Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
drochfhear
+
Droch-fhear tí, droch-fhear talmhana, droch-fhear capaill, droch-fhear curaighe, droch-fhear láidhe, droch-fhear siúil, droch-fhear damhsa, droch-fhear iomra; droch-fhear fairrge (droch-bhádóir); droch-fhear ban (droch-fhear spallaíochta); droch-fhear tí agus urláir, droch-bhean aráin agus abhrais (droch-bhean tí), agus rl.
Droch-fhear óil = (i) gortach ag glaoch óil. (ii) gan aon-acmhuinn óil aige
TUILLEADH (23) ▼
Droch-fhear siamsa = gan acmhuinn siamsa aige; gan aon-taithneamh aige i siamsa
Droch-fhear ceóil = gan aon spéis igceol; gan aon-mhaith leis ag casadh nó ag seinm cheóil
Droch-fhear feamainne = gan aon-tsaint i bhfeamainn, nó é go dona ar fháiteall na feamainne
Droch-fhear Gaillimhe = fear nach mbeadh aon-rath air le cur go Gaillimh ag iarraidh teachtaireachta; fear nach mbeadh aon-rath air ag dul ag caraeracht go Gaillimh
Droch-fhear cladaigh = gan aon-mhaith leis i gcladach, idtráigh fheamainne agus rl.
Droch-fhear tórraíochaí = ní bheadh aon-luighe aige le dhul ar thorraíochaí
Droch-fhear bleáin = gan aon-chúis ag bleán bheitheach
Droch-fhear amhráin = gan aon-mhaith ag gabhail fhuínn
Droch-bhean scéalta = gan buadh na scéalaíochta; gan í a bheith tugtharach do bhiadán ná do choiriúint
Droch-fhear leabthan = mochóireach maith, nó duine beag-chodlatach
Droch-fhear garraí = talmhaí beag-mhaitheasach
Droch-fhear cumadóireachta = gan aon-mhaith leis ag cur craicinn ar mhion-bhréaga; ach droch-chumadóir = (i) bréagadóir paiteanta nó (ii) gan rath gan ríocht ag cumadh. Fc. droch-ghadaí
Droch-fhear Aifrinn = faillitheach ag dul chuig an Aifreann
Droch-fhear aonaigh = go dona ag díol agus ag ceannacht
Droch-fhear claidheachaí = fear nach mbiorródh a chuid claidheachaí
Droch-fhear coinnleóireacht' = nach mbeadh aon-mhaith leis ag coinnleóireacht
Droch-fhear cleamhnais = gan aon-mhaith ag déanamh cleamhnais, nó ag téisclim i gcomhair cleamhnais
Droch-fhear capaill = fear agus gan aon-chúis leis ag cinnireacht nó ag baint ceart de chapall
Droch-fhear rástaí = nach mbeadh aon-tóir aige a dhul ar rástaí
Droch-fhear páipéir nuaíocht = fear nach mbeadh aon-ghnatha aige do pháipéir nuaíocht; nach mbeadh indon a léite; nó nach mbeadh indon aon-mheabhair a bhaint asta
Droch-fhear cuartaíochta = nach mbeadh aon-luiteamas aige le cuartaíocht, nó a mbeifí ag magadh faoi idteach cuartaíochta agus rl.
Droch-fhear feóla = nach mbeadh tóiriúil ar fheoil
Droch-fhear ragairne = nach mbeadh aon-acmhuinn aige ar ragairne

Féach freisin

fear