Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
déan ar
1.
ag tarraingt ar …
+
Rinne mé isteach ar Ghaillimh — tarraingt air
Tá sé thar am a bheith ag déanamh ar an mbaile
TUILLEADH (9) ▼
Tá sé ag déanamh ar an sé — ag tarraingt
Bhí sé ag déanamh ar am mharfach na hoíche nuair a tháinig muid
Sílim go bhfuil sé ag déanamh ar na cheithre scóir. Is fadó an lá ó dúradh leis go mba gasúr é ar chuma ar bith!
Ní féidir go bhfuil sé chomh deireanach sin. Tá sé ag déanamh ar an naoi
Chonaic mé fear ag déanamh orm idir mé agus léas. Shíl mé i dtosach gur duine de mhuintir na dTamhnachaí a bhí ann. Nuair a bhí sé tuairim is leath bealaigh go dtí mé, d'iontaigh sé soir aduaidh. 'Dar príosta,' arsa mise, 'is gearr go mbeidh a fhios agam cé atá ann … '
Rinne sé orm agus scéin an diabhail ina dhá shúil
Má tá an t-achar sin agaibh le dhul, ní mhiste dhaoibh a bheith ag déanamh air feasta
Chonaic mé ag dul soir tráthnóna é. Ag déanamh ar theach ósta eicínt a bhí sé is dóigh
Ag déanamh ar an gcailín atá sé seo siar. Is maith luath sa ló!
+
Tá sé ag déanamh ar an mbás — ag tarraingt ar an mbás
Bhí sé ag déanamh ar an gcontráth an uair sin. Ba ghearr eile go mbeadh cruóig le solas
TUILLEADH (1) ▼
Meas tú nach ag déanamh ar an [...] atá M. Sea go siúráilte
·
Déan ar t'aghaidh — téirigh an bealach a bhfuil t'aghaidh ann
Déan ar t'aghaidh isteach
2.
·
Tá sé ag déanamh aithriste ar Sh.
Má ghníonn sé aon aithrist ormsa ní rachaidh leis
·
Rinne sé scéala air — d'fhuagair sé é; rinne sé spíodóireacht air
Rinne sé roghain uirthi — thogh sé an rud sin thar na rudaí eile; ba í sin an bhean a bhí sé ag iarraidh a phósadh
3.
+
Ní fhéadfá déanamh uirthi thar dhuine ar bith. Tá sí an-dorcha — teanntás a bhrú uirthi
M'anam gur beag an baol ormsa a dhul ag déanamh air sin, agus gan a fhios agam nach é an chaoi a dtosódh sé do mo mhaslú. Duine ann féin é
TUILLEADH (3) ▼
Ní fhéadfá déanamh ar an sagart sin. Tá sé róghalánta, róleitheadach. Mo ghrá na sagairt nach raibh aon ghoití acu thar dhuine féin. Ba gheall le fear den bhaile an tAthair P.
Ní dhéanfainn ar aon duine gan eolas maith a bheith agam air — ní dhéanfainn teanntás air
Is deacair leis déanamh ar dhuine

Féach freisin

ar

déan ar in iontrálacha eile (50+)

+
Dheamhan buille a dhein sé ó mhaidin ach caite ar an gceannfhearann ag séideadh tobac uaidh. Is dóigh go bhfuil sé breoite ó ól an lae inné
TUILLEADH (1) ▼
Déanfaidh mé ceannfhearainn anseo. Ligfidh mé na giotaí suas go huachtar i ngreamús dhá chéile. Béarfaidh na cupla cúilín ar a chéile ansin thall ag an gcloich
 
Tá sé sin chomh faiteach agus nach bhfuil teacht i láthair ar bith ann. Ní dhéanfaidh sé aon chúis —coimhthíoch, cúthaileadas air
+
Cén fáth a ndéanfadh sé é, adeir tú? Cén fáth ach faitíos a bheith air?
TUILLEADH (3) ▼
Tá faitíos an tsaoil air go ndéanfaidh tú aon cheo air
Tá faitíos éirí orm mar b'fhéidir gur mé a bhualadh síos aríst a dhéanfaí
Déan go cuibhiúil é, ar (le) fhaitíos spíodóireacht
+
fara
Shílfeá gur codladh corrach a dhéanfadh rud ar bith ar fhara, ach sé buac na gcearc é ina dhiaidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Tá lot déanta ag an ógánach sin (an sionnach) anseo le bliain. Dar fia tá! Meas tú nár scuab sé sé cinn de chearca breá amach den fhara uaim. Fuair sé ligean eicínt orthu. 'Sé atá i riocht
+
Cén mhaith breáichte mura bhfuil rud eicínt ina haice? Dheamhan a dhath! Ní farasbarr breáichte a chuireas barr ar an bpota. Bíodh sí go breá nó ná bíodh, ach má tá sí ina gnaitheach maith agus an téagar a bheith sa sparán aici, déanfaidh sí cúis
TUILLEADH (1) ▼
Shíl mé gur ag cur farasbarr ar an gcuibhiúlacht a bhí mé le é sin a dhéanamh, ach is cosúil gurb éard a rinne mé brachán den scéal
+
Ní hé m'fhearachtsa a rinne sé; gan tréas ar bith a chur ar fhear na móna. Dhá dtapaínnse mo ghnaithe mar a rinne seisean, agus gairm chúirte a chur ar fhear an leoraí, gheobhainn mo chuid airgid freisin. Ach níor thapaíos
TUILLEADH (3) ▼
Dhá ndéanadh sé fearacht an rud a rinne sé cheana (fearacht mar a rinne sé cheana; fearacht cheana; fearacht an uair cheana), is mór a thabharfadh a mbeannacht dó. Rinne sé an grá dia an uair sin ar chaoi ar bith
Ní dhéanfaidh sé fearacht an dearthár ar chaoi ar bith: crapadh leis abhaile chomh luath agus a íocfar a chuid airgid leis
Buaileann sé fearacht cloig ach ní hé an déanamh céanna atá air ina dhiaidh sin. Rud fada caol é
+
Ní fearadh mór don bhaile seo í sin a bheith ann ar aon nós. Hé brí cén dochar a dhéanfas sí, ní dhéanfaidh sí sochar ar bith
TUILLEADH (1) ▼
Is fearadh ar an tír an dole seo. Dar príosta, is fearadh ar dhaoine bochta é ar aon nós. Céard a dhéanfaidís murach é?
 
