Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dorcha
/durəxə/
aidiacht.
Ní theagann aon-athrú céime air, ach deirtear is dorchaí (/durəxī/) amanntaí.
1.
meath-dhubh; roint dubhach gan a bheith ro-dhubh; (ré-dhorcha fc. ).
a.
+
Oíche dhorcha í = dubh go leor gan a bheith fíor-dhubh
Bhí sé buille dorcha aréir dar príosta
TUILLEADH (7) ▼
Is maith dorcha é th'éis gur cheart dó gealach a bheith ann. Nachar ceart di a bheith ar fáil
Tá na h-oícheanntaí seo dorcha
Tá sé ag eirghe dorcha = an oíche ag tuitim
Diabhal mé go bhfuil sé indiaidh an h-aondéag anois, ach nach bhfuil sé dorcha fós
Is maith luath atá sé dorcha anocht
Bíonn sé dorcha ag leath-uair th'éis an h-ocht ar maidin anois
Bíonn sé cho dorcha ag an h-ocht a chlog anois agus a bheadh sé ag an dó a chlog 'san oíche
+
Tá an spéir dorcha go maith indiu. Tuairt eile atá air
Tá sé an-dorcha thiar
TUILLEADH (4) ▼
Tá sé dorcha imbun na gaoithe
Tá sé an-dorcha ar an bhfairrge mara smúit rabharta é
Lá dorcha é. Ní bheadh a fhios agad céard adéarfá leis
Is dorcha an cineál aimsire í
+
Éadach dorcha atá air
Bhí casóig dhorcha "mar sin" air
TUILLEADH (6) ▼
Ba cheart duit dath a chur air sin a dhéanfadh an t-éadach buille dorcha
Ól cineál dorcha mar sin é a bhí is an ngloine
Ól dorcha é
Súile dorcha atá aige
Tá sé an-dorcha as a cheannaghaidh
"Sorcha sorcha: polláirí dorcha: leig sí urchar, agus mharbhuigh sí éan" (rann a bhíos ag gasúr)
+
Tá an bun sin dorcha = an taobh sin (Bun-Dorcha atá ar chnoc ó thuaidh de chaoláire an Lionáin. Bíonn sé dorcha i gcomhnaí, agus lonnuigheann an ceo ar a bharr)
Teach an-dorcha é. An chaoi a bhfuil sé déanta níl fuinneoig ag gabhail leis ar aghaidh na gréine
TUILLEADH (2) ▼
Ní mór daoibh solas. Tá sé an-dorcha istigh annsin
Bóthar dorcha é sin soir
·
Tá sé dubh dorcha = an-dorcha (Cuirtear an dá fhocal sin le chéile in a gcuingir nuair is "duibhe" atá i gceist)
Pruchóig dhubh dhorcha de theach atá aige. Níor léar dhuit do láimh ann i lár an lae ghléigil. Níor léar sin
+
Tá sí bun-dorcha shílfeá
Bhí sí meath-dhorcha go maith ach ní raibh sí an-dorcha
TUILLEADH (1) ▼
Cóta mór glé-dhorcha a bhí air
b.
+
Tá sib in 'u' (bhur) muintir Dhorchaigh = teach a bheadh dorcha cheal solais (b'fhéidir gur magadh focail atá ann. Muintir Dhorchaigh = Darcys. Tomás Ó Dorchaigh (/durəxī/) agus rl.)
Dar príosta tá sib in 'u' muintir Dhorchaigh. Shílfeá nach mbeadh leithscéal ar bith agaibh anois. Tá dalladh ola le fáil
TUILLEADH (4) ▼
In a muintir Dhorchaigh atá an tír anois. Ní raibh dé sholais againn igcaitheamh na bliana anuiridh
