachan, Duibheachan Ainm-Bhriathra, Ainmfhocla.
1.
a dhéanamh dubh; dath dubh nó dath seargtha a thabhairt ar rud.
a.
+
Dubhóidh mise na súile dhuit an-éascaidh mara leigidh tú de do chuid dradaireacht'
Céard a dhubh do léine? Tá a fhios ag mo chroí dhá bhfaighteá léine ghlan chuile lá go mbeadh sí dubh aríst trathnóna
TUILLEADH (6) ▼
Ní fuláir duit an drad sin agad a sciúradh corr uair, nó is gearr go mbeidh do chuid fiacla rodtha. Tá siad dubhuithe uiliog le goirid
Ní mór an t-éadach sin a dhuibheachan tuilleadh. Dheamhan mórán slaicht a bhéas air mar sin cheapfainn
Tá na ballaí sin ag duibheachan aríst th'éis gur gearr ó cheana ó cuireadh aol orra. Is gearr go mbeidh siad dubhuithe go maith aríst ag an simléar
Crón a bhí sé sin an chéad uair ach tá sé ag duibheachan anois le goirid
Bhí sé liath goirid ó shoin, ach shílfeá go bhfuil sé ag dubhú (a chuid gruaige) aríst, maran daithte aige atá sí
Beidh an mhóin sin ag dubhadh léar (de réir) mar a bhéas tú ag dul síos bárr léithe. An-mhóin í ar an ceathrú bárr
+
Dhubh na sceacha (shearg siad, tháinic dath críon dóite orra) arú anuiridh ach imbliana siad na barrannaí atá ag dúachan. Ní fhaca mé sioc mar é ariamh cheana faoi Bhealtaine
Dhá bhliain ó shoin tháinic stolladh amach an t-am seo bhliain agus dhubhaigh sé na sceacha. Bhí an fhlaisc thiar de chuile sceach dóite agus an taobh a bhí thoir di glas. Níor facthas a leithide ó a tháinic an chéad-fhear
TUILLEADH (2) ▼
Tá na h-áirní ag duibheachan. Is gearr go mbeidh siad sách aibidh anois
Tá na billeógaí ag dubhadh. Is gearr uatha nó go dtuitidh siad anois
b.
+
Tá an oíche ag dubhú = an oíche ag tuitim; an lá ag diúltú dhá sholas (Ach "tá an oíche ag duibheachan" .i. bhí sé in a oíche cheana, agus bíonn an oíche i gcomhnaí a bheagán nó a mhórán "dubh", ach eiríonn sí níos duibhe le "duibheachan")
Tá an oíche ag duibheachan = ag eirghe níos duibhe (ní abróchaí "ag dúachan" annseo, ná le rud ar bith atá dubh, meath-dhubh nó dorcha cheana
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé ag duibheachan thar mar a bhí sé ar ball. Sin é duibheachan an mhaidneachain
Is mór atá an oíche dubhuithe ó a tháinic mé isteach
c.
+
Ní thiurfadh sé an oiread agus a dhubhódh mo bhéal dom. Tá sé an-ghortach = an oiread agus a d'fheicfí in do dhrad (de bheatha, milseáin agus rl.)
Ní bhfuighidh tú an oiread agus a dhubhódh do bhéal di. Dheamhan é muis. Is dona uait fhéin roint nuair a bhíos rud agad
TUILLEADH (1) ▼
Is beag an mhaith d'aonduine leath agus páirt a fhuagairt ar an ngortachán siúd. Ní bhfuigheadh a mháthair an oiread agus a dhubhódh a béal uaidh, má bhíonn dúil aige fhéin ann
d.
·
Bhí sé dearg idtosach, agus d'imigh an deirgeadas as, agus shíl mé go raibh sé (lot) ag cneasú ach in a leabaidh sin séard a rinne sé dúachan, agus bró thinn a dhéanamh, agus b'éigin dom a dul chuig an dochtúr faoi
Tá an meall sin ag dubhadh, ainneoin gur shíl mé go ndéanfadh sé seile. Ach sí an mháthair ghuir a fheicim. Tá barr bracha air ceart go leór
2.
duifean a theacht nó smúit nó scamaill.
a.
+
Dhubh (dhubhaigh) an spéir uiliog thiar adtuaidh
Tá an spéir sin ó dheas ag dubhadh (dubhú) aríst. Ráig eile atá air. Cho luath agus a gheobhas muid fáfall gabhfamuid abhaile. Níl gnatha ar bith againn dhá(r) gcailleadh féin annseo
TUILLEADH (2) ▼
Shílfeá go bhfuil an lá ag dubhú = ré dhorcha ann
Nuair a fheicfeas tú an bun sin ag dubhú bí ar do shon féin annsin. Is gearr uait báisteach = ceaird áirid den spéir
+
Tá an spéir ag dubhachan. Tabhair dubhachan air. Chugad an dórtadh!
Tá bun na gaoithe ag dubhachan go mór le tamall. Dheamhan a fhios agam nach dtiocfaidh an chuid eile de'n lá ceáthannach. Déan deabhadh anois go gcrapaidh muid linn!
TUILLEADH (2) ▼
Tá an Sunda Salach ag dubhachan. Tiubharfaidh sé cnáimh le creinneadh dhuinn an ghlaicín fhéir sin a bheith buailte ar a chéile againn shul á thiocfas an dórtadh
Breac-aimsir í. An t-aer ag dubhachan agus na léasáin sin ann gacha le leath-uair. Ní ghabhfainn i mbannaí nach gcaithfeadh sé tuile gan mórán achair
b.
+
Sin í an iarraidh a dhubh mo chroí ar fad: bás Nóra = a chuir duifean air; a bhreódh mo chroí; a scal é agus rl.
