Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dradaire
ainmfhocal, fireann
1.
duine a mbeadh drad nó cáir air agus an-tóir ar chaint aige.
·
Tá tú in do dhradaire mar a bhí tú ariamh
Dradaire maith é sin deirimse leat. Sheasfadh sé ar an gceird sin go brách: cáir bheag ansiúd air ag nathaíocht. Mac Ph. Sh. M. a bhí a scaoileadh aige. Sin é nach n-éistfeadh i bhfad leis!
2.
radaire nó ealaidhe ban; duine a bheadh tucarach do shuirí nó do chaint le mná.
·
Dradaire ceart é sin. Níl aon bhean aniar ó Cheann Léime nach bhfuil cara chainte curtha aige uirthi. Tá geis air gan aon bhean a ligean thairis gan aighneas a chur uirthi