D'fhéadfá a rádh nach teach atá in a muintir Dhorchaigh anois ach an tír uiliog. A dhul ag déanamh fáideogaí a bhí againn a dhul anois. Tá neart fidheogaí suas annsin.
Tá siad ina muintir Dhorchaigh 'chuile oíche mar sin. Níl easbaidh ola ar bith ann, ach ní leigfeadh an chaillteacht do'n bhean a ceannacht. Ní chaithfidh sí cianóg ar bith nó go gcinnidh an saoghal uirre
Tá muid in a (ar) muintir Dhorchaigh aríst. Cé'n smál atá ar an sean-lampa seo. Tá sé múchta aríst. Dar fiagoidhe, chuir mé an iomadú "carbide" ann, ach b'fhéidir nach bhfuil an t-uisce ag dul chuige. Caithfidh tú fuirgheacht liom aríst nó go ndeisighidh mé é
2.
dúnárusach, fascamhail, coimhigheach, beag-chainteach, neamh-phléascanta.
+
Is duine dorcha é = dúnárusach, coimhigheach, beag-chainteach agus rl.
Tá sé sin an-dorcha in a dhiaidh sin. Níl sé cainteach chor ar bith
TUILLEADH (7) ▼
Dheamhan a chos sin a ghabhfadh 'un cainte leat go deo. Duine rí-dhorcha é
Dubhairt mise léithe go ndéanaidh Dia grásta uirre go raibh M. an-dorcha, agus is beag a thaithnigh sé léithe. "Feicimse cho fáilidhe le 'chuile dhuine é", adeir sí
Dream dorcha fré na chéile iad sin. Tá siad an-lághach agus an-tsoilgheasach, ach ní bhfuightheá fios a n-intinne dhá mbeitheá abuil siad dhá lá do shaoghail
Is deacair a dhéanamh amach cé'n bealach atá léithe sin. Duine dorcha beag-chainteach í, ach teagann an-daolannaí innte scaithtí
Má tá sé cho dorcha sin, ní bheadh a fhios agad cé uaidh a dtug sé é. Bean an-spleádhach, an-phléascánta a bhí is an máthair, agus maidir leis an athair 'ar ndú, ní theagadh iadhadh air ach ag síorádh ó mhaidin go faoithin
Ní leithead ná móiréis é chor ar bith, ach sin é an bealach atá leis. Tá sé an-dorcha de'n tsaoghal, mara mbeadh an-teantás aige ort. Dhá mbeadh, ní féidir a chur in a shost chor ar bith. Caitheann sé stráisiúin mhóra annseo agamsa, agus 'sé an cainteóir é! Tá a mhaisce, agus gnaoidheamhail
Is bocht an chaoi do dhuine a bheith cho dorcha dúnárusach sin. Is de'n chomharsanacht a bheith carthannach cainteach
·
Bíonn sí an-dorcha liom, th'éis a bhfuil de theantás aice orm. Ach dheamhan maith ann. Fascadh ar fad í. Níor chaintigh sí amháin liom faoi'n inghin, ná go raibh cuimhne ar bith aice imeacht
·
Bhí mé le cupla lá is an tír dhorcha sin thoir. Dar mo choinsias ní leasainm uirre tír dhorcha. Níl focal de'n chaint aca, ach ar a mine ghéire ag obair. Tugaimse do'n diabhal an t-Achréidh céadna
3.
dall.
·
Tá sé dorcha; is fear dorcha é (níor chuala mé seo ach dubhradh liom go mbíodh sé ann, agus go bhfuil ag corr-dhuine fós)

