Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
drochmhisneach
·
Níl aon drochmhisneach air (aige) fós — duine a bheadh go dona tinn, agus contúirt bháis air, ach nach sílfeadh sé féin sin; duine a mbeadh dóchas aige
Ná teagadh aon drochmhisneach ort. Ní túisce craiceann na seanchaorach ar an bhfraigh ná craiceann na caorach óige

Féach freisin

drochmhisneach in iontrálacha eile (2)

 
Tá tú ar an gcaolchuid, ach ná cuireadh sin aon drochmhisneach ort. Is minic na caiple deiridh ag dul chun tosaigh
 
dia 1
Ná teagadh drochmhisneach ort! Tá Dia láidir agus máthair mhaith aige