Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
drochfhear
+
Drochfhear tí, drochfhear talúna, drochfhear capaill, drochfhear curaí, drochfhear láí, drochfhear siúil, drochfhear damhsa, drochfhear iomraimh; drochfhear farraige (drochbhádóir); drochfhear ban (drochfhear spallaíochta); drochfhear tí agus urláir, drochbhean aráin agus abhrais (drochbhean tí), srl.
Drochfhear óil — (i) gortach ag glaoch óil. (ii) gan aon acmhainn óil aige
TUILLEADH (23) ▼
Drochfhear siamsa — gan acmhainn siamsa aige; gan aon taitneamh aige i siamsa
Drochfhear ceoil — gan aon spéis i gceol; gan aon mhaith leis ag casadh nó ag seinm cheoil
Drochfhear feamainne — gan aon tsaint i bhfeamainn, nó é go dona ar fháiteall na feamainne
Drochfhear Gaillimhe — fear nach mbeadh aon rath air le cur go Gaillimh ag iarraidh teachtaireachta; fear nach mbeadh aon rath air ag dul ag carraeireacht go Gaillimh
Drochfhear cladaigh — gan aon mhaith leis i gcladach, i dtrá fheamainne srl.
Drochfhear tórraíochaí — ní bheadh aon luí aige le dhul ar thórraíochaí
Drochfhear bleáin — gan aon chúis ag bleán bheathach
Drochfhear amhráin — gan aon mhaith ag gabháil fhoinn
Drochbhean scéalta — gan bua na scéalaíochta; gan í a bheith tucarach do bhéadán ná do choiriúint
Drochfhear leabthan — mochóireach maith, nó duine beagchodlatach
Drochfhear garraí — talmhaí beagmhaitheasach
Drochfhear cumadóireachta — gan aon mhaith leis ag cur craicinn ar mhionbhréaga; ach droch-chumadóir — (i) bréagadóir paiteanta nó (ii) gan rath gan ríocht ag cumadh (fc. drochghadaí)
Drochfhear aifrinn — faillitheach ag dul chuig an aifreann
Drochfhear aonaigh — go dona ag díol agus ag ceannacht
Drochfhear claíochaí — fear nach mbioródh a chuid claíochaí
Drochfhear coinnleoireachta — nach mbeadh aon mhaith leis ag coinnleoireacht
Drochfhear cleamhnais — gan aon mhaith ag déanamh cleamhnais, nó ag téisclim i gcomhair cleamhnais
Drochfhear capaill — fear agus gan aon chúis leis ag cinnireacht nó ag baint ceart de chapall
Drochfhear rástaí — nach mbeadh aon tóir aige a dhul ar rástaí
Drochfhear páipéir nuaíocht — fear nach mbeadh aon ghnaithe aige do pháipéir nuaíocht; nach mbeadh in ann a léite; nó nach mbeadh in ann aon mheabhair a bhaint astu
Drochfhear cuartaíochta — nach mbeadh aon luiteamas aige le cuartaíocht, nó a mbeifí ag magadh faoi i dteach cuartaíochta srl.
Drochfhear feola — nach mbeadh tóiriúil ar fheoil
Drochfhear ragairne — nach mbeadh aon acmhainn aige ar ragairne

Féach freisin

fear

drochfhear in iontrálacha eile (2)

 
diaidh
Rinne sé sin ar fad, agus cuid mhaith leis, ach ina dhiaidh sin féin, ní drochfhear é, don té a bhfuil sé leis. An bhfeiceann tú a mhuintir féin ansin thiar, agus níl duine ar an bhfeadhain acu nach bhfuil teach nua ceann scláta os a chionn, gan sciúrtóig ariamh a chailleadh leis. Thabharfainnse fear maith ar fhear ar bith nach bhfágfaidh a dhuine féin ar deireadh
 
Dhá mba drisín ná dreancán a bheadh inti is mór adéarfadh duine, ach níorbh ea muis ach an bhean is geanúla a shiúil talamh ná féar ariamh. Ar ndóigh is ar a leithide a bhuailfí an drochfhear!