Ní raibh sí leath cho mór i m'aghaidh nó gur dheasaigh lucht na mbréag léithe. Dhubhaigh siad sin a croí ar fad i m'aghaidh
TUILLEADH (1) ▼
Dubhóidh an scéal sin a chroí ach a gcluinidh sé é, ach m'anam gur beag sin againn mar gur beag é a thruaighe féin d'aonduine
3.
ag deargadh nó ag curaidheacht.
+
Tá criathrach dubhuithe aige ar chaoi ar bith = a lán móna bainte agus scartha aige air ("tá talamh dubhuithe aige"; curtha, deargtha)
Tá cuid mhaith talmhana dubhuithe (deargtha, curtha) aige le cupla lá
TUILLEADH (10) ▼
Tá sé ag dubhachan thíos annseo. Féachfaidh an bhreaclach sin leis é freisin = ag deargadh
An bhfuil aon-rath ort ag dubhachan (ag cur fhataí). B'fhearr dhuit cupla lá a thabhairt dom le garrdha Ú. Mh. Tá "an craiceann" siúd indon thú a chur ar do mhiotal. Ní ag tabhairt guth oibre ort atá mé chor ar bith, ach go bhfeicfidh mé cé'n gníomh atá ionnad le talamh, nó an bhfuil tú cho maith agus atá do cháil. Chuala mé ag muintir na M. nach raibh cinneadh leat ag dubhachan, agus dheamhan a bhfuil daor-bhasctha dhaom (dhíom) féin
Bhí an garrdha dubhuighthe (dú-aí) againn ach ar tháinic S. G. aniar trathnóna. Ba shin lá oibre: is fhearr é ná píosa talmhana go h-árd. M'anam go raibh agus dubhuighthe glan (ní cur maoilscríobach nó gaedhealach a thug muid air)
Tuairim agus cion lae d'fhear mhaith atá dubhuighthe ann, th'éis go bhfuil seisean seachtain leis. Ach níl aon-bhrigh ins an ngeospailín údaidh, thé (cé) nach raibh aon-chailleadh ag obair air scathamh. Tá sé leathta uirre siúd ar aon-chor
Chugad a gharrdha! Má sheasann láigheannta dhomsa dubhóchaidh mé talamh as seo go dtí lá buidhe Bealtaine seo chugainn le congnamh Dé! Dhá bhfaghainn aire mhaith dhéanfainn é arsa tusa, ach is deacair d'fhataí tura a bheith ag comórtas le togha na feola mar atá sé seo thoir a chaitheamh
Diabhal an féidir go bhfuil an dá chúl sin dubhuighthe aige leis féin le seachtain. Gínn é! Bheadh ciall in a leithide. Is aoibhinn do'n bhean a phósfas é. Ní taobh le min bhuidhe a bhéas sí Lá Fheile San Seáin (beidh sean-fhataí aice)
Dubhuigheann siad congnamh maith de "phíosa" talmhana 'chuile lá aindeoin go ndéanann siad a gcuid freastail féin. Ach is suarach an t-iongnadh é! Bíonn siad amuigh leis an scairt-mhaidin agus ní scuireann siad go mbíonn an dubh ar an oíche. B'fhurasta do 'chuile dhuine dubhachan a dhéanamh dhá dteigheadh sé di cho dubhshlánach sin — as cosa idtaca. Ach fágfaidh siad in a ndiaidh é cho maith leis an té a ghlacfas an saoghal go réidh!
Dar príosta muise ní dhubhóchaidh sé an oiread de'n chraiceann sin de rith agus de léim mar a rinne sé leis an gcoinnleach. Tá an craiceann siúd deacair. Bainfidh sé siar as é
Tá dubhachan mór déanta aige — garrdha na h-A., agus an M., agus is gearr go mbeidh an Bh. Bh. dubhuighthe freisin aige. Thiubharfadh cupla lá eile iarracht mhaith air. Is beag an stró air siúd talamh a dhubhachan. Níl leisce ná drugal air. Tá sé cho sanntach ar an droch-lá agus atá sé ar an lá breagh
D'fhan siad thuas annsin go raibh an cheapach dubhuighthe aca aindeoin go raibh siad dhá gcaidhleadh le sneachta. Dheamhan duine ar na mbaile nach raibh na bonnaidheachaí le splainc aige, agus iadsan i muinín a gcroidhe agus a gcruite ag deargadh talmhana
4.
ag "breacadh" páipéir, nó ag déanamh cuid mhaith scríobhnóireachta.
+
Tá tú ag dubhú páipéir bail ó Dhia ort. Is diabhlaí nach ngráineochthá (nach ngránochthá) den scríbhneóireacht uair eicínt!
Dubhaíonn sé páipéar, bíodh aon-mhaith ann nó ná bíodh = "breacann" sé
TUILLEADH (1) ▼
Tá tú ag dubhachan bail ó Dhia ort = ag scríobhnóireacht
5.
+
Tá na fataí ag dubhachan anois = an dubhachan ag teacht orra; iad ag seargadh leis an dubhachan
Tá na fataí ag dubhú as éadan (leis an dúachan)
TUILLEADH (2) ▼
Ní bhíonn orra ach spoitín beag bídeach — dubh na fríde — idtús bliana. Ní mórán le go dtiúrfá faoi deara chor ar bith é. Ach cairíonn sé amach, agus dubhaíonn siad (fataí) i leabaidh a chéile, agus ní bhíonn siad inithte chor ar bith indeireadh bliana
Tá mé ag ceapadh go bhfuil fataí dubhuithe (/duhī/). Bhí siad dubhuithe (/duhī/) nuair a bhí muid dhá lánú anuiridh: is gearr anois go ndubhaí (/ɴuhī/) siad (go dteaga an dúachan orra)

