Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dorn
/dəurɴə/; /dorɴə/ Achréidh
ainmfhocal
tuiseal ginideach uatha: an dorna
uimhir iolra: dornaí. Níor chuala mé doirn tuiseal ginideach.
tá an a /ə/ ina dheireadh i gcónaí san ainmneach.
1.
 crobh na láimhe agus í iata; buille de chrobh na láimhe agus í iata.
+
Dún do dhorna
Thomhais sé an dorna liom (fc. tomhais)
TUILLEADH (14) ▼
Bhuail sé dhá dhorna mé
Thosaigh sé ag gabháilt de dhornaí orm, agus fhóbair gur chniog sé mé
Coinnigh do chuid dornaí agat féin anois
Má fhaighim dorna ort déanfaidh mé aon lá amháin díot a (s)coirbín
Seas dorna dhom
Sheas sé amach uaidh agus thug sé a sheandhorna dhó
Tá an-dorna aige — iarraidh de dhorna
Tá cuaifeach de dhorna aige — dorna dalba (fc. cuaifeach)
Is measa dorna uaidh ná iarraidh ó ord
Is beag an teacht aniar atá ina dhoirnín dona
Chuir sé an doras isteach de dhorna
Cuirfidh mise codladh ort le dorna
Is measa an t-oirdín de dhorna atá aige siúd ná dhá bhfaighteá iarraidh de mháilléad
Lig de do chuid dornaí anois, nó má éirímse agat, cuirfidh mé luí fia ort d'aon phléisc amháin
+
"An té is fhearr dorna, 'sé is fhearr corna (/kəurɴə/: corn) den fheoil" (seanfhocal) — bíonn maith gach uile rud, ach an ceann ramhar de gach uile rud, ag fear na láimhe láidre
Níl ann anois ag na náisiúin sin, ach an fear is fhearr dorna, 'sé is fhearr corna den fheoil. Sciob sceab ceart atá acu anois
TUILLEADH (3) ▼
Is iomaí créatúlacht a rinne sé ariamh. Ach b'fhurasta dhó agus an saol a bhí ann an uair sin. Séard a bhí ann sa saol sin: an fear ab fhearr dorna, 'sé ab fhearr corna den fheoil
Is furasta dhó rud a bheith aige féin. Nuair a bhí an saol ar forbhás agus gan aon dlí ann, thapaigh sé sin é, agus rinne sé bun. Cé a bhí in ann aon chaidéis a chur air. Nach aige féin a bhí an chomhairle ar fad. Ba é an cás é: an té ab fhearr dorna, ba é ab fhearr corna den fheoil
Más cúrsaí den tsórt sin é, ní bheidh mise folamh ach an oiread le duine. Chreidim gurb é an fear is fhearr dorna, gurb é is fhearr corna den fheoil anseo
·
"Ní fhaigheann láimh iata ach dorna dúnta" (fc. láimh)
2.
 fad an dorna timpeall is leathtroigh.
·
Tabhair tomhais an dorna air — tomhais le do dhorna é
Cé mhéad dorna ann?
3.
lán glaice de rud
+
Tabhair dorna bran do na muca sin — máimín bheag
An mbeadh dorn mine agat a thabharfá don lao sin. Tá sé ag cur a lútha amach ag géimneach. Meas tú nach ocras atá air?
TUILLEADH (3) ▼
Dhá gcuirtheá dorna beag den mhin mhór thríd sin anois, ní fhaca tú aon bheatha go hiomaí ag muca mar é. Diabhal mé go mbeidís i riocht a dhul ag an stalla faoi cheann cupla mí dhá bhfaighidís é sin dhá cheann de ló
Chuir sí dorna de rud eicínt — mura gabháil é — thríd an bplúr, agus d'at sé suas é ar an dá luath is ar cuireadh i mbácús é. Shíl mé nárbh fhéidir gabháil ar bith a fháil anois
Bhí síol féir agam anseo arú anuraidh agus glaicín síol plandaí ansin a bhí mé a choinneáil do T. Mh. Meas tú nár thosaigh na deabhaic de ghasúir sin ag cur dornaí den tsíol plandaí thríd an síol féir agus shuaith siad thrína chéile iad, agus chuir siad chaon cheann acu ó mhaith. Bhí mé ag gabháil orthu an fhad is a fuair mé teas ina gcraiceann, ach cén mhaith sin: dhéanfaidís ar an toirt aríst é
4.
+
Rinne sé dorna méire — smeach nó smalóig lena ordóig agus a mhéir mheáin
Cén fáth dhuit a bheith ag déanamh dornaí méire mar sin. An fleasc a chuaigh faoi t'ionga ná eile?
TUILLEADH (3) ▼
Dhá mbeifeá dhá lá do shaoil in éindí leis, sin é a cheird: ag déanamh dornaí méire
Rinne sé dorna méire leis an mbean a bhí roimhe amach ar an tsráid. D'iontaigh sí thart agus dheamhan easna dhó nár thosaigh ag sméideadh uirthi. Lady mhór a bhí inti, de bhean bhreá dhathúil. Ní raibh faitíos ar bith orm féin, ach go bhfaigheadh sí tógtha an bheirt againn. Ní raibh cás ar bith agam annsan — 'sé a bhí sé a thuaradh dó féin ar aon nós — ach ní raibh aon dúil mhór agam féin a dhul sa mBlackhole
Lig de do chuid dornaí méire anseo anois. Cá'il an cailín a bhí anuraidh agat? Má bhí searbhónta agat i Sasana, bainfear as do chleachta anseo anois thú

Féach freisin