Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dramhailte
aidiacht
caillte, meata, dona, truaillithe, feidheartha, sa ngearradh dhíobh.
+
Is dramhailte an duinín é sin lena chur isteach i dteach ar bith ag iarraidh mná. Bean ar bith a fheicfeas é, go deimhin déarfaidh sí léithe féin nach téagar mór é sínte leis an taobh aici ar dhubhluachair na bliana mar seo. Ach tá an spaga aige ina dhiaidh sin
Gamhainín dramhailte dona a bhí aige, gan biseach ar bith faoi shílfeá. Chuaigh sé chúig phunt cúig déag. Diabhal trí phunt a gheobhadh sé air aon aonach le bliain, ach bhí siad thrí lasadh inniu
TUILLEADH (1) ▼
Cá mbeifeá ag tabhairt an bhuinneacháinín dhramhailte sin, agus gan fhios nach iad na bodachaí móra seo suas a shiúlfadh air. Níl gnaithe ar bith aige sin ar bhainis. Níl aon áit feilteach dhó sin ach an áit a bhfuil sé: áit a bhfuil cathaoireacha boga, agus clúmhach faoi is thairis, agus bratachaí faoi a chosa, agus gan puth ar bith ag teacht air. Ní cheapfainn go seasfadh sé i bhfad ar an gcruatan