Féach freisin

Dubh in iontrálacha eile (100+)

 
abair
Deir tú liom ar chinn sé dubh agus dubh orm aon-feaig a fháil istigh ar shlata an bhaile sin indiu! Tá mé scrúdtha!
+
Seo maiste dhuit agus bíodh sé dubh-dhearg agus cró-dhearg shul a síne tú chugam é. Is maith liomsa mo chuid maistí a bheith ceart. (Deirtear rud mar seo amanntaí nuair a thugas duine maiste nó píosa pháipéar len a phíopa a dheargadh do dhuine eile len a lasadh san teine)
TUILLEADH (4) ▼
Fagh ruainne pháipéar dom a bhéas dubh-dhearg agus cró-dhearg nó go ndearga mé mo phíopa
Cuir an píosa páipéar sin san teine, agus bíodh sé dubh-dhearg agus cró-dhearg shul a dtuga tú dhom é … L'aghaidh mo phíopa! 'Deile!
Chuir an gabha an t-iarann san teallach agus ba ghairid go raibh sé dubh-dhearg agus annsin cró-dhearg aige. Thosaigh sé dhá lascadh ar an inneoin annsin agus, marar bhain sé dreas as ní lá go maidin é
Foighid ort! Ní mór dó a bheith cró-dhearg agus níl sé dubh-dhearg féin fós
 
dáil
Brugh indáil leis an teine, agus tabhair goradh dhuit féin. Tá ceart agad a bheith fuar th'éis t'aistear. Phréachfadh an lá indiu na fiadha dhubha
+
dairt
Bhí sé cho maith di anois a dhul ag caitheamh dairteacha leis an ngealaigh le síleachtáil go gcuirfidh sí an oiread de'n dallach-dubh air sin agus go bpósfadh sé í. Ní phósfaidh muise cho uain agus a bhéas grian ag dul deiseall
TUILLEADH (1) ▼
Ní obair atá ar na bóithrí sin chor ar bith. Caitheamh dairteachaí atá innte i gcomórtas oibre. Chonnaic mise fadó an uair a bhí muid ag obair thuas ar an s., dhá dtóigtheá do cheann chor ar bith, gheobhfá bóthar abhaile. Bhí siad dubh-ghéar. Chonnaic mé meitheal ar fad — cho maith le scór fear — dhá mbriseadh in éinfheacht ann aon-lá amháin faoi seasamh ag éisteacht le fear a bhí ag gabhail fhuinn. Ní raibh siad ala an chluig féin in a seasamh, an uair a díbrigheadh abhaile iad
+
Chuir sé an dallach dubh ort. Breagh ar ghéill tú dhó. Nach simplí an mhaise dhuit é feasta choidhchin. Ag tabhairt scilling do shumachán nach raibh aithne ná eolas agad air, ar chunntar go dtiubharfadh sé cigarettes agad. Bhí baoghal air go deimhin. Tá tú réidh le do scilling anois. Caith sneachta ar a lorg = gheall an gasúr dó go raibh a fhios aige féin áit a bhfuighfí tuitíní, agus mheall sé scilling ó'n bhfear
TUILLEADH (11) ▼
Tá sí ag cur dallach dubh ceart air. Teagann seisean sé mhíle bealaigh "ag comhrádh" léithe gacha le oíche agus fear eile in éindigh léithe 'chuile oíche eile de'n tseachtain. Ní cheal muise nar h-innsigheadh dó sáthach minic, cé'n aisiléaracht atá uirre …
Go bhféachaidh Dia ort a dhuine sin! Chuirfeadh sé sin dallach dubh ar Rí na Méaracán, ní hé amháin ortsa. Tá sé glanta leis anois i bpas eicínt siar go ndéanaidh sé nead i gcluais duine eicínt eile. Níor chás duit é chor ar bith ó bhí sé cho saor sin agad: coróin agus punt. Deir siad gur thug fear as M. h-ocht bpunta dhéag dó ar an gcuntar céadna … fuair muis. Tugadh sé buidheachas le Dia nach tuilleadh a thug sé dhó
Bhí S. gróigthe istigh chois an teallaigh agus 'chuile chosamhlacht air go mbadh é a chaladh ar feadh na h-oíche é. Nach diabhaltaí an dallach dubh a chuir an ceann eile air in a dheidh sin, an uair a thosuigh sé ag saghdadh faoi, agus gur eirigh sé agus gur dheisigh sé an sean-bhicycle nacharb fhéidir a dheisiú ar maidin má b'fhíor dó féin. Dheisigh, a mh'anam, agus lasc leis an mbeirt siar ar an T. ag céilidhe
'Séard déarfainnse leat a dhéanamh ar chaoi ar bith má tá do leas ar Dhia, gan an áit sin a thaobhachtáil níos mó. M'fhocal duit go gcuirfí dallach dubh ar an nGaduidhe dubh annsin. Ach oibrigh ort go bhfeicidh tú …
Ara ab é an fear a bhuail dallach dubh ar shagart an pharáiste! Thug an sagart punt dó an uair a chuir sé an béal bocht air fhéin go raibh an bhean agus an chlann i ngéar-chall. D'imigh leis agus d'ól sé é
M'anam muise gur fear é atá ag ritheach ar thanuidheachan. Má bhuaileann sí siúd sciorta de'n dallach dubh air, go mbeidh scéal aige air.
Tá siad ag cur dallach dubh críochnuighthe air síos annseo. Ní beo é go dteighidh sé ann, agus teagann sé abhaile i gcomhnuí len a bholg bréaga. Cuirfidh siad thar bharr a chéille ceart leis an gcumadóireacht é
Bheadh S. sin ar siubhal go gcuirfeadh sé dallach dubh ar Chearrbhach na Súgán. Tá an diabhlánach indon na cártaí a dhathú. Marach go bhfuil, ní bheadh buadh imeartha aige mar atá.
"Níor mhaith liom do bhris" adeirim féin leis. "Chreidim gur buaileadh an dallach dubh ort faoi'n gcruaichín mhóna. Diabhal neart air. 'Sé J. F. an buachaill ag daoine simplí". Spréach sé. Spréachann sé má chásuighthear chor ar bith leis é, ní áirighim a chású leis mar a rinne mise!
Nach len a aghaidh sin atá sí ann. Cé'n mhaith di a bheith in a bean leanna mara bhfuil sí indon an dallach dubh a chur ar dhaoine. Sin é a gceird sin ar fad: thú a choinneál ar stropadh go gcaithidh tú an chianóig dheireadh. Bóthar agus bata a thabhairt duit annsin. Is cóir adubhairt an té adubhairt é: "Agus a liachtaí teach ósta ar ól mé ariamh coróin ann; Agus nach dtiubharfaidís dom lóistín na h-oíche"
Nach air a bhí an dallach dubh a dhul ag pósadh na h-ágóidín sin!
 
