Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dreamhailte
aidiacht.
caillte, meathta, dona, truaillighthe, feidheartha, sa ngearradh dhíob.
+
Is dreamhailte an duinín é sin len a chur isteach idteach ar bith ag iarraidh mná. Bean ar bith a fheicfeas é, go deimhin déarfaidh sí léithe féin nach téagar mór é sínte leis an taobh aice ar dhubhluachair na bliana mar seo. Ach tá an spaga aige in a dheidh sin
Gamhainín dreamhailte dona a bhí aige, gan biseach ar bith faoi shílfeá. Chuaidh sé chúig phunt cúig déag. Diabhal trí phunt a gheobhadh sé air aon-aonach le bliain, ach bhí siad thrí lasadh indiu
TUILLEADH (1) ▼
Cá mbeitheá ag tabhairt an bhuinneacháinín dhreamhailte sin, agus gan fhios nach h-iad na bodachaí móra seo suas a shiubhailfeadh air. Níl gnotha ar bith aige sin ar bhainis. Níl aon-áit feilteach dhó sin ach an áit a bhfuil sé: áit a bhfuil cathaoireacha boga, agus clúmhach faoi agus thairis, agus bratachaí faoi a chosa, agus gan puth ar bith ag teacht air. Ní cheapfainn go seasfadh sé ibhfad ar an gcruadhtan