dradaire
—ainmfhocal, fireann
1.
            
duine a mbeadh drad nó cáir air agus an-tóir ar chaint aige.
·
Tá tú in do dhradaire mar a bhí tú ariamh
Dradaire maith é sin deirimse leat.  Sheasfadh sé ar an gceird sin go brách: cáir bheag ansiúd air ag nathaíocht.  Mac Ph. Sh. M. a bhí a scaoileadh aige.  Sin é nach n-éistfeadh i bhfad leis!
2.
            
radaire nó ealaí ban; duine a bheadh tucarach do shuirí nó do chaint le mná.
·
  Dradaire ceart é sin.  Níl aon bhean aniar ó Cheann Léime nach bhfuil cara chainte curtha aige uirthi.  Tá geis air gan aon bhean a ligean thairis gan aighneas a chur uirthi