Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deán
ainmfhocal, fireann
ginideach uatha agus ainmneach iolra: deáin
focal Achréidh
sórt trinse, cuisle nó claise mar a d'fheicfeá sa gcladach scaití i mionduirling; claise nach mbeadh domhain i sráid nó i ngort nó chois an bhóthair.
a.
+
Chaith sé nóta puint síos sa deán. Sin é a raibh an t-airgead fairsing aige gutter na sráide a bhí i gceist
Tá deán siar ó Órán agus bhí mé ag cur aníos feamainne ann lá, agus chuaigh an capall dhá báthadh sa deán, agus b'éigean dom mo sheanbhéice a ligean ar Mh. Ó hA. a bhí taobh thiar dhíom go dtógadh muid an capall
TUILLEADH (3) ▼
Tá deán síos ann — i lár na páirce — agus ní raibh acu le déanamh ach síneadh sa deán nó go ndeachaigh an chontúirt tharstu
Cónaíonn an t-uisce i gcónaí sa deán sin amuigh ar an tsráid. Caithfidh mé a líonadh an geimhreadh seo chugainn má fhágann Dia an tsláinte agam
Bhí sé caite sa deán atá thoir ansin thoir chois an bhóthair. Lucht cuarta a fuair ann é. B'éigean spúnógaí a fháil lena bhéal a oscailt. Dheamhan fata a changlódh sé lena ló meireach gur frítheadh é
b.
log, feadán beag, sruthláinín, lagchlaise.
·
I ndar liom fhéin go bhfuil deán in do mhuineál — sórt log nó gleann ann, agus é domhain thar mar a bheadh sé i ndaoine eile. Ar chúl an chinn a bhí sé ag caint (Seán Ó Beáin, An Carn Mór, Baile Chláir). Dúirt sé scaithín ina dhiaidh sin go raibh deán ina mhuineál féin, ach séard a bhí i gceist aige go raibh bealach breá fairsing sa bpíobán réidh aige, ag an bpórtar le dhul síos!
Hé brí cé a chuir an tuí sin d'fhága sé deán sa teach