Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Déan ar
1.
ag tarraint ar …
+
Rinne mé isteach ar Ghaillimh = tarraint air
Tá sé thar am a bheith ag déanamh ar an mbaile
TUILLEADH (9) ▼
Tá sé ag déanamh ar an sé = ag tarraint
Bhí sé ag déanamh ar am mharbhthach na h-oíche an uair a tháinic muid
Sílim go bhfuil sé ag déanamh ar na cheithre scóir. Is fadó an lá ó dubhradh leis go mbadh gasúr é ar chuma ar bith!
Ní féidir go bhfuil sé cho deireannach sin. Tá sé ag déanamh ar an naoi
Chonnaic mé fear ag déanamh orm idir mé agus léas. Shíl mé i dtosach gur duine de mhuintir na dTamhnachaí a bhí ann. An uair a bhí sé tuairim agus leath-bealaigh go dtí mé, d'ionntuigh sé soir adtuaidh. "Dar príosta" arsa mise, "is gearr go mbeidh a fhios agam cé atá ann … "
Rinne sé orm agus scéin an diabhail in a dhá shúil
Má tá an t-achar sin agaibh le dhul, ní mhiste dhaoib a bheith ag déanamh air feasta
Chonnaic mé ag dul soir trathnóna é. Ag déanamh a[r] theach ósta eicínt a bhí sé is dóigh
Ag déanamh ar an gcailín atá sé seo siar. [Is] maith luath ins an ló!
+
Tá sé ag déanamh ar an mb[ás] = ag tarraint ar an mbás
Bhí sé ag déanamh ar an gcontráth an uair sin. B[a] ghearr eile go mbeadh cruadhóig le solus
TUILLEADH (1) ▼
Meastú nach ag déanamh ar an [...] atá M. 'Seadh go siúráilte
·
Déan ar t'aghaidh = teirigh an bealach a bhfuil t'aghaidh ann
Déan ar t'aghaidh isteach
2.
·
Tá sé ag déanamh aithrist' ar Sh.
Má ghníonn sé aon-aithrist ormsa ní rachaidh leis
·
Rinne sé scéala air = d'fhuagair sé é; rinne sé spiadóireacht air
Rinne sé roghain uirre = thogh sé an rud sin thar na rudaí eile; ba í sin an bhean a bhí sé ag iarraidh a phósadh
3.
+
Ní fhéadfá déanamh uirre thar dhuine ar bith. Tá sí an-dorcha = teanntás a bhrughadh uirre
M'anam gur beag an baoghal ormsa a dhul ag déanamh air sin, agus gan a fhios agam nach hé an chaoi a dtosóchadh sé do mo mhaslú. Duine ann féin é
TUILLEADH (3) ▼
Ní fhéadfá déanamh ar an sagart sin. Tá sé ro-ghalánta, ro-leitheadach. Mo ghrádh na sagairt nach raibh aon-ghoithtí aca thar dhuine féin. Ba gheall le fear de'n bhaile an t-Athair P.
Ní dhéanfainn ar aonduine gan eolas maith a bheith agam air = ní dhéanfainn teanntás air
Is deacair leis déanamh ar dhuine

Féach freisin

ar