Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

dhubh (49)

 
deifir
Bain deifir as an diabhal d'asal sin, nó beidh sé ina oíche dhubh orainn
+
deis
Nach dona an deis a chuir an bromaire sin thoir ar a shaol. Féacha anois é, agus gan a dhubh ná a dhath aige ach ag rómhar sa bpóicín siúd ó thuaidh den teach. Scread chasta air nach n-imeodh go Sasana nó in áit eicínt agus gan a bheith ag loiceadóireacht ansiúd, ag cur goirín ar chroí an athar chuile uair dhá mbreathnaíonn sé air agus ar chaill sé leis
TUILLEADH (1) ▼
Ní mó ná dá mbeadh sé ar mo dheis ceart anois go ngabhfainn do mo mhearú féin ag biorú claíochaí. Tiocfaidh na claíochaí leis an gcaoi atá orthu, nó go bhfaighe na daoine ionú maith ar a dhul ina n-éadan. Seo í an mhí dhubh ar aon chor, agus níl mórán bearradh le baint ag aon cheo den talamh
 
deoir
Tháinig sé amach ón misinéara agus deoir aithrí leis. Ach tá faitíos orm nach seasfaidh an aithrí i bhfad, ach a bhfeice sé aon deoir den fhear dhubh (an leann dubh)
 
Creid mé anois nó na creid, bhuailfinn síos anois agus shuífinn thíos ar Bh. na T. ó oíche go maidin agus gan deoraí an bhéil bheo níos gaire dhom ná seo, agus ní bheadh aon scáth orm. Ní bheadh — a dhubh ná a dhath. Cé mar gheall air. Nach bhfuil Dia thíos ansin chomh maith agus atá sé anseo. Nó an síleann tusa nach bhfuil
 
dia 1
An bhfaca tú an chuairsce dhubh a bhí sa show ansin thoir an bhliain cheana? Í siúd a mbíodh an roth cairr ina drad aici. Bhí sí chomh dubh leis an sméir. Is iomaí duine ag Dia ina dhiaidh sin
 
Sin í a cheird sin ó dhubh go dubh, ag diocaireacht ar chúla claíochaí go bhfeice sé cé a bheas ag dul thart, gan é féin a thabhairt le taispeánadh
 
Is beag an díogarnach lae atá ann anois ó théas an bus thart. 'Sé an áit ar scoith sé muid an oíche faoi dheireadh ag ceann abhus na D. M., agus bhí sé ina oíche dhubh orainn sa mbaile, théis nach rinne (ndearna) muid filleadh ná feacadh ach a theacht díreach. Is furasta cur ag an lá an tráth seo bhliain. Faoi cheann míosa eile — sea agus cuid is lú ná sin — beidh sé ina oíche ar an mbus ag an S.
 
Murach a dhaoireacht agus atá chuile rud, b'fhurasta do dhaoine a bheith ina ndíolaithe maithe, ach tá chuile shórt anois ar a dhaoirse ach an rud a bheas tú a dhíol. Níl a dhubh ná a dhath air sin
 
Seanbhádóir a bhí ann, agus féasóig mhór dhubh air, agus bairnigh agus diúirlinneachaí ag fás air!
 
dlúth 1
"Ina uige — ina throisleáin — a bhíos an snáth théis an crann deilbh a fhágáil. Ina cheirtlíní a bhíos an t-inneach. Chuirfeadh an fíodóir an uige sa seol agus thosódh sé ag caitheamh an innigh air, nó go mbeadh na ceirtlíní ídithe. Mura mbeadh a dhóthain innigh ag an bhfíodóir, bheadh easnamh (/æsɴə/) ort, agus chaithfeá tuilleadh a fháil, hé brí cá bhfaightheá é. É a thógáil ó bhean eicínt … Inneach bán a chaitheamh ar dhlúth dubh, sin é an ceann easna. Dhá mbeadh dlúth agus inneach bán ann, sin é an flainín bán — ábhar drárannaí agus báiníní agus pluideannaí. Bíonn an t-inneach agus an dlúth dubh le dhá ghlas chaorach. Nó d'fhéadfá olann daite a chur ar bhán, le aghaidh treabhsair agus bheist. Daitear an dlúth agus an t-inneach le aghaidh seaicéid nó chasógaí. Chuiridís láib ar an dath leis an mbréidín dhubh a bhíos sna seaicéid thíre a dhathú. Dhá ndaiteá inneach le scraith chloch, agus oiread na fríde glas chaorach a chaitheamh thríd an dlúth, dhéanfadh sé éadach breá. Rinne mo mháthair culaith dhó dhom anseo uair. Bhainfeadh sé an solas as do shúile. Ní raibh aon bhean óg sa tír nach in mo dhiaidh a bhí nó go raibh sí caite! Ach caitheadh in aer an obair sin. Níl triúr ban istigh in do thír inniu atá in ann olann a dhathú. Níl a fhios acu céard a bhaineas dó" (Sliocht as cuntas faoi éadach ó Mháirtín Ó Cadhain, Cnocán Glas, Spidéal)
 
