Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
drochóirí
ainmfhocal iolra is cosúil. Níl a fhios céard is uatha ná is inscne dó
 drochthráth; an tráth contráilte; tráth na geise nó na teire; tráth na tubaiste, an droch-chor, an mhí-ádh; míthráthúlacht; antráth.
·
"Tráthnóna Dé Céadaoin ar na drochóirí dóibhsean; Tháinig fear ceoil ar an mbaile" (amhrán — Creathnach Sheáin Boirne) — sa tráth contráilte dóibhsean; i dtráth an chat mara dóibhsean; níorbh fhearrde iadsan go dtáinig sé, arae ba tuar mí-áidh agus mísce dóibhsean a theacht, agus go háirid an tráth a dtáinig sé
"Chuir sí fios ar bhean feasa ar na drochóirí di féin" (líne as amhrán — Máirín Deas Bhéal Toinne) — chuir sí fios ar bhean feasa agus ba tuar léin di sin, agus san am ar chuir sí fios uirthi go háirid
+
Tháinig sé ar na drochóirí dhó fhéin — an t-am ba mheasa dhó a theacht. Bhí drochthuairt faoina chomhair
Rinne sé é ar na drochóirí dó féin, agus bhí a shliocht air: ní fhaca sé aon lá den ádh uaidh sin amach. Bhí saibhreas na saibhreas aige an uair sin. Ba leis B. Bh., F., G. agus áiteacha thartu. Bhí dath gach bó ar shliabh aige, ach tháinig an díleá ar fad ar a chuid. Leáigh a raibh aige — deis beithígh agus eile — anuas ina ghlae ghlas. Sa bpoorhouse a fuair sé bás. Is deacair a rá nach olc an rud a dhul in aghaidh comhairle mhaithe
TUILLEADH (10) ▼
Bhí sruth is gaoth leis sa L. agus é ina shuí go te. Bhí dhá ghabháltas talúna aige agus an saol ag féithiú leis. Níl aon aonach beo nach mbíodh deich nó dó dhéag de bheithígh sheasca aige ar an aonach sin thoir. Ach tháinig uabhar air. Dhíol sé teach agus talamh agus a raibh ann, agus síos leis ar shlata na G. ar na drochóirí dhó féin. Céard atá dhá bharr aige inniu. Thíos ansiúd ag faire ar an bpínn go dté sé amach agus go gceannaí sé ioscaidín tae le haghaidh a bhricfeasta léithe. Diabhal bréag nárbh in í an imirce uabhair aige — ní dhá roinnt leis é
Chaith sé an chaint sin ar na drochóirí dhó féin. Bhí an ceann eile (duine eile) ag faire air leis an bhfocal a fhostú, agus, mo léan géar, 'sé a d'fhostaigh. Deir siad é: "ar adharca a bheirtear ar na ba, ach ar theanga ar na daoine." Is daor a chuaigh na cupla focal cainte sin air
Ní raibh comhairleachan ina chionn. Phós sé í. Phós ar na drochóirí dhó féin. Níor fhága sí bonn bán air. 'Sé an chaoi a mbíodh na páistí a bhí acu amuigh i chuile theach ar an mbaile ag forcamhás — na créatúir — go réitítí blogam tae. Iad leathchaillte sa mbaile. Dhá mbeadh breith ar a aiféala aige ní phósfadh sé an uair sin í, ach ina dhiaidh a feictear don Éireannach a leas
Chuaigh mé ar cuairt ann aréir ar na drochóirí dom féin. Is gearr gur bhrúigh an teach isteach le lucht cuarta — muintir Sh. Mh. Thosaigh na cleis. Chuir L. Sh. splaincín dhearg faoi bhonnachaí N. ar an teallach. Ar an dá luath is ar theangmhaigh an teas leis an gcois ag N. d'éirigh sé ina bhruithshléacht agus rug sé ar an tlú, agus orm féin ab áil leis é a ídiú a bhí chomh saor air leis an bhfear nár rugadh. D'éirigh mé féin — ní raibh a mhalrait le déanamh agam — go dtugainn mo bheanna liom. Aniar ar an slinneán a fuair mé é. Diabhal brí é, ach tá sé sách tinn. Bhí an dream eile dhá shaighdeadh — set (muintir) S. Mh. Bhí N. i bhfiántas ceart. 'Déanfaidh mé do lá,' adeir sé. Cheap mé féin nach raibh rud ar bith ab fhearr dom a dhéanamh — ó tháinig mé chomh saor sin — ná a theacht abhaile. Sin é an bhail a chuir mo chuid cuartaíochta orm fhéin
