Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Deán
ainm-fhocal, fireann
geineamhnach uathaidh agus ainmneach iolraidh: deáin
focal Achréidh
sórt trinnse, cuisle nó claise mar a d'fheicfeá sa gcladach scaithtí i mion-dúrlinn; claise nach mbeadh domhain i sráid nó ingort nó chois an bhóthair.
a.
+
Chaith sé nóta puint síos sa deán. Sin é a raibh an t-airgead fairsing aige = gutter na sráide a bhí igceist
Tá deán siar ó Órán agus bhí mé ag cur aníos feamainne ionn, lá, agus chuaidh an capall dhá báthadh sa deán, agus b'éigin dom mo shean-bhéice a leigean ar Mh. Ó h-A. a bhí taebh thiar dhíom go dtóigeadh muid an capall
TUILLEADH (3) ▼
Tá deán síos ionn — i lár na páirce — agus ní raibh acú le déanamh ach síneadh sa deán nó go ndeachaidh an chontabhairt tharstú.
Comhnuigheann an t-uisce igcomhnaí 'sa deán sin amuich ar an tsráid. Caithfidh mé a líonadh an geimhreadh seo chugainn má fhágann Dia an tsláinte agam
Bhí sé caithte sa deán atá thoir annsin thoir chois an bhóthair. Lucht cuarta a fuair ann é. B'éigin spúnógaí a fháil len a bhéal a oscailt. Dheamhan fata a changlóchadh sé len a ló meireach gur frítheadh é
b.
lag, fiodán beag, sruthláinín, lag-chlaise.
·
Indar liom fhéin go bhfuil deán in do mhuineál = sórt lag nó gleann ann, agus é domhain thar mar bheadh sé i ndaoine eile. Ar chúl an chinn a bhí sé ag caint (Seán Ó Beáin Cearnmór, Baile an Chláir). Dubhairt sé scaithín in a dhiaidh sin go raibh deán in a mhuineál féin, ach 'séard a bhí igceist aige go raibh bealach breagh fairsing sa bpíobán réidh aige, ag an bpórtar le dhul síos!
Hébrí cé a chuir an tuighe sin d'fhága sé deán sa teach