dorcha
Prochóig dhubh dhorcha de theach atá aige. Níor léir dhuit do láimh ann i lár an lae ghléigil. Níor léir sin
 
draoib
Baineadh truisle as agus síneadh sa lochán é — lochán den draoib dhubh sin. Níor fágadh oiread agus puintín bioráin ó mhullach a chinn go bonn a choise nach raibh ina bhogeimhin
 
Is mise a bhí drithleach an t-am a raibh an chóisir bhainseachaí anseo ar an mbaile againn. D'ól mé ionlaos phocaide. Ní le linn na mbainseachaí féin is mó a d'ól mé é, ach bhíodh searrachaí beaga eile ann nuair a bhíodh na ráigeannaí móra thart. An lá théis bhainis T. Sh. chaith mé féin agus é féin agus M. B. an lá thuas sa teach aige ag críochnú an tsearróigín a d'fhan d'fhuílleach ón oíche roimhe sin. Chuaigh mé síos tráthnóna deireanach le gráinne tobac a fháil. Bhí sé ina oíche dhubh orm ag Airdín an Fh. Diabhal mé gur thosaigh na claíochaí ag teacht amach romham ar an mbóthar, agus go raibh chuile shonda dhá raibh mé a fheiceáil ag baint geit asam. Tabhair fear drithleach orm! Bhí mé tuilleadh agus mí shula bhí mé agam féin ceart
 
