Dradaireacht
—ainm-fhocal, ainm-bhriathar; buineann.
1.
ag drannadh; caint gan mórán substainte.
·
Leig de do chuid dradaireacht' anois, nó m'anam ó'n diabhal go gcuirfidh mise ó dhradaireacht thú feicfidh tú féin air
Tá dradaireacht mhaith le fáil uaidh sin, ach sin é an méid.
2.
ag radaireacht, ag cúirtéireacht, nó tugtharach dhá bheith ag caint le mná.
·
Ag imeacht ag dradaireacht le mná a chaitheas sé sin a shaoghal. Ba dual athar dó. Nuair a bhíodh a athair ag obair ingarrdha an Bh. annsin thíos, ar an dá luath agus a bhfeicfeadh sé bean ag bailiú anoir Árd D. bheadh sé thíos ar shúil an bhóthair le bleid a bhualadh uirre. Dhá bhfaghadh sé aon-ugach uaithe, chaithfeadh sé an chuid eile de'n lá ag dradaireacht léithe
Dradaireacht in iontrálacha eile (7)
Bhí sé annseo an lá faoi dheireadh agus mara raibh dradaireacht le fáil uaidh, ní lá go maidin é = the "last" day, the "other" day; an lá cheana
Cuirfidh sé seo soir anois "pórtar" ar an smaois ag Jóín ó chuaidh sé ar chumaoin a chaitheamh chor ar bith leis … Go bhfoiridh Dia ar do cheann a mhic ó. Deirimse cumaoin leat. Tá tusa ag ceapadh go bhfuil sé ag tabhairt Jóín soir go dtí teach an ósta. Tá muis. Soir leat anois ag an tsáil aca go bhfeicidh tú a' dtiubharfaidh agus cuirfidh mé mo rogha geall leat go siubhailfidh sé féin isteach idteach an ósta agus go dtiubharfaidh sé cead an bhealaigh do Jóín, mara dteighidh sé isteach agus a chuid féin a sheasamh. Bíodh a fhios agad anois go seasfadh sé istigh ar an dradaireacht sin leis in aghaidh an chúnntair, gan fiafruighe dó (de) a raibh béal air. Sin é an cineál tuatacháin é féin. Ní bhfuigheadh diaúmhlach an deoir uaidh
→
dóigh 1
"Boss" réidh go leor é. Mara bhfeiceadh sé thú ag déanamh dógha de'n scéal ar fad ní abróchadh sé tada. Bhí mé féin agus M. Bh. annsin thiar anuiridh ag baint chlocha reatha ingarrdha D. Shuidh muid síos agus na piocóideachaí caithte uainn againn. Diabhal easna dhó nachar théaltuigh aniar, agus ní fhaca muid ariamh ariamh é, gur rug sé ceart críochnuighthe orainn. Meastú céard a rinne sé: a dhruim a thabhairt duinn ar an toirt … Chaithfeadh sé T. Mh. a bhriseadh. Rinne sé sin dóigh dhó (dhe) amach is amach. Fear ar bith a leagadh an barra uaidh os a choinne agus a chuireadh péire uileannachaí air fhéin ag dradaireacht le 'chuile bhean a theigheadh thart an bóthar
Bhuail mé soir aige annseo uair nach raibh aon-ghráinne "diúain" (guano) agam, ná a luach. Bhí sé istigh romham ins an siopa. "An dtiubharfá céad "diúain" dom a Mhister F." arsa mise, "go ndíolaidh mé na muca." Thosuigh sé ag mungailt faoin a fhiacla, agus síos leis go tóin an tsiopa. Tháinic beirt nó triúr cuisliméaraí isteach. Thosuigh sé ag dradaireacht leo, agus choinnigh sé ag caint iad an fhad agus a d'fhéad sé. D'imigh siad, ach d'fhan seisean thíos ag méirínteacht le páipéir, agus níor thaobhuigh sé aníos mé fhéin, nó go dtáinic cuisliméara eicínt eile. "Go bráth aríst" arsa mise liom fhéin, "ní bhfuighidh tú an deis druim-dhiúltú a thabhairt domsa aríst, dhá dteighinn a chodladh in mo throscadh." Ó'n lá sin go dtí an lá atá indiu ann, níor sheas mise istigh in a theach, ná níor fhága mé luach na cianóige aige
→
droinnín
Bhí an druinnín beag sin thiar ag G. Mh. A. ann, agus má bhí féin, bhí cóirí catha aige. Diabhal aithne a bhí air, nach hé féin a bhuail an "bully" leis an ngaothtaireacht a bhí aige faoi. Agus ní bhuailfeadh sé míoltóig, ní hé amháin a mhalrait. Níl gnaoi ar bith agam ar an gceann céadna. Níl áit ar bith thar baile amach dhá gcastar mé le goirid nach hé an chéad-bhall a fheicim rómham é, ag dradaireacht
Dhá gcaithteá do dhúracht, ach níor chaith, bheadh sé déanta agad. Ach b'fhearr leat ag dradaireacht le 'chuile bhean óg dhá ndeachaidh thart an bóthar. Níl gnatha ar bith thusa a chur ag obair ar shúil an bhóthair