Dranndailín
—
deoraidhe beag nach mbíonn rath ná righeacht air, ach a bhíos tugtha do chaint; dubhradáinín dona.
a.
+–
Céard tá tú a rádh a dhranndailín. Is beag a bhéarfadh orm é a thabhairt isteach ar an gcogús duit
Tá drandailín de mhac annsin thiar ag M. Sh., agus choinneochadh sé caint le Éire bheag agus le Éire mhór. Theagadh sé ag cuartuidheacht thíos annseo tigh J. anuiridh, agus ní theagadh iabh ar a bhéal ó a bheadh sé taobh isteach de dhorus ach ag stolladh cainte, agus ag scileigeadh bréag. Ach cá bhfágfadh sé é. Ba dual dó siúd a bheith in a fhilidhe (c.f filidhe). Bhí sé in a dhream.
TUILLEADH (2) ▼
A dhranndailín dhona d'eireochainn in do phutógaí mara gcaithidh tú thart an chaint sin. Tá mé ag éisteacht leat 'chuile oíche ó tháinig an bhliain ag coireamhaint ar 'chuile dhuine, agus nach fearr an aghaidh ar aon-duine coireamhaint ná ort féin. M'anam-sa ná raibh ag an Diabhal go mbrisfinn do dhranndal ar a chéile má chloisim dor uait aríst anocht.
'Sé an dranndailín sin atá suimeamhail — agus bastalach. Diabhal aithne air nach obair atá sé in don a dhéanamh. 'Sé a leithide is measa a bheadh — duinín dona nach ndearna tada ariamh
b.
duine a mbíonn cáir air; duine a mbíonn dranndal an mhagaidh air.
·
Eirigh as seo agus ná bí in do dhranndailín annsin ag gáiridhe agus ag sciotráighil gan údar faoi'n domhan. Agus a liachtaighe teach ins an tír a mbeitheá ar an gceird sin ann, a gcuirfí do dhrad síos in do phutógaí — agus gan peárail ar bith a ghlacadh leat faoi, ach oiread. Ní éadáil ar bith thú do'n áit a mbeidh tú