Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
drochdheallradh
1.
·
Fuair mé droch-dheállradh ar an mbóthar aréir. Chaith mé an oíche ag teacht abhaile = préachadh mé leis an bhfuacht
Má theigheann tú ag an damhsa sin anocht, gheobhaidh tú droch-dheállra. Má tá unsa céille agad, fuirigh is an mbaile
2.
·
Bhí mé cineál brónach agus bhí an-droch-dheallra uirre go mbuailfeadh sí mé = níl a fhios agam cé'n t-adhmad atá le baint as seo. Níor chuala mé an co-théacs ar fad. Ach sin é an rud adubhairt an té a bhí ag caint. B'fhéidir gurb é deallramh (deabhramh) na Muimhneach é. Má's é, níor chuala mé aon-tsompla eile dhe is an gcaint

Féach freisin