Rinne sí cheithre leith den cháca, agus thug sí dóibh é: fearann an duine. Níor bhain sí fhéin oiread agus an bhearna bhruite as. Dheamhan é muis. Ba mhór an trua iad ar aon chor: lucht bóthair agus bealaigh
 
fear
Go lige Dia a sláinte di! Is mór an grá dia a rinne sí agus an dílleachta bocht sin a thabhairt léithe. Fearfaidh Dia agus Muire Mháthair a cuid grá dia uirthi. 'Siad atá i riocht
 
Aimsir fhearthainne den tsórt seo, b'fhearr do dhuine fanacht chois na tine agus gan a bheith dhá chailleadh fhéin, ar scáth a mbeadh déanta aige. Ní raibh aon cheo ariamh de bharr breacaimsir mar seo
 
Tá riascannaí ceo ag imeacht agus tá sé ag fearúint ar an gcnoc. Is gearr go bhfeice tú an tuile shí anois. Déanfaidh sé múr anseo fhéin
 
Thug J. amach an láirín agus é ag dul suas go F. 'Ní fré chéile a chacfas sí seo,' adeir sé, ag déanamh gaisce aisti. 'Fan go bhfeice sibh mise ag dul soir an bóthar sna feire glinnte uirthi'. Dheamhan dhá choisméig a ghabh an capall nó go raibh bualtrach déanta aici!
 
feiste
Fág mar sin é. Ná téirigh ina fheiste ná ina fhínne chor ar bith. B'fhéidir gur thú a ionsú a dhéanfadh an bhrúisc sin. Mo chomhairle dhuit fanúint uaidh
 
Ní ligfeadh aon duine beo an feithideach sin amach sa ngarraí agus gan a fhios aige nach é a chailleadh a dhéanfaí ar an iomaire
+
feáin
Ní bheadh fí ná feáin air mura bhfaigheadh sé an ágóidín sin le pósadh, agus nuair a fuair, ba bheag an suaimhneas a rinne sé léithe. Nár réití Samhain ná Bealtaine eatarthu muis!
TUILLEADH (2) ▼
Rinne sé é sin muise chomh siúráilte agus atá an feáin (?) ar an móin — is cinnte go ndearna sé é sin
'Sé a rinne é. Níl aon mhaith dhuit a pháirt a thógáil. Ní hé a mhalrait a rinne é, chomh siúráilte agus atá an feáin ar an móin
+
fios
Dhá mbeadh fios ar a leas ag duine, sí a dhéanfadh sé — dhá mbeadh fios a leasa ag duine
TUILLEADH (5) ▼
Níl duine ar bith nach í a leas a dhéanfadh dhá mbeadh a fhios aige é. Ach sin é an buille. Ní bhíonn fios a leasa ag duine
Níl a fhios agam céard a rinne mé ar mo Dhia chor ar bith. Níl mé ag fáil aon mhámh i gCathair Pheadair ná Phóil
Níl a fhios agam céard a rinne mé ar mo Dhia agus an bhail seo a chur orm! Mé a chasadh i lár an bhulc bligeards is corónta a chonaic mé ariamh!
Ara cén chaint sin ort? Tá M. níos fearr a fhios ná sin. Ní chreidfinn go ndéanfadh sí a leithide de chleas
Seachain í. Cá bhfios go té sin. Crois Críost orainn, b'fhéidir gur eascainí a dhéanfadh sí ort?
 