Cheannaigh mé péire banbh anseo anuraidh ar na drochóirí dhom fhéin. Rinne siad muca breátha. Ach nuair a bhí siad tógtha ceart agus i gcruth a ndíol, sin é an uair a d'imigh siad. Cailleadh iad — ní ag ceasacht ar Dhia é. Níor éirigh aon mhuic ariamh linn. Tá anachain muc orainn — ní ag ceasacht ar Dhia. Nuair nach n-éiríonn siad leat bhí sé chomh maith ag duine ligean astu ar fad. Is mór an carghas péire breá muc a fheiceáil ag imeacht agus thú scriosta dhá dtógáil
Shílfeá nach mbeadh breith aige ó inniu go dtí amárach go dtéadh sé ann. Ag strócántacht chuile lá ag iarraidh imeacht nuair a chonaic sé na gearrbhodaigh eile ar fad ag dealú leo. Sin é a raibh ag cur síos leis — Sasana. D'imigh sé faoi dheireadh ar na drochóirí dhó féin. Ní raibh sé leathbhliain imithe — an duine bocht — nuair a maraíodh é … i gCoventry an t-am a raibh na haeroplanes ag caitheamh anuas. Níor frítheadh a dhubh ná a dhath ná a thuairisc ariamh. Buaileadh an shelter. Ní raibh mac an aoin bheo istigh ann nár cniogadh. Níor frítheadh a gcnámha féin.
Tá sé ag dul soir anois muis ar na drochóirí dó féin. Daol eicínt a bhuail anois é. Tá sé ag dul ar an ól go siúráilte. Diabhal bréag muis nach bhfuil dream anseo thoir atá in ann síneadh leis. Tiocfaidh sé anoir deireadh oíche, agus a phócaí sciúrtha
Ar na drochóirí dhó féin a bhuail sé faoin mótar sin. Tá daoine ann le haghaidh mótars ach m'anam nárbh eisean é. Níl aon mhaith ag talmhaí a bheith ag comórtas le boicíní muran leis féin a chuid talúna a chaitheamh in aer agus ceird a dhéanamh den mhótar. Ach maidir le bheith ag iarraidh an dá thrá a fhreastal, m'anam go bhfuil sé fánach aige. Sin é an rud a d'fhága cosa Ph. nite, ach ní raibh aon ghair ag aon duine a dhul ag cur chomhairle air: "a chomhairle féin do mhac dhanartha" adeir siad
Ba ar na drochóirí dhó féin é an chéad lá ariamh a ndeachaigh sé ag plé leis an mbainc céanna. Tá an bainc in ann é a phlé le duine freisin. Chuaigh sé isteach gur thóg sé lab ann, agus tá na stéigeachaí bainte as ag iarraidh a bheith dhá íoc ó shin. Tá an t-airgead caite agus dheamhan mórán smaise a fheiceas muid airsean dhá bharr ach oiread. Ní robáil go héag ach na bainceanna céanna. Dar príosta, caithfidh siad a gcuid féin a fháil hébí (pé ar bith) cé a bheas ar deireadh
Cheannaigh sé an chú sin ar na drochóirí dó féin. Thug sé lán laidhre uirthi agus dheamhan cianóg rua a chuir sí síos ina phóca ariamh ná a chuirfeas go brách. Cén bhrí ach a dtarraingeann sé de chostas air ag imeacht i chuile áit léithe
+
Ar na drochóirí dhuit nár fhan tú as! (eascaine) — go mba tuar léin duit é an áit sin a thaobhachtáil; ba é do leas é fanacht as
Ar na drochóirí dhuit nár éirigh nuair a bhí sé anseo. Dhá n-éiríteá, cá bhfios nach obair a thairgfeadh sé duit — ba in é tráth an áidh dhuit a bheith in do shuí nuair a bhí sé anseo. Ach is tráth mí-áidh gach uair eile dá mbíonn tú in do shuí
TUILLEADH (3) ▼
Ar na drochóirí dó nár imigh anonn go Sasana agus rud eicínt a shaothrú ann a thiocfadh chun sochair dó féin agus dá mháthair. Ach ba bheag an baol air. B'fhearr leis ina thaibhse istigh ansiúd ag breathnú sa straois uirthi agus ag leiciméireacht ón leaba go dtí an teallach. Nach deacair a bheith ag iarraidh maitheasa ar chuid de na daoine — tá an rud i gceist anseo nach mbeidh saothrú i Sasana i gcónaí agus go mba é leas duine a thapú an fhad is atá sé ann
Ar na drochóirí dó nár phós nuair a bhí aige pósadh, agus gan é a bheith ag imeacht ina shraithrín anois i ndiaidh cailíní óga, agus ag caoineadh na hóige. Nuair a bhí aige gnaithe a dhéanamh leis an óige níor thapaigh sé í — níor thapaigh sin
Ar na drochóirí dhuit nár íoc an madadh sin nuair a bhí agat a íoc thar is a bheith dhá íoc faoi dhó anois, agus ag tarraingt póilíos ag an teach chuile ré solais

Féach freisin

drochóirí in iontrálacha eile (1)

 
droch-
Tháinig tú ar na drochóirí duit fhéin (fc. drochóirí)