Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
drandailín
deoraí beag nach mbíonn rath ná ríocht air, ach a bhíos tugtha do chaint; dúradáinín dona.
a.
+
Céard atá tú a rá a dhrandailín. Is beag a bhéarfadh orm é a thabhairt isteach ar an gcogús duit
Tá drandailín de mhac ansin thiar ag M. Sh., agus choinneodh sé caint le Éire bheag agus le Éire mhór. Theagadh sé ag cuartaíocht thíos anseo tigh J. anuraidh, agus ní theagadh iamh ar a bhéal ó bheadh sé taobh isteach de dhoras, ach ag stolladh cainte agus ag scilligeadh bréag. Ach cá bhfágfadh sé é. Ba dual dó siúd a bheith ina fhilí (fc. filí). Bhí sé ina dhream
TUILLEADH (2) ▼
A dhrandailín dhona, d'éireoinn in do phutógaí mura gcaithe tú thart an chaint sin. Tá mé ag éisteacht leat chuile oíche ó tháinig an bhliain ag coiriúint ar chuile dhuine, agus nach fearr an oidhe ar aon duine coiriúint ná ort féin. M'anamsa ná raibh ag an diabhal go mbrisfinn do dhrandal ar a chéile má chloisim dur uait aríst anocht
'Sé an drandailín sin atá suimiúil — agus bastallach. Diabhal aithne air nach obair atá sé in ann a dhéanamh. 'Sé a leithide is measa a bheadh — duinín dona nach ndearna tada ariamh
b.
duine a mbíonn cáir air; duine a mbíonn drandal an mhagaidh air.
·
Éirigh as seo agus ná bí in do dhrandailín ansin ag gáirí agus ag sciotaraíl gan údar faoin domhan. Agus a liachtaí teach sa tír a mbeifeá ar an gceird sin ann a gcuirfí do dhrad síos in do phutógaí — agus gan peárail ar bith a ghlacadh leat faoi, ach oiread. Ní éadáil ar bith thú don áit a mbeidh tú