Dorcha in iontrálacha eile (26)

 
Tá sí an-choimhightheach, an-dorcha thar dhuine eile.
+
Tá an oiread coimhighthis aige liom, a's a bheadh aige leis a' té is fuide uaidh sa tír. Dheamhan a' gceapfá go mbeadh gaol a' bith aige liom, a's chomh dorcha a's bhío(nn)s sé liom.
TUILLEADH (1) ▼
Is beag a' dochar dhó coimhightheas a bheith aige leis an athair, a's chomh dúnárusach, dorcha a's tá sé fhéin.
+
Ní raibh eolus a' bhealaigh aige, a's dhá mbeadh fhéin, a's chomh dorcha a's bhí an oidhche, ghabhfad sé righte leis a bhealach a dheanamh ar na leacrachaí, a's ins na clochair siúd.
TUILLEADH (2) ▼
Is ar ín ar éigin a rinne mé mo bhealach abhaile aréir bhí an oidhche chomh dorcha sin.
Ní bhainfe tú aon-cheart de'n bhealach aithgiorrach (de'n bhealach treasna) anocht; tá'n oidhche ro-dhorcha.
 
Tá rud eicínt thríd an arán seo, maran thríd a' bplúr a bhí siad. Is geall le cuilíní coirce iad ach go bhfuil siad dorcha. Ag iarraidh na daoine a chailleadh leis a' bplúr sin atá siad?
 
bocht 2
Dheamhan beannú a dhéanfadh sé sin do bhocht ná do nocht. Duine dúnárusach, dorcha atá ann.
 
Brogús bhradach dhorcha í sin, a's í chomh h-íogmhar annsin, má's fíor di fhéin.
 
aer
Tá an t-aer, sáthach dorcha anocht.
 
Lá dorcha is fhearr a bhío(nn)s bualadh ar an iasc.
+
buille
Tá'n oidhche buille dorcha thar an oidhche aréir.
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé buille dorcha thar dhuine eile = tá sé dúnárusach thar fhurmhór na ndaoine; níl sé chomh pléascánta le 'chuile dhuine eile.
 
Bhí a fhios agam go raibh an rud sin ar a intinn i gcaitheamh na seachtaine, agus nach híontach an fhosaíocht a bhí air in a dheidh sin, nach gcainteódh sé as a bhéal air. Tá sé an-dorcha
 
dall 2
Ní léar dom tada. Tá mé dall ag teacht amach ó'n solas. Dar príosta tá an oíche bun-dorcha ar aon-nós
 
danra
Tháinig mé aniar treasna thrí na brocachaí sin, oíche i mbliana, agus má tháinig féin ba danra an éadáil sin. Shíl mé nach raibh an oíche cho dorcha agus a bhí sí, agus deirimse leat go bhfuair mise tuairteáil, ní áirighim go raibh a raibh orm stiallta ó chéile ag driseachaí
 
deifir
Tá sé cho maith dhaoib imeacht anois agus ní ag cur deifir lib é, ach má leigeann sib an deireannas oraib féin, beidh tús na h-oíche an-dorcha
 
dia 1
Níor chuir sí aighneas ná caidéis ar aonduine ó a tháinig sí isteach ar an mbaile, ach mar a fheiceas tú anois í, dorcha dúnárasach mar sin. Dhá dteagadh sí gearr faoi rud ar bith, b'fhearr léithe a dhul trí mhíle ó bhaile ná a iarraidh ar na comharsanaí. Sin é an chaoi a mbíonn sé. Is iomdha duine ag Dia
 
Eirigh as an mbanrán sin anois. Ní raibh aon-doicheall thairis sin aige romhainn. Facthas domsa go mb'fháiltighe go mór é ná mar is iondamhail leis. Ní doicheall ar bith a bhíos air ach is duine dorcha é.
 
Tá mé draoibeáilte uiliog. Leagadh a dhó nó trí de chuarta mé ag teacht thríd an gcurrach sin thoir. Tá an oíche an-dorcha
 
dreach
'Bhfeiceann tú an dreach dorcha atá ar an spéir. Breathnuigh cho dúinte agus atá sé agus na túineanna (tóineanna) dubha sin ó dheas. Crap do chuid féir nó beidh tú dhá fhuireasbhaidh
 
Ní fhéadfá déanamh uirre thar dhuine ar bith. Tá sí an-dorcha = teanntás a bhrughadh uirre
 
déan 1
Déanann sé lá an-mhoch anois. Is ar éigin a dhúineas an oíche chor ar bith. Ní bhíonn sé ach dorcha nó go bhfáinnighidh sé aríst
 
Is deacair S. a bharruidheacht chor ar bith. Tá sé an-dúnárusach. Níl a fhios ag aonduine céard a bhíos in a chloigeann, má bhíonn tada ann. Ach bíonn. Tá sé an-domhainn, ach leis an mbealach dorcha dúnárusach atá leis, ní bheidh a fhios ag aonduine choidhchin cé'n intinn atá aige
 
Níl na bróga sin ag dul go deas duit chor ar bith, ach is ingeall nach bhfuil siad ag feilmheaint do'n éadach é. Tá an t-éadach buille beag ro-dhorcha dóib
 
téigh
Ná teirigh an t-aithgiorra. Tá an oíche ro-dhorcha. Is fhearr dhuit a dhul an bóthar