dálta
Má tá dalladh feamainne duibh' agaibhse, ní hé a dhálta sin againne annseo é. Ní leasóchadh a bhfuil d'fheamainn dubh againn dhá phíosa fataí agus bíodh muid taobh léithe. Caitheann muid lucht a cheannacht 'chuile bhliain, ach ó fuair muid an churrach, tá na muláin agus na brantraídheachaí dhá fháil (baintear iad)
+
dán
Dhá gcuirtheá leasú ar an ngarrdha dubhrabháin sin thíos le cladach agad, ní raibh sé ar dhánta na talmhana ariamh aon-"swedes" mar bheadh ann. Ach is beag an mhaith an "dearg" (feamainn dearg.) B'fhearr duit daithín feamainn dubh ná ar thug tonn ar thráigh de'n "dearg"
TUILLEADH (2) ▼
Níl indán an rud sin a dhéanamh go n-imighidh an ball dubh de'n fheadóig = go deo
Cloisfidh tú duine ag rádh go bhfuil "indán" ann. Dheamhan "indán" ná "indán." Nachar chuala tú ariamh é: "sháruigh an fhoighid ar an dubh-chinneamhaint"
 
dána
Bhac an póilí é faoin a dhul ann, ach thug sé siúd a dhubhshlán agus chuaidh sé ann. Tá sé dubh-dhána mar sin th'éis nach bhfuil aon-duine faoi thalamh an domhain is lághaighe ná is oibliogáidighe ná é, má tá sé leat
+
danra
Tá an fheamuinn dubh atá againne in áit cho danra agus a chonnaic tú ariamh: thíos ar chúla an characáin. Bealach cho h-aistreánnach é agus atá ins an gcladach ach níor chás duinn é marach cho h-achrannach agus atá an roinn féin: clochair agus clocha gránna ar fad í. Dhá mbeadh crann ní ba mheasa ann, is againn a thuitfeadh sé, ach beidh aithroint ar an gcladach an bhliain seo chugainn le congnamh dé
TUILLEADH (1) ▼
Ní fhaca mé aon-uaigh ariamh ba dan(d)ra le déanamh ná uaigh N. go ndéanaidh dia maith air! Chuaidh muid siar ann ag an deich a chlog ar maidin agus ní raibh muid amach as an roillig go raibh an dubh ar an oíche. Bhí sí an-deacair in uachtar, agus an uair a theann muid síos, bhí leac ann — maistín de leic. Shíl mé go gcinnfeadh sí orainn a cur aníos duth ná dath
 
daol
An gcuimhnigheann tú ar an gcapall mór dubh a bhí ag J. Ch. A leath-cheann sin í. Teagann daolanna innte ar an gcaoi chéadna
 
daor 3
Chuala mé go mb'éigin ceangal na naoi ndaora go daor agus go docharach a chur ar an bhfear dubh seo thuas ins an oíche Dé Domhnaigh. Bhí braon ins an stuaicín aige in áit a raibh sé thiar ag na cleamhnaidhthe, agus ar a theacht aniar dó, ba mhian leis a dhul suas agus píosaí pighne a dhéanamh de lucht an aird. B'éigin glaodhach ar cheathar len a cheannsú … Dar mo choinsias, ar a mhaga sin féin, b'éigin a cheangal. Bhí sé ag strócadh ag iarraidh a dhul suas. 'Ar ndú mo léan dá dteigheadh, gheobhadh sé froisín thuas. Siúd iad na diabhail chéadna nach mórán éisteacht' a bheadh aca leis
+
deacair 1
Cuirim léan agus deacair ar J. F., ar a chuid agus ar a mhaoin. Is iomdha bliain a bhfuil croidhe dubh agamsa ingeall air fhéin agus ar a chuid míonúis (míonóis?)
TUILLEADH (1) ▼
Cuirim léan fada agus deacair air, mar sin é féin a d'fhága an croidhe dubh agamsa, an lá ar bháith sé m'fhear
+
deacair 2
Tá sé dubh-dheacair (sár-dheacair, an-deacair, fíor-dheacair, rí-dheacair, meath-dheacair, roint deacair, buille deacair, réasúnta deacair, sáthach deacair, bun-deacair, deacair go leór, an-deacair de'n tsaoghal, an-deacair go deó agus rl.)
TUILLEADH (1) ▼
Garrdha dubh-dheacair é siúd. Tá bonn cloch ar fad faoi
 
Bhí cion cheithre cléibh fhataí annsin thuas agam arbhú aréir. Níor fhéad mé dhá gclúdú in áit a dtáinig scéala agam go raibh an bhudóig i dtinneas laoigh. Bhí sé amach in am suipéir go raibh an gó (gábh?) sin thart. Ba duibhe an oíche ná an phic, agus bhuail drugal mé a dhul soir ag plé leo an tráth sin d'oíche. Shíl mé dheamhan clóic a bheadh orra. Ní raibh amuigh ach corr-réaltóg agus ní raibh an ghaoth ó thuaidh. Ach mo léan deacrach, rinne sé an sioc deireadh oíche, agus mhill sé iad fré chéile. Níor chás é dhá mbeidís cruínn baileach fhéin, ach bhí siad fágtha in a scaipiúch agam ag ceapadh go sroichinn ar ais. Níl luach leithpighne mhaith anois ionnta ach a gcaitheamh ag an deachma. Is deacair do dhuine aonraic a bheith suas le 'chuile obair. Níl aon-ghoir aige air
 
Ní dhealóchaidh sé as sin nó go ndealuighidh an ball dubh leis an bhfeadóig.
 
