Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
druimdhiúltú
cúl a thabhairt le … ionnarbadh nó díbirt a thabhairt ar …
+
Fuair sé druím-dhiúltú uaithe = é a eiteachtáil amach agus amach; gan fiacail a chur ins an eiteach; gan aon-iarracht a bheith air, nó gan aon-fháilte a bheith roimhe
Má theigheann sé dhá h-iarraidh sin, ní bhfuighidh sé ach druím-dhiúltú. Níor mhór léithe sin an fear is fhearr ins an mbarúntacht a theacht dhá h-iarraidh
TUILLEADH (6) ▼
Chuadhamar isteach ann, ach 'sé a raibh dhá bharr againn druim-dhiúltú. Dar leat, ní mórán gean ar bith a bhí aige orainn as ucht a theacht dhá iarraidh. Bhí scathamh eile muis, agus ba mhaith leo aca an deis. Ach tá an iomarca glaodhach anois air, agus é ar a ghainne
Ní ghabhfaidh mé isteach annsin, le druim-dhiúltú a fháil. Is maith atá a fhios agamsa, cé'n fháilte a bhéas romham annsin. Ní maith liom a dhul ag brughadh ar an doicheall nó go gcinnidh orm.
Bhuail mé soir aige annseo uair nach raibh aon-ghráinne "diúain" (guano) agam, ná a luach. Bhí sé istigh romham ins an siopa. "An dtiubharfá céad "diúain" dom a Mhister F." arsa mise, "go ndíolaidh mé na muca." Thosuigh sé ag mungailt faoin a fhiacla, agus síos leis go tóin an tsiopa. Tháinic beirt nó triúr cuisliméaraí isteach. Thosuigh sé ag dradaireacht leo, agus choinnigh sé ag caint iad an fhad agus a d'fhéad sé. D'imigh siad, ach d'fhan seisean thíos ag méirínteacht le páipéir, agus níor thaobhuigh sé aníos mé fhéin, nó go dtáinic cuisliméara eicínt eile. "Go bráth aríst" arsa mise liom fhéin, "ní bhfuighidh tú an deis druim-dhiúltú a thabhairt domsa aríst, dhá dteighinn a chodladh in mo throscadh." Ó'n lá sin go dtí an lá atá indiu ann, níor sheas mise istigh in a theach, ná níor fhága mé luach na cianóige aige
Ní thiubharfainn de shásamh dhó anois, dhá mbadh mé thusa, go dtiubharfadh sé druim-dhiúltú dhom. Fan uaidh ar fad. Is furasta dhuit scoilb a fháil dhá fhuireasbhaidh. Fagh iasacht carr agus capall ó dhuine eicínt, agus buail suas go M., agus beidh díol an bhaile agad ag teacht anuas duit. Maidir leis sin agus len a chuid sailighe suaraighe, shílfeá gurb í Coill Mhór na Creatalaighe atá aige, tá sé cho ceanamhail sin uirre
Ní bhfuigheadh mo leithide-sa ach druim-dhiúltú ó'n sagart sin. Ach bheadh gnaoi thairis sin aige ar an té a mbeadh beann aige air: an té a bheadh ag sacadh corr-phunt isteach i gcúl a ghlaice anois agus aríst. Diabhal bréag nach maith spleádhach a bheadh sé leis an dream sin. Ach bíonn 'chuile shórt, adeir siad, ag luighe ar an lagar
Ní bhfuighinn ionnam fhéin druim-dhiúltú a thabhairt do dhuine ar bith ar an gcaoi sin. Ba mhór an rud le déanamh é. B'fhearr liom duine a leigean tharm cho réidh agus a d'fhéadfainn é ná a dhul ins an mbile buaic leis mar sin. Déanadh 'chuile dhuine a rogha rud ach sin é mo bhealach-sa.

Féach freisin