Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
draíodóireacht
ainmfhocal, baineann
ag freagairt do draíodóir
a bheith ag cur nó ag déanamh draíochta; ach ní hin é an chiall is mó sa gcaint anois leis ach a bheith ag imeacht go saobhnósach, go haisteach, go rúnmhar, gan aon fhorás nó a leithide.
+
Ag imeacht ag draíodóireacht mar sin a bhíos sé sin i gcónaí. Is furasta a aithinte ar a gharraí é. Tá sé giobach
Dheamhan smeach ar bith a ghníos sé sin ach ar an draíodóireacht sin. Mo léan géar is deacair fios a intinne a fháil ina dhiaidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Lig de do chuid draíodóireacht anois, agus labhair go céillí mar a dhéanfadh fear. Ní cúrsaí mugadh magadh é seo chor ar bith

Féach freisin