deamhan 1
Tá tú réidh le síochán anois ná aon-suíochan a fheiceál ar an domhan. Dheamhan é muis nó go n-imighidh an ball dubh de'n fheadóig
+
déan 1
Bhí a anam cho dubh le gual ceardchan ach má bhí féin, ba chuma sin, rinne sé an aithrighe
TUILLEADH (2) ▼
Ní dhéanfaidh an mhóin dubh sin aon triomach annsin d'fhuireasbhaidh plás ar foghnamh a bheith aice
Rinne a chroidhe gual dubh in a lár
 
Dhá bhfeictheá an "collar" a bhí air agus cho geal agus a bhí sé. Agus bhí dionnóid de rud eicínt dubh mar a bheadh dubhach ann, nó rud eicínt mar sin i bhfus annsin air. Thiubharfá faoi deara é míle ó láthair
 
Ní dhéanfaidh mé suas leis aríst go n-imighidh an ball dubh de'n fheadóig. Marach cho túatach agus a rinne sé féin é, b'fhéidir dhom, ach fanfaidh mé glan air feasta
 
deara
Ná bac le rud ar bith a chur faoi ndeara dhó siúd. Nach bhfuil mo chroidhe dubh aige ag tuineamh leis, ach is aon-mhaith amháin dom é. Tá an tsiléig go smior ins an leiciméara sin
+
dearg 1
Is gearr go mbeidh an taobh dearg den chréafóig len a chraiceann. Tá sé ar an leabhar ag an bhfiach dubh = is gearr gur thíos san talamh (san uaigh) a bhéas sé
TUILLEADH (2) ▼
Nuair is dubh dóibhsean is dearg domsa = nuair a bhíos spéireataí nó triufasaí in a mámhasaí, heairteasaí nó muileataí a bhíos agamsa
Ní mé an dubh nó dearg dom an babhta seo. Dearg a mh'anam! Ní bhfuair mé dath an mháimh le uair an chluig
 
Tá mé ag réabadh dearg-laoigh ar an aimsir seo (ag baint phortaigh dearg-laoch). Má tá féin, is furasta í a mhunláil, ní hé fearacht portach na bliana anuiridh é. Mise i mbannaí gur beag 'e leacógaí a dhéanfas an mhóin seo nuair a chaithfeas tú suas í, ach bhí na portaigh eile dubh-dhomhainn
 
deas 1
Nach deas a deirigh sí leat. Tá mise ag tóraíocht speile le mí, agus chinn sé dubh agus dubh orm aon-cheann a fháil
 
Má fhastuigheann tú é ingreim deasóige agus cor a chur innte ar an bpuinte boise, cuirfidh tú dhá bhuille é. Ach mara mbeidh tú dubh-thráthamhail tá tú as, arae má bhrathann sé go bhfuil tú ag dul in a éadan, cuirfidh sé luighe fiadha ort de dhorna
+
deifir
Bhí dubh-dheifir air
TUILLEADH (1) ▼
Bain deifir as an diabhal d'asal sin, nó beidh sé ina oíche dhubh orainn
 
Ní fhéadfadh sí a bheith ach deirceach fós. Is beag di atá ann. Teigheann sí faoi dubh-luath
 
Ní fheicfidh tú aon-fhata nuadh isteach imbliana nó go gcaithtear Domhnach Chrom Dubh. Chuir an sioc sin faoi Bhealtaine 'un deireadh ar fad iad
 
