Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dradgháire
ainm briathartha
ag gáire go míchéatach, nó go flithmhagúil.
·
Lig de do chuid dradgháirí fúmsa anois, nó leathnóidh mé dorna ar an smaois agat gan mórán achair. An síleann tú nach ndéanfainn é?
Sin é an gáirí leis an olc muis, an dradgháirí a dhéanfas sé sin. Ti hí! Nach é an sionnach i gcraiceann na caorach é!
+
Thosaigh sé ag dradgháirí faoi J. agus ar ndóigh mo léan spréach sé sin, agus bhí sé ar hob a dhul dhá mheilt nuair cé a shiúlfadh isteach ach an sagart. Sin é a tháinig ar uair na hachainí ar chaoi ar bith!
Is gránna an bealach do chailín óg mar í straois a bheith uirthi mar siúd i gcónaí ag dradgháirí. Dhá mba é an duine ba mheasa leat ariamh a bheadh ann, sin é an chaoi a mbeadh sí. Ba deas a thiocfadh masc (mask) di
TUILLEADH (2) ▼
Ná tabhair d'fhaisean duit féin mar sin a phutacháin, a bheith ag dradgháire, nó greamóidh sé dhuit! Dhá bhfeictheá tú féin anois. Go deimhin agus go dearfa, is breá dathúil í do cheannaghaidh!
Bhí tú ag dradgháirí ar baillín, agus anois tá tú ag smutaireacht chaoineacháin. Níl a fhios agam féin cén scéal é

Féach freisin