Shílfeá nach mbeadh breith aige ó inniu go dtí amárach go dtéadh sé ann. Ag strócántacht chuile lá ag iarraidh imeacht nuair a chonaic sé na gearrbhodaigh eile ar fad ag dealú leo. Sin é a raibh ag cur síos leis — Sasana. D'imigh sé faoi dheireadh ar na drochóirí dhó féin. Ní raibh sé leathbhliain imithe — an duine bocht — nuair a maraíodh é … i gCoventry an t-am a raibh na haeroplanes ag caitheamh anuas. Níor frítheadh a dhubh ná a dhath ná a thuairisc ariamh. Buaileadh an shelter. Ní raibh mac an aoin bheo istigh ann nár cniogadh. Níor frítheadh a gcnámha féin.
+
dubh 1
Oíche dhubh í
TUILLEADH (7) ▼
Prochóg dhubh (dhorcha) de theach é — gan aon tsolas ann; é an-phlúchta
Caora dhubh (bó dhubh, fear dubh, bean dhubh, bréidín dubh, fiach dubh, olann dhubh, éadach dubh, bróga dubha, móin dhubh, feamainn dubh, arán dubh, an fiabhras dubh, srl.)
Bíonn go leor giorriachaí sa gcíb dhubh sin — cineál cíbe ar eascaíochaí boga agus dath dubh uirthi
An Charraig Dhubh, Poll na Carraige Duibhe (áiteacha sa gcladach. Tá feamainn dubh ar an gcarraig)
Tháinig cois dhubh isteach (leasainm)
Cá raibh tú a chois dhubh (leasainm an pháiste a mbeadh cosa salacha air)
Seo í an mhí dhubh den bhliain — céad mhí na bliana; an dubhluachair
+
dubh 2
Ní theagann a dhubh ná a dhath scaití — ní theagann mámh ar bith sa roinnt: bíonn an clár imeartha feidheartha
TUILLEADH (17) ▼
Ní dhearna sé a dhubh ná a dhath (nó ní dhearna sé a dhath báistí fc. dath) báistí le trí seachtainí go Satharn seo (gha)bh thart. Tá chuile shórt spalptha críochnaithe anois
Níor ghlaoigh sé a dhubh ná a dhath ach a dhul amach aríst mar a tháinig sé isteach théis a phionta a ól. Sin é an méid
Níor dhúirt sé a dhubh ná a dhath ach suí síos ansiúd mar a bheadh dummy ann i gcaitheamh na hoíche
A dhubh ná a dhath féin níor thug sé dhom. Dheamhan a dheatach! Ná bac le gortach! Siúd é atá gortach!
A dhubh ná a dhath níl ar a aire ach ina shuí ansiúd ar feadh an lae, ag ordú do chuile dhuine eile céard a dhéanfas sé. Is maith uaidh geábh nathaíochta a dhéanamh freisin má bhuaileann duine isteach aige
A dhubh ná a dhath pórtair níl faoi chaolachaí an tí anois. D'ól an S. grúdarlach an bhairille ar baillín. Na diabhlánaí de lorries sin, ní thabharfaidh siad amach as Gaillimh é nó go bhfeile sé dóibh fhéin, agus théis go bhfuil sé thíos ag an station lenar n-aghaidh, ní bhfaigheadh an carr s'againn féin é. Anois nach groí an scéal é
Ní raibh a dhubh ná a dhath maitheasa ar a chuid muc thar mo chuidse, ach rinne sé a chríonnacht agus a ndíol de léim ar maidin. Sheas mise ó na ceannaitheoirí agus bhí a shliocht orm: dá liginn uaim ar an gcéad tairiscint iad, bhí agam. Ní dheachaigh mé fhoisceacht punt dó uaidh sin amach
Níl a dhubh ná a dhath aoise agam air. Diabhal an lá. Chonaic mise é chuile lá ó tháinig mé féin in oirbhirt agus é sa múnla céanna a bhfuil sé inniu ann
Níl a dhubh ná a dhath maitheasa sa seanchlog sin. Nach in é stoptha chuile ré solais é!
Cuirfidh mise do rogha geall leatsa nach bhfuil a dhubh ná a dhath airde aige ort. Tomhaisidh sibh fhéin anois go bhfeice muid
Níl a dhubh ná a dhath ná a thuairisc in aon áit. Tá faitíos orm go bhfuil sé ar iarraidh. Is minic le rud a bheith ar iarraidh sa teach seo
Ní fhaca mé a dhubh ná a dhath ná a thuairisc in aon áit. Caithfear a chur sna gaiseití (gazettí)
'Má theagann do dhubh ná do dhath ná do thuairisc isteach ar an mbaile seo aríst, adeirim féin, 'maróidh mé ar áit na mbonn thú.' Agus m'anam nach dtáinig — má theagann tú
Má fhaigheann sé siúd ligean ar an gcáca, ní bheidh a dhubh ná a dhath ná a thuairisc agaibh má tá sibh ag súil le strainséaraí. Nach bhfuil a fhios agaibh nach sú salúin i mbéal bulláin aige siúd bríce aráin agus an colla[...] atá air
Thit an bomb agus a dhubh ná a dhath ná a thuairisc níor fríodh ariamh. Nach bhfuil a fhios agat nár fágadh mion mullóg den duine bocht i a ndiaidh chéile
Bíonn sé ag obair ó dhubh go dubh; ó dhubh na maidne go dubh na hoíche — ó réalt go réalt
Ní ligeann sé scíth ó dhubh go dubh ach ar a tháirm i gcónaí
+
dubh 3
Céard a dhubh do léine? Tá a fhios ag mo chroí dhá bhfaighteá léine ghlan chuile lá go mbeadh sí dubh aríst tráthnóna
TUILLEADH (3) ▼
Dhubh na sceacha (shearg siad, tháinig dath críon dóite orthu) arú anuraidh ach i mbliana siad na barrannaí atá ag dúchan. Ní fhaca mé sioc mar é ariamh cheana faoi Bhealtaine
Dhubh (dhubhaigh) an spéir uileag thiar aduaidh.
Sin í an iarraidh a dhubh mo chroí ar fad: bás Nóra — a chuir duifean air; a bhreoigh mo chroí; a scall é srl.
+
Dúrabhán dubh é in íochtar agus in uachtar. Talamh tirim créafóg dhubh. Dúrabhán tirim an talamh is fhearr
TUILLEADH (1) ▼
An bhfeiceann tú garraí Dh. Fh. sin thuas agamsa. Sin ithir dhúrabháin: ithir dheas bhog agus í leasaithe go maith. Créafóg dhubh í. Ní dúrabhán é garraí Dh. Fh. s'agaibhse: cloch bheag é. Tá sé doleasaithe thar mo gharraísa. Tá agus an-doleasaithe, agus níl an tabhairt ann ar aon chor
 
Dúshlán feara Éireann locht a fháil ar an teach sin anois. Tá sé ar deil. Níl a dhubh ná a dhath thuas ar a chorp nach mé féin a dhein (déan)
 
Ní bheadh ann ach diomalú dhom a dhul ar bhiorú claíochaí anois. Seo í an mhí dhubh, agus níl solamar ar bith ag beithíoch a ghabhfas i mbradaíl. Fágfaidh mé mar sin iad go dtí tús féir