Bhí sé dubh-dheireannach 'san mbliain len a gcur
 
Tá an iascach caithte idtraipisí le deireannaighe ó a thosuigh an fuadach ar an móin. Roimhe seo ghabhfadh fear suas taca Dhomhnach Chrom Dubh agus bhainfeadh sé dhá shleaghán mhóna l'aghaidh na teine. Thriomóchadh anna na Féile Míchil dó í. Dheamhan buille a ghnídís i gcaitheamh an tsamhraidh ach mathshluagh aca thíos ar 'chuile charraig annsin thíos ag iascach. Is deacair fear a fheiceál anois ann
+
deis
Is gránna í a dheis: ag imeacht ag éisteacht i ndoirse dúinte le faitíos a dtiocfadh scéal ar bith uaidh. Dhá mbeirtí air, 'séard a bhí le déanamh leis a bheith dhá lascadh go dtugtaí dath dubh air. Ro-mhaith a bheadh sé aige
TUILLEADH (2) ▼
Ní mó ná dá mbeadh sé ar mo dheis ceart anois go ngabhfainn do mo mheárú féin ag biorrú claidheachaí. Tiocfaidh na claidheachaí leis an gcaoi atá orra, nó go bhfaghaidh na daoine ionbhadh maith ar a dhul in a n-éadan. Seo í an mhí dhubh ar aon-chor, agus níl mórán bearradh le baint ag aon-cheo de'n talamh
Bhí dubh-theas ann indiu ar dheis na gréine. B'éigin dom féin agus do T. Mh. a dhul ar scáth na sceiche thuas ag an mboithrín treasna
+
deoir
Tháinig sé amach ó'n misinéara agus deoir aithrighe leis. Ach tá faitíos orm nach seasfaidh an aithrighe i bhfad, ach a bhfeicidh sé aon-deoir de'n fhear dhubh (an leann dubh)
TUILLEADH (4) ▼
Tá na deora dubha ag toidheacht ar na fataí = na chéad-spotaí dubha a theagas ar dhasachaí fataí sul a gcairthigheann an dubhachan (Achréidh)
Is gearr ó na fataí anois. Tá na deora dubha ar fáil. Dar príosta is maith luath atá sé ag toidheacht imbliana le h-ais blianta eile
An bhfuil aon-chuimne ugad (agad) a dhul ag "sprayáil". Tá na deora dubha ar mo chuid-se le cupla lá. Ba deocair dóib gan a bheith ar aon-nós. Nach bhfuil an uair in a moirt uilig.
Tapuigh na deora dubha má's leat fataí a bheith agad. Is mór an cam-srón-birín ar dhuine a dhul thar ghort agus a bhfeiscint isteach uaidh. Mo choinsias 's dar m'anam, chuir siad le gaoth na gcnoc mé annsin thuas ar maidin indé
+
dia 1
Dia agus Muire linn! Tá 'chuile shórt ceart ach rud de'n tsórt sin: duine a dhul ag déanamh dubh-ní ar fhéin
TUILLEADH (1) ▼
An bhfaca tú an chuaisce dhubh a bhí san "show" annsin thoir an bhliain cheana? Í siúd a mbíodh an roth cairr in a drad aice. Bhí sí cho dubh leis an sméir. Is iomdha duine ag Dia ina dheidh sin
+
diaidh
Sásuigh thú féin go maith anois agus ná bí in aithmhéala aríst. Má ghníonn tú an pósadh uair amháin, níl aon-scaoileadh indán duit mara scaoilidh an bás thú, 'sábhálaidh Dia sinn. Mar sin, breathnuigh romhat go maith. Deir siad gur fearr breathnú amháin romhat ná dhá bhreathnú in do dhiaidh, agus go dtugann an duine dona dubh-léim. Má cheapann tú nach bhfeileann an bhean duit, fág 'do dhiaidh í. Sin é a bhfuil in a thimcheall
TUILLEADH (4) ▼
Ní fhaca mé aon-duine de na Loideáin chéadna ariamh nach mbeadh an criotán sin ina dhiaidh. Bhí sé in a lionnán (leannán) ag Micil, agus ní fhaca tú Peait aon-lá ins an mbliain — an lá a mbeadh an fiach dubh ag cur a theanga amach cho maith le chuile lá eile — bheadh slócht air
Ná cuirigidh an iomarca araoid air. Tá sé dubh-stuacach. Dheamhan a fhios agaibh nach imeacht indiaidh a chinn roimhe a dhéanfadh sé. Dhéanfadh ar an toirt, dhá gcaitheadh sé in a cheann é. Is air nach mbeadh an mhoill
Tá sé thíos annsiúd ag cur deatach amach as an sean-dúda indiaidh a leicinn, agus ag innseacht faoi "bhliain annseo a raibh garrdha an tS. curtha agam, agus nach raibh aon-fhata ann ní ba mhó na cubharláin lá Fhéile San Seáin, agus go raibh siad cho mór le turnapaí Domhnach Chrom Dubh." Má tá an scéal sin cloiste agam uair, tá sé cloiste agam míle uair
Chuir mé aoileach agus leasú siopa agus feamainn dubh orra: dalladh dhaob (dhíob). Bhí sé sean-leasuighthe agam freisin. Ina dheidh sin agus uiliog, ní raibh aon-fhata air. Cé'n chiall sin? Níl a fhios agam ó Dhia anuas. Gan an bhliain a theacht cóireamhail nó caoi eicínt
 
dian
Tá an gála seo dubh-dhéan ar an arbhar. Scuirfidh sé uiliog é
 
Is ridire caorach é, ach tá sé cínnte dubh agus dubh air aon-bhean a fháil in a dheidh sin. Níl aon-tsaint ag bean ar bith a dhul amach ar thamhnóig cho h-aistreánnach, cho díbeartha leis an áit siúd. Cé'n bhrigh dhá mbeadh cupla teach ann, ach níl teach ná árus níos goire dhó ná F., agus tá sin cheithre mhíle uaidh, má tá sé taobh leis. Cá'il an bhean a bhuailfeadh faoi áit de'n tsórt sin. Bhí an saoghal ann agus dhéanfadh, ach ní anois é
+
díle 1
Fadó, an uair a chuaidh an Díle thar an Domhan, níor tháinic as ach Noa, a bhean, a thriúr mac, a thriúr inghean agus a gcuid fear. Chuaidh siad isteach ins an Áirc agus sin é a thug beo iad. An uair a shíl Noa go mba cheart do'n tuile a bheith traoithte, chuir sé amach an fiach dubh le scéala a thabhairt isteach aige. Níor tháinig an fiach ar ais len a scéal féin ná le scéal aon-duine eile. D'fhan sé imbun an chasam air. Sin é teachtaire an fhiadha ó'n Áirc agad
TUILLEADH (4) ▼
Caithfidh sé díle bháistighe anocht. D'aithneochainn ar an spéir é. 'Bhfeiceann tú na gadhair dhubha sin thiar as cionn Árann?
Mura gcuiridh sib bealadh faoin u (bhur) n-ioscadaí anois, beidh sé in a Dhíle oraibh shul dhá bhéas sib ins an mbaile. Tá sí ag tolgadh annsin ó dheas. Má bhriseann an meall dubh sin gheobhaidh sib tuairt.
Tá an Díle fola dhá dórtadh anois. Deir bean J. liom go bhfuil caor-theinte cogaidh anois ann. Tá na Sasanaigh ag dul isteach dubh na frighde ar an nGearmáin, ach tá sé ag dul go snaoidhm an rópa leo in a dheidh sin; agus níl léigheamh ná innseacht scéil ar gach agus a bhfuil dá mharbhú orra (Samhain 1944)
Chonnaic mise saoghal a raibh an díle poitín annseo. Ní bheadh ort ach a dhul isteach i dteach ósta ar bith agus is túisce a leagfaí gloine fuisce ná gloine phórtair chugad. A Rí an bhFeart, nach hé an saoghal a d'imigh! Agus gan dubh na h-iongan de anois ins an tír
 
Fhobair díobháil a bheith déanta aige, marach cho h-éascaidh agus a tapuigheadh é. Tháinic dúrúch air ar fud an aonaigh. Tarbh dubh-láidir é, ach bhí fir annsiúd a cheansóchadh é, go leigidh Dia slán iad
 
