Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dradmhála
mála a bheadh líonta sactha go béal, nó i ndáil leis.
+
Fuair sé dradmhála maith anseo aréir. Ní féidir dó é a bheith ídithe aige in aice a chuid féin
Nach é an ríste é nach mbeadh fataí aige féin agus gan a bheith i dtuilleamaí na comharsan d'acht is go háirid. Fuair sé dradmhála anseo muis an lá faoi dheireadh
TUILLEADH (4) ▼
M'anam go bhfuil dradmhála maith agat bail ó Dhia ort!
Chuaigh bean an tincéara soir ar ball agus dradmhála maith aici théis an lae. Is diabhlaí an soláthraí í. Ní fhágfaidh sí teach ar bith folamh. Beidh sí ag tuineadh leat nó go dtuga tú rud eicínt di
Bhí dradmhála aici ag teacht as Gaillimh, hé brí cén sórt maingíní a bhí aici ann
Tá dradmhála eile fós ann, má bhailíonn tú de dhradmhála chor ar bith é

Féach freisin