Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Draoidheadóireacht
ainm-fhocal, buineann
ag freagairt do dhraoidheadóir.
a bheith ag cur nó ag déanamh draoidheachta; ach ní shin é an chiall is mó 'san gcaint anois leis ach a bheith ag imeacht go saobhnósach, go h-aisteach, go rúnmhar, gan aon-fhorás nó a leithide.
+
Ag imeacht ag draoidheadóireacht mar sin a bhíos sé sin i gcomhnaí. Is furasta aithinte ar a gharrdha é. Tá sé giobach
Dheamhan smeach ar bith a ghníos sé sin ach ar an draoidheadóireacht sin. Mo léan géar is deacair fios a intinne a fháil in a dheidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Leig de do chuid draoidheadóireacht anois, agus labhair go céillidhe mar a dhéanfadh fear. Ní cúrsaí mugadh magadh é seo chor ar bith

Féach freisin