Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dradaireacht
ainmfhocal, baineann; ainm briathartha
1.
ag drannadh; caint gan mórán substainte.
·
Lig de do chuid dradaireachta anois, nó m'anam ón diabhal go gcuirfidh mise ó dhradaireacht thú feicfidh tú féin air
Tá dradaireacht mhaith le fáil uaidh sin, ach sin é an méid
2.
ag radaireacht, ag cúirtéireacht, nó tucarach dhá bheith ag caint le mná.
·
Ag imeacht ag dradaireacht le mná a chaitheas sé sin a shaol. Ba dual athar dó. Nuair a bhíodh a athair ag obair i ngarraí an Bh. ansin thíos, ar an dá luath is a bhfeicfeadh sé bean ag bailiú anoir Ard D., bheadh sé thíos ar shúil an bhóthair le bleid a bhualadh uirthi. Dhá bhfaigheadh sé aon ugach uaithi, chaithfeadh sé an chuid eile den lá ag dradaireacht léithe

dradaireacht in iontrálacha eile (7)

 
Bhí sé anseo an lá faoi dheireadh agus mura raibh dradaireacht le fáil uaidh, ní lá go maidin é the last day, the other day; an lá cheana
 
Cuirfidh sé seo soir anois pórtar ar an smaois ag Jóín ó chuaigh sé ar chomaoin a chaitheamh chor ar bith leis … Go bhfóire Dia ar do cheann a mhic ó. Deirimse comaoin leat. Tá tusa ag ceapadh go bhfuil sé ag tabhairt Jóín soir go dtí teach an ósta. Tá muis. Soir leat anois ag an tsáil acu go bhfeice tú an dtabharfaidh, agus cuirfidh mé mo rogha geall leat go siúlfaidh sé féin isteach i dteach an ósta agus go dtabharfaidh sé cead an bhealaigh do Jóín, mura dté sé isteach agus a chuid féin a sheasamh. Bíodh a fhios agat anois go seasfadh sé istigh ar an dradaireacht sin leis in aghaidh an chuntair, gan fiafraí dó (de) an raibh béal air. Sin é an cineál tútacháin é féin. Ní bhfaigheadh Dia shúlach an deoir uaidh
 
dóigh 1
Boss réidh go leor é. Mura bhfeiceadh sé thú ag déanamh dóighe den scéal ar fad ní abródh sé tada. Bhí mé féin agus M. Bh. ansin thiar anuraidh ag baint chlocha reatha i ngarraí D. Shuigh muid síos agus na piocóideachaí caite uainn againn. Diabhal easna dhó nár théaltaigh aniar, agus ní fhaca muid ariamh ariamh é, gur rug sé ceart críochnaithe orainn. Meas tú céard a rinne sé: a dhroim a thabhairt dúinn ar an toirt … Chaithfeadh sé T. Mh. a bhriseadh. Rinne sé sin dóigh dhó (dhe) amach is amach. Fear ar bith a leagadh an bara uaidh os a choinne agus a chuireadh péire uillinneachaí air fhéin ag dradaireacht le chuile bhean a théadh thart an bóthar
 
Bhuail mé soir aige anseo uair nach raibh aon ghráinne diúain (guano) agam ná a luach. Bhí sé istigh romham sa siopa. 'An dtabharfá céad diúain dom a Mhister F.,' arsa mise, 'go ndíola mé na muca.' Thosaigh sé ag mungailt faoina fhiacla, agus síos leis go tóin an tsiopa. Tháinig beirt nó triúr cuisliméaraí isteach. Thosaigh sé ag dradaireacht leo agus choinnigh sé ag caint iad an fhad is a d'fhéad sé. D'imigh siad, ach d'fhan seisean thíos ag méirínteacht le páipéir, agus níor thaobhaigh sé aníos mé fhéin nó go dtáinig cuisliméara eicínt eile. 'Go brách aríst,' arsa mise liom fhéin, 'ní bhfaighidh tú an deis droimdhiúltú a thabhairt domsa aríst, dhá dtéinn a chodladh in mo throscadh.' Ón lá sin go dtí an lá atá inniu ann, níor sheas mise istigh ina theach ná níor fhága mé luach na cianóige aige
 
Bhí an droinnín beag sin thiar ag G. Mh. A. ann, agus má bhí féin, bhí cóirí catha aige. Diabhal aithne a bhí air nach é féin a bhuail an bully leis an ngaotaireacht a bhí aige faoi. Agus ní bhuailfeadh sé míoltóig, ní hé amháin a mhalrait. Níl gnaoi ar bith agam ar an gceann céanna. Níl áit ar bith thar baile amach dhá gcastar mé le gairid nach é an chéad bhall a fheicim romham é, ag dradaireacht
 
dubh 3
Dubhóidh mise na súile dhuit an-éasca mura lige tú de do chuid dradaireachta
 
Dhá gcaiteá do dhúthracht, ach níor chaith, bheadh sé déanta agat. Ach b'fhearr leat ag dradaireacht le chuile bhean óg dhá ndeachaigh thart an bóthar. Níl gnaithe ar bith thusa a chur ag obair ar shúil an bhóthair