Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dromán
ainmfhocal, fireann
iolra: dromáin
fuaim: u ar o anseo
an chuid is airde den droim, síos ón slinneán agus suas ón gcaoldroim.
+
Bhuail sé isteach ar an dromán mé
Fáisc é seo thiar ar do dhromán. Is fhearr uait é a iompar ná uaimse
TUILLEADH (7) ▼
Tá dromán breá láidir uirthi siúd bail ó Dhia uirthi, le aghaidh an chléibh. Is beag a aireos sí leasú a chur suas dó ar na carracáin arda siúd nár chuir sé ó d'imigh Bríd uaidh
D'fhéadfá a bheith dhá lascadh siúd ar an dromán le ord ar feadh an lae, agus ní bheadh a fhios aige go mbeifeá leis chor ar bith. Is geall le duine de na Fiannaibh Éireann é bail ó Dhia air
Is gearr ar a dhromán siúd, cléibhín móna a thabhairt abhaile. Tá sé leathan láidir, agus beagán eile ar a aire. Ach níl a fhios agam an ligfeadh an leisce dhó an oiread sin fhéin a dhéanamh
Is furasta a aithinte nach ndeachaigh fír na maitheasa in do dhromán agus an drogall atá ort thú féin a lúbadh. Feicfidh tú féin gurb eo é an áit a mbainfear an spreallaireacht asat. Isteach leat i ngabhal an bhara sin go bhfeicfidh muid cén gníomh atá ionat
Diabhal a gcuirfeadh sé an méid sin féin stró ar a dhromán agus go dtabharfadh sé na cupla cloch phlúir sin abhaile dhom, nó go mb'éigean dom féin a n-iompar, i gceann a raibh de lastas thartu agam. Anois an bhfuil biseach agat. Sin é an liúiste (leoiste), agus an liúiste dháiríre
Diabhal casecase a bhí aige, ach hé brí cé na maingíní a bhí aige a fháscadh síos i máilín garbh, agus a mbualadh thiar ar a dhromán, agus greadadh leis … Bhí cás aige siúd céard adeárfadh aon duine go deimhin! Tá mé ag ceapadh go mb'aisteach an feic é ag dul thrí Bhaile Átha Cliath. Duine an-Ghaelach é S.
Bhain sé canta as bairille agus d'áitigh sé dhá rúscadh leis aniar ar an dromán. Dheamhan fuaim dhá raibh sé a bhaint as an dromán aige nach gcloisfeá in iar na tuatha. Tá ceart aige ar chuma ar bith, learsachaí (léasrachaí) a bheith ar an droim aige anocht. Dheamhan focal aranta adúirt sé leis théise sin, ach é a thabhairt dhá shiúl ar an dá luath is a bhfuair sé é féin ar an mbóthar. Ghlac mé trua dhó, arae ní raibh láimh ná cois aige sin sa millteanas luath ná mall

dromán in iontrálacha eile (7)

 
daigh
Tá dó croí agus dó ghoile agus dó bhoilