Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

dhubh (32)

 
deifir
Bain deifir as an diabhal d'asal sin, nó beidh sé ina oíche dhubh orainn
 
deis
Ní mó ná dá mbeadh sé ar mo dheis ceart anois go ngabhfainn do mo mheárú féin ag biorrú claidheachaí. Tiocfaidh na claidheachaí leis an gcaoi atá orra, nó go bhfaghaidh na daoine ionbhadh maith ar a dhul in a n-éadan. Seo í an mhí dhubh ar aon-chor, agus níl mórán bearradh le baint ag aon-cheo de'n talamh
 
deoir
Tháinig sé amach ó'n misinéara agus deoir aithrighe leis. Ach tá faitíos orm nach seasfaidh an aithrighe i bhfad, ach a bhfeicidh sé aon-deoir de'n fhear dhubh (an leann dubh)
 
dia 1
An bhfaca tú an chuaisce dhubh a bhí san "show" annsin thoir an bhliain cheana? Í siúd a mbíodh an roth cairr in a drad aice. Bhí sí cho dubh leis an sméir. Is iomdha duine ag Dia ina dheidh sin
 
Sin í a cheird sin ó dhubh go dubh ag diucaireacht ar chúla claidheachaí 'bhfeicidh sé cé a bhéas ag dul thart, gan é féin a thabhairt le teasbánadh
 
Is beag an díogarnach lae atá ann anois, ó a theigheas an bus thart. 'Sé'n áit ar scoth sé muid an oíche faoi dheire ag ceann i bhfus na D. M., agus bhí sé in a n-oíche dhubh orainn ins an mbaile, th'éis nach rinne (ndearna) muid filleadh ná feacadh ach a theacht díreach. Is furasta cur ag an lá an tráth seo 'bhliadhain. Faoi cheann míosa eile — 'seadh agus cuid is lugha ná sin — beidh sé in a oíche ar an mbus ag an S.
 
Sean-bhádóir a bhí ann, agus feasóig mhór dhubh air, agus báirnigh agus diúirlinneachaí ag fás air!
 
dlúth 1
"In a aige — in a throisleáin — a bhíos an snáth th'éis an crann deilbh a fhágáil. In a cheirtlíní a bhíos an t-inneach. Chuirfeadh an figheadóir an aige 'san seol agus thosóchadh sé ag caitheamh an innigh air, nó go mbeadh na ceirtlíní ídighthe. Mara mbeadh a dhóthain innigh ag an bhfigheadóir, bheadh easnamh (/æsɴə/) ort, agus chaithfeá tuilleadh a fháil, hébrí cá bhfuightheá é. É a thógáil ó bhean eicínt … Inneach bán a chaitheamh ar dhlúth dubh sin é an ceann asna. Dhá mbeadh dlúth agus inneach bán ann, sin é an flainín bán — ábhar drárannaí agus báiníní agus pluideannaí. Bíonn an t-inneach agus an dlúth dubh le dhá ghlas chaorach. Nó d'fhéadfá olann daithte a chur ar bhán, l'aghaidh treabhsair agus bheist. Daithtear an dlúth agus an t-inneach l'aghaidh seaicéid nó chasógaí. Chuiridís láib ar an dath leis an mbréidín dhubh a bhíos 'sna seaicéid thíre a dhathú. Dhá ndaithteá inneach le scraith chloch, agus oiread na fríde glas chaorach a chaith thríd an dlúth, dhéanfadh sé éadach breagh. Rinne mo mháthair culaith dhó dhom annseo uair. Bhainfeadh sé an solas as do shúile. Ní raibh aon-bhean óg 'sa tír nach in mo dhiaidh a bhí nó go raibh sí caithte! Ach caitheadh in aer an obair sin. Níl triúr ban istigh in do thír indiu atá indon olann a dhathú. Níl a fhios aca céard a bhaineas dó" (Sliocht as cuntas faoi éadach ó Mháirtín Ó Chadhain, Cnocán Glas, Spidéal)
 
dorcha
Pruchóig dhubh dhorcha de theach atá aige. Níor léar dhuit do láimh ann i lár an lae ghléigil. Níor léar sin
 
draoib
Baineadh truisle as agus síneadh ins an lochán é — lochán de'n draoib dhubh sin. Níor fágadh oiread agus puintín bioráin ó mhullach a chinn go bonn a choise nach raibh in a bhog-eibhinn
 
