Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

dubhaíonn (3)

+
dubh 3
Dubhaíonn siad cúnamh maith de phíosa talúna chuile lá, ainneoin go ndéanann siad a gcuid freastail féin. Ach is suarach an t-ionadh é! Bíonn siad amuigh leis an scairtmhaidin agus ní scoireann siad go mbíonn an dubh ar an oíche. B'fhurasta do chuile dhuine dúchan a dhéanamh dhá dtéadh sé di chomh dúshlánach sin — as cosa i dtaca. Ach fágfaidh siad ina ndiaidh é chomh maith leis an té a ghlacfas an saol go réidh!
TUILLEADH (2) ▼
Dubhaíonn sé páipéar, bíodh aon mhaith ann nó ná bíodh — breacann sé
Ní bhíonn orthu ach spoitín beag bídeach — dubh na fríde — i dtús bliana. Ní mórán le go dtabharfá faoi deara chor ar bith é. Ach caithríonn sé amach agus dubhaíonn siad (fataí) i leaba a chéile, agus ní bhíonn siad inite chor ar bith i ndeireadh bliana