Sin í a cheird sin ó dhubh go dubh ag diucaireacht ar chúla claidheachaí 'bhfeicidh sé cé a bhéas ag dul thart, gan é féin a thabhairt le teasbánadh
+
Is beag an díogarnach lae atá ann anois, ó a theigheas an bus thart. 'Sé'n áit ar scoth sé muid an oíche faoi dheire ag ceann i bhfus na D. M., agus bhí sé in a n-oíche dhubh orainn ins an mbaile, th'éis nach rinne (ndearna) muid filleadh ná feacadh ach a theacht díreach. Is furasta cur ag an lá an tráth seo 'bhliadhain. Faoi cheann míosa eile — 'seadh agus cuid is lugha ná sin — beidh sé in a oíche ar an mbus ag an S.
TUILLEADH (1) ▼
Cut! Ní mharbhóchadh súiste Oscair cut! Chonnaic mise cut dubh a bhí thíos againn féin cheana. Bhí sé ag marbhú éanacha. Dubhairt mo mháthair go ndéanaidh Dia grásta uirre é a chur faoi phota, ach d'árduigh muid féin linn soir é ar an réidhteach i nGarrdha an Bh. Chraipligh muid idtosach é i riocht agus nach bhféadfadh sé imeacht. Shaghd muid na mádraí annsin ann agus chaith siad uair dhá strachailt. Diabhal marbhú! Chuaidh muid féin annsin ag caitheamh leis — gruadháin mhóra mhillteacha — nó go raibh muid sáruighthe. Diabhal marbhú. D'áitigh orainn annsin dhá chiceáil mar bheadh "football" ann, ach diabhal marbhú. Ní fhaca mé aon-rud beo ariamh a fuair an oiread spídeamhlacht' leis, agus indiaidh an méid sin ar fad bhí díogarnach anála ann. Dhá mbeadh aon-chiall againn 'sé a bháthadh a dheanfadh muid nó a chur faoi'n bpota, ach cá'r fhága tú an óige agus a chuid díocais. An bhfuil a fhios agad céard a rinne muid leis as a dheire: cupla feac láighe a fháil agus a bheith ag gabhailt air, nó nach raibh smeámh ann. Is minic a chuimnigh mé air ó shoin, agus a chuaidh sé thríom. Ní raibh scruball ar bith ionnainn agus an chaoi siúd a chur air
 
Má's isteach annsin atá sé ag dul faoi dheire thiar, dar fiadh tá sé ag dul ag greamú do'n díogha ceart. Dá mbeadh sórt meas ar bith aige air fhéin, ní thaobhóchadh sé iad sin — cineál na bhfaochan agus na ngliomaigh. Nach diabhaltaí mór an dallach dubh a bhíos ar dhaoine thar a chéile. B'fhurasta dhó sin a dhíol de bhean a fháil in a rogha áit ins an tír, thar agus a dhul go dtí an staiceallach mí-chuíbheamhail sin … Ní mise atá dhá rádh léithe. 'Sé ráidhte 'chuile dhuine é
+
díol 2
"Naonbhar naoi n-uaire díol mná ruaidhe d'fhear; dháréag de na fir is fhearr díol mná duibhe; Agus aghaidh an tsluaigh ar an mbean bhán".
TUILLEADH (2) ▼
"Ní díol truaighe thú choidhchin go mbuailtear ort cuigeallach mná; A dhéanfas gual dubh [naoi] n-uaire de do chroidhe in a lár" (An Draighneán Donn)
Chuaidh sé ag déanamh ballséire orm-sa oíche annseo, a ndeacha sé thart deireannach. Bhí sean-asal dubh agam an uair sin agus é thiar annsin thiar ingarrdha an bhóthair. Bhí sean-asal eile ag J. Th. ins an ngarrdha ó thuaidh. Sheol sé anuas é agus isteach in mo gharrdha-sa agus deir tú le céard a rinne sé, ach driobaill an dá asal a cheangal dhá chéile le píosa róipín. Marach gur eirigh lena h-asail a bheith an-tsean agus an-tsocair, diabhal mé go mbeadh an dá dhrioball tarraingthe amach ó'n dúid aca as a chéile ar maidin, mar chuir sé an ceangal cráidhte orra. D'fhan mar sin go ceann seachtaine agus siar liom féin oíche agus níor chomhnuigh mé ariamh gur thug mé a chapall amach glan as an ngarrdha, agus as go bráth liom gur fhága mé thuas in éindigh le na caiple féaraigh ar chuid M. Ph. í. Rug mé ar bhromach réidh go leor, agus as go bráth liom anuas aríst gur fhága mé istigh thiar ins an ngarrdha aige [é], an áit a raibh an capall. "Bailigheadh leat" anois arsa mise. Bhí cupla uair lae ann, feadh agus mé a bheith ins an mbaile. Ba é déanamh an mhagaidh díol an mhagaidh an mhaidin sin ar chaoi ar bith
 
Deir siad go mbadh an-díolaidhe é an t-Athair M. ach nach raibh rath ná rígheacht ar an Athair D. Bhíodh S. Ph. Th. ag imeacht ag carraeracht aige — ag an Athair D. — ag tabhairt mhóna agus phlúir agus 'chuile shórt dhá dteastuigheadh uaidh chuige. Bhí dubh-phlód beithidheach aige agus bheathuigheadh sé thar cionn iad le bran, agus min mhór, agus cácaí. Idir 'chaon tsórt bhíodh S. Ph. Th. ar bóthar 'chuile lá, nó ionann agus é. Meastú 'chuile uair a dteastuigheadh a pháighe uaidh nach gcaithfeadh sé a dhul agus a mheabhrú do'n tsagart, agus annsin féin, b'fhéidir go gcaithfeadh sé an cleas sin a dhéanamh faoi dhó agus trí h-uaire, shul a gheobhadh sé aon-phighinn. Ba deacair leis an Athair D. scaradh le tada. Níorbh fhéidir díolaidheacht a bhaint as
 
Cuirim faoi dhraoidheacht agus faoi mhór-dhiomdha na bliana thú gan an dárna béilí a ithe ar aon-bhord ná an dárna h-oíche a chodladh ar aon-leabaidh go bhfagha tú amach domsa cé'n fáth nach ndearna Ridire an Gháire Dhuibh aon-gháire le seacht mbliana ( … go dtugaidh tú chugam an Each Chaol Donn, an Claidheamh Soluis agus rl.) = gnáth-sheoruidhe i sean-scéalta le tuairisc a thabhairt ar chur na ngeasa
+
Orainne a tháinig sé ag roint idtosach. Thug sé dhá mhuigín an duine dhuinn. Nuair a shroich sé siar cho fada leis an mbroscán a bhí ins an iothlainn, ní raibh aon-chosamhlacht ar mhórán eile a theacht, agus bhí sé ar phuintí an trí an uair sin. Thaosc sé amach an pórtar aca sin. Ach bhí an bóithrín aníos dubh le daoine ag leath-uair th'éis an trí agus ag an ceathair, agus gan faice le fáil aca, mar rinne sé plaicín ghabhair dó (de) ins an iothlainn. Maidir linne, ní bhfuair muid ach an dá mhuigín. Ní raibh muid buidheach ná diomdhach: sin é an chaoi len a rádh. Ní bhíonn an chéad-fhear buidheach ná diomdhach arsa tusa (Ól dhá roint ag sochraide)
TUILLEADH (1) ▼
An obair a bhí agamsa i Sasana, ní raibh mé buidheach ná diomdhach di. Bhí togha na páighe agam, ach bhí na h-uaireanntaí dubh-fhada — naoi n-uaire déag, agus fiche uair ins an ló, scaithtí. Bheitheá tugtha aice ins an rith fada
 
Ní bhainfidh tú mórán feamainne duibhe is na bráideannaí sin ar dhí thráigh meath-rabharta. Níor bhfuláir duit rabharta mór féin le aon-fhoghail a dhéanamh ann
 
Sean-bhádóir a bhí ann, agus feasóig mhór dhubh air, agus báirnigh agus diúirlinneachaí ag fás air!
 
diúl
Do dhúshlán teirigh ag diúl a mailí sin! Tá sí dubh-oilbhéasach
+
Dhá ndiúltaigheadh sé an bhrothtuinn bhradach sin, b'fhéidir dó bun a dhéanamh fós, ach ní dhiúltóchaidh ná níl cuímne ar bith féin aige air. Tá an oiread de'n dallach dubh aca siúd air, agus nach mbíonn iabh ná forus air, mara mbeidh sé in a mbuil. Bíonn buadhannaidheacht eicínt ag cuid de na daoine le go mbíonn siad indon daoine eile a mhealladh mar sin
TUILLEADH (2) ▼
Bhí an lá ag diúltú dhá sholus indiu an uair a chuaidh an bus thart. Ach chreidim gur suarach an t-iongnadh sin agus muid ar ghearrógaí dubha na Nodlag. Ba mhór ab fhiú é dhá mbeadh an lá casta féin. Dheamhan a n-aireochadh duine síneadh ag teacht air aríst
Mara bhfuil lampa agad níl aon-ghna amach anois agad. Beidh an oíche cho dubh leis an bpúca gan mórán achair. Tá an ghealach ag diúltú dhá solus. Níl ann ach sceallóigín gealaighe fós, agus is gearr go dteighidh sí faoi. Déanfaidh sí fíor-dhroch-oíche freisin …
+
dlúth 1
"In a aige — in a throisleáin — a bhíos an snáth th'éis an crann deilbh a fhágáil. In a cheirtlíní a bhíos an t-inneach. Chuirfeadh an figheadóir an aige 'san seol agus thosóchadh sé ag caitheamh an innigh air, nó go mbeadh na ceirtlíní ídighthe. Mara mbeadh a dhóthain innigh ag an bhfigheadóir, bheadh easnamh (/æsɴə/) ort, agus chaithfeá tuilleadh a fháil, hébrí cá bhfuightheá é. É a thógáil ó bhean eicínt … Inneach bán a chaitheamh ar dhlúth dubh sin é an ceann asna. Dhá mbeadh dlúth agus inneach bán ann, sin é an flainín bán — ábhar drárannaí agus báiníní agus pluideannaí. Bíonn an t-inneach agus an dlúth dubh le dhá ghlas chaorach. Nó d'fhéadfá olann daithte a chur ar bhán, l'aghaidh treabhsair agus bheist. Daithtear an dlúth agus an t-inneach l'aghaidh seaicéid nó chasógaí. Chuiridís láib ar an dath leis an mbréidín dhubh a bhíos 'sna seaicéid thíre a dhathú. Dhá ndaithteá inneach le scraith chloch, agus oiread na fríde glas chaorach a chaith thríd an dlúth, dhéanfadh sé éadach breagh. Rinne mo mháthair culaith dhó dhom annseo uair. Bhainfeadh sé an solas as do shúile. Ní raibh aon-bhean óg 'sa tír nach in mo dhiaidh a bhí nó go raibh sí caithte! Ach caitheadh in aer an obair sin. Níl triúr ban istigh in do thír indiu atá indon olann a dhathú. Níl a fhios aca céard a bhaineas dó" (Sliocht as cuntas faoi éadach ó Mháirtín Ó Chadhain, Cnocán Glas, Spidéal)
TUILLEADH (1) ▼
"Éadach measctha: sin dubh agus bán ar a chéile. Inneach bán agus dlúth dubh" (As cuntas faoi éadach ó m'athair)
 
do 1
Nuair is dubh dóibsean (do na mámhasaí) is dearg domsa = drámhasaí a bhíodh i gcomhnaí ag an gcearrbhach seo
+
do- 2
Sin é an chaoi a mbíonn an duine do-chomhairleach igcomhnaí. Ní bheidh sé sásta mara dtugaidh sé an dubh-léim.
TUILLEADH (1) ▼
Is "bicycle" an-do-thiomáilte é seo. Tá sé dubh-throm