Is mise a bhí drilleach an t-am a raibh an chóisir bhainseachaí annseo ar an mbaile againn. D'ól mé ionlaoighis phocaide. Ní le linn na mbainseachaí féin is mó a d'ól mé é, ach bhíodh searrachaí beaga eile ann nuair a bhíodh na ráigeannaí móra thart. An lá th'éis bhainis T. Sh. chaith mé féin agus é féin agus M. B. an lá thuas 'sa teach aige ag críochnú [an] tsearróigín a d'fhan d'fhuighleach ó'n oíche roimhe sin. Chuaidh mé síos trathnóna deireannach le gráinne tobac a fháil. Bhí sé in a oíche dhubh orm ag Áirdín an Fh. Diabhal mé gur thosuigh na claidheachaí ag teacht amach rómham ar an mbóthar, agus go raibh 'chuile shonda dhá raibh mé a fheiceál ag baint geit asam. Tabhair fear drilleach orm! Bhí mé tuilleadh agus mí shul a bhí mé agam féin ceart
+
dubh 1
Oíche dhubh í
TUILLEADH (8) ▼
Pruchóg dhubh (dhorcha) de theach é = gan aon-tsolas ann; é an-phlúchta
Caora dhubh (bó dhubh, fear dubh, bean dhubh, bréidín dubh, fiach dubh, olann dhubh, éadach dubh, bróga dubha, móin dhubh, feamainn dubh, arán dubh, an fiabhras dubh, agus rl.)
Bíonn go leór giorriachaí san gcíb dhubh sin = cineál cíbe ar eascaíochaí boga agus dath dubh uirre
Tá sí buille dubh, ach níl sí ro-dhubh. Is mó an slacht ar dhuine a bheith roinnt dubh
An Charraig Dhubh, Poll na Carraige Duibhe (áiteacha san gcladach. Tá feamainn dubh ar an gcarraig)
Tháinic cois dhubh isteach (leasainm)
Cá raibh tú a chois dhubh (leasainm an pháiste a mbeadh cosa salacha air)
Seo í an mhí dhubh den bhliain = céad mhí na bliana; an dubhluachair
+
dubh 2
Bíonn sé ag obair ó dhubh go dubh; ó dhubh na maidne go dubh na h-oíche = ó réalt go réalt
TUILLEADH (1) ▼
Ní leigeann sé scíth ó dhubh go dubh ach ar a tháirm i gcomhnaí
+
dubh 3
Céard a dhubh do léine? Tá a fhios ag mo chroí dhá bhfaighteá léine ghlan chuile lá go mbeadh sí dubh aríst trathnóna
TUILLEADH (3) ▼
Dhubh na sceacha (shearg siad, tháinic dath críon dóite orra) arú anuiridh ach imbliana siad na barrannaí atá ag dúachan. Ní fhaca mé sioc mar é ariamh cheana faoi Bhealtaine
Dhubh (dhubhaigh) an spéir uiliog thiar adtuaidh
Sin í an iarraidh a dhubh mo chroí ar fad: bás Nóra = a chuir duifean air; a bhreódh mo chroí; a scal é agus rl.
 
Ní raibh sé ach in a dhubh-mhaidin pér bith céard a chas amach an tráth sin é. Ach tá sé siúd sna daoine maithe. Dheamhan easna dhó nach bhfuil
 
Gabhfaidh sé ar dhubh oidhir as an ngaoith seo. Deirim leat go dtiocfaidh. An bhfaca tú an chaoi a ndeachaidh sí suas indiaidh a tóna aréir. Chuaigh scuaine de na géabha fíáine ó dheas anocht. Ní deagh-chosúlacht ar bith é sin
+
Dubhrabhán dubh é in íochtar agus in uachtar. Talamh tirm créafóg dhubh. Dubhrabhán tirm an talamh is fhearr
TUILLEADH (2) ▼
An bhfeiceann tú garrdha Dh. Fh. sin thuas agamsa. Sin ithir dhubhrabháin: ithir dheas bhog agus í leasuighthe go maith. Creafóg dhubh í. Ní dubhrabhán é garrdha Dh. Fh. se'agaibhse: cloch bheag é. Tá sé do-leasuighthe thar mo gharrdha-sa. Tá agus an-do-leasuighthe, agus níl an tabhairt ann ar aon-chor
Má fhaghann tusa dubhrabhán deas tirm, nach mbeidh ro-dhubh críochnuighthe, ní sháróchadh an saoghal é. Ach is beag de'n talamh sin atá annseo. Nuair a bhíos dubhrabhán fhéin ann, bíonn sé ro-fhliuch nó ro-éadtrom i gcomhnaí
 
Ní bheadh ann ach diomallú dhom a dhul ar bhiorrú claidheachaí anois. Seo í an mhí dhubh, agus níl solamar ar bith ag beithidheach a ghabhfas i mbradghail. Fágfaidh mé mar sin iad go dtí tús féir