Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
drochdheallradh
1.
·
Fuair mé drochdheallradh ar an mbóthar aréir. Chaith mé an oíche ag teacht abhaile — préachadh mé leis an bhfuacht
Má théann tú ag an damhsa sin anocht, gheobhaidh tú drochdheallradh. Má tá unsa céille agat, fuirigh sa mbaile
2.
·
Bhí mé cineál brónach agus bhí an-drochdheallradh uirthi go mbuailfeadh sí mé — níl a fhios agam cén t-adhmad atá le baint as seo. Níor chuala mé an comhthéacs ar fad. Ach sin é an rud adúirt an té a bhí ag caint. B'fhéidir gurb é dealramh (deabhramh) na Muimhneach é. Más é, níor chuala mé aon tsampla eile dhe sa gcaint

Féach freisin