Ní drochfhliuchán ar bith é fliuchán farraige. Ní dhearna an sáile aon dochar d'aon duine ariamh adeir siad
+
Bhí mé uair ag fanacht le fear fobhairne a chuirfeadh an churach siar a chúnamh dhom, ach diabhal duine a bhí ag teacht. 'Buailfidh mé fhéin faoi,' adeirimse faoi dheireadh agus faoi dhó. 'Rinne mé cheana é gan fear fobhairne ar bith.' Ach m'anam má rinne nárbh é an lá sin é. Dhá mbeadh breith ar m'aiféala agamsa agus mé leath cuain choinneoinn stuaim ar an bhfoighid, agus ní chorróinn as an áit a raibh mé. Bhí farraige ghártha ann agus an sruth i m'aghaidh
TUILLEADH (3) ▼
Níl fear fobhairne ar bith ag an tuíodóir breá seo thíos, ach é ag freastal air fhéin. Shílfeá ar a laghad ar bith go ndéanfaidís na baibíní dhó, ach diabhal déanamh
'Ar ndó sé an fear fobhairne atá ag an sáirsint é. Ní dhéanann an sáirsint tada gan é a cheadú. Isteach chuige atá sé rite chuile phointe
Níor mhór dhuit agat d'fhear fobhairne an lá sin. Bhí do chnaipe déanta murach go ndearna sé tarrtháil ort. Mharódh na Peaitseachaí thú
 
focal
Bhí a fhios agam go maith ar an gcaoi ar las sí suas gur sciorradh uaithi a rinne an focal. Ní thabharfadh sí deoir fhola le náire. D'imigh an chaint uaithi uaidh sin amach
+
Rinne sé an choir. Is furasta a aithinte anois air é, ní dhá roinnt leis é. Foilsíonn Dia rudaí mar sin — agraíonn Dia rudaí mar sin ar dhuine (sa saol seo fhéin); is follasach é na rudaí a tharlaíos do dhuine go raibh Dia ag ídiú nó ag fearadh a dhrochghníomhra air
TUILLEADH (2) ▼
Nár lige Dia go bhfearfadh sé a chionta air. Tá an rud thart anois, agus níl muid ag guí an oilc dó, théis a ndearna sé orainn. Ach foilseeoidh Dia an chréatúlacht luath nó mall
Ba deacair dóibh an t-ádh a bheith orthu, go mba leo fhéin uainne é. Shíl siad go raibh siad ina rith seoil ceart críochnaithe anois. Bhí a dhá láimh timpeall ar an saol. Ach is ag Dia is fhearr a fhios. Foilsíonn Dia an chneámhaireacht agus an míscrupall i gcónaí. Is fada ar an saol mé agus níl aon lá ó tháinig cuimhne dhom nach amhlaidh a fheicim é. Chuala tú an scéal faoin bhfear a chonaic fear eile ag marú duine agus dhá chur i ngan fhios. Mhionnaigh sé agus mhóidigh sé mura bhfoilsíodh Dia é nach mbeadh aon aird aige fhéin ar Dhia níos mó. D'fhan mar sin. Chonaic sé go raibh an saol ag féithiú leis an té a rinne an marú … Sin é an chaoi a raibh sé. Bhí fear eile marbh cheana ag an té a maraíodh. Nach maith gur fhoilsigh Dia an choir sin!
+
Dheamhan neach an aoin istigh ar an mbaile nach bhfuil foirgthe le fliú. Bhuail sé muid tá mí ó shin, ach m'anam go bhfuil muid ag fuasaoid aríst. Níl rud ar bith chomh haiféalach leis. Mura bhfuil ag Dia déanfaidh sé creach shul má stopfas sé.
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh muid foirgthe ariamh go dtí anois muis, má chuirtear an fhoghail a rinneadh ansin thiar sna rates orainn
 
foirm
Dúirt sé é sin! Dúirt sé go bhféadfadh ceachtar againn atá fúithi an fheamainn pháirteach a bhaint agus nach mbeadh aon mhaith aon tréas a chur air, nach gcaithfí é sa dlí. Thug sé a éitheach! Cén chiall nach gcaithfí? Déanadh sé mar sin é feiceamuist! Sin caint anois nach bhfuil i gclár ná i bhfoirm
+
Déanann tú scríbhneoireacht an-fhollasach bail ó Dhia ort — soiléir soléite
TUILLEADH (1) ▼
Dhá mbeadh an creideamh sách follasach ina n-intinn, ní dhéanfaidís rud mar sin. Ba bheag an baol orthu
 
M'anam nach beag dom a bhfuil ag fortabháil orm cheana agus gan tusa a dhul ag cur tuillidh orm. Cén chaoi a bhféadfainnse a bheith san airdeall ar do chuid beathach. Tá mo chuid fhéin ag déanamh cíor tuaifil díom. Má ba leat féarach a cheannacht, bhí agat é a fháil in aice láthair: sin nó ligean dó ar fad. Bheadh bó trí lá báite nó basctha ansin thuas shul má gheofaí í
+
Cén sórt fothramán é sin a chuala muid ar ball? Blastannaí a chuaigh amach ab ea? Ba diabhaltaí an fothramán a rinne sé mura ndeachaigh amach ach ceann
TUILLEADH (1) ▼
Ar ndóigh ní ag brath ar a dhul amach sa bhfothramán farraige sin a bheifeá? Níl aon churach déanta atá in ann a mharaíocht. Cén chruóg amach atá ort nó go dtige an aimsir sin in araíocht?