Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dradaire
ainm-fhocal; fireann.
1.
duine a mbeadh drad nó cáir air agus an-tóir ar chaint aige.
·
Tá tú in do dhradaire mar a bhí tú ariamh
Dradaire maith é sin deirimse leat. Sheasfadh sé ar an gceird sin go bráth: cáir bheag annsiúd air ag nathaidheacht. Mac Ph. Sh. M. a bhí a scaoileadh aige. Sin é nach n-éistfeadh i bhfad leis!
2.
radaire nó ealaidhe ban; duine a bheadh tugtharach do shuirghe nó do chaint le mná.
·
Dradaire ceart é sin. Níl aon-bhean aniar ó Cheann Léime nach bhfuil carra chainte curta aige uirre. Tá geis air gan aon-bhean a leigean thairis gan aighneas a chur uirre