Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dradgháireach
aidiacht
a bheith ag gáirí go flithmhagúil nó go fonóideach.
+
Is diabhlaí dradgháireach atá cuid de na daoine. Ní mórán dradgháirí muise ab ait leo a dhéanamh fúthu féin. 'Sé an té is lú acmhainn é féin, an té is mó a mbíonn fonn air suí i mbun duine eile!
Bhí sí chomh dradgháireach le madadh istigh sa gclúid. A Rí na bhfeart nach í an chúdaois (códaois?) ghránna í, ní ag fáil locht ar ghnaithe Dé é! 'Sí agus an chúdaois olc!
TUILLEADH (3) ▼
Cé hí an bhean mhór dhradgháireach a bhí i lár báire. Ba gheall le bean Gh. fadó í: G. an jumper, má ba í a bhean fhéin chor ar bith a bhíodh ag imeacht ar strapa soir agus anoir ansin aige
Ní gealgháireach atá sí ach dradgháireach. Sin é an gáire gangaideach a dhéanfas sí sin. Bheadh gáirí maith aici faoi do bhris
Ní fhaca mé é ag déanamh gáire croíúil ariamh ach dradgháireach mar sin. Shílfeá gur faoi dhuine eicínt eile a bhíos sé ag gáirí i gcónaí. Níl gair ag duine breathnú cam air féin nach bhfuil sé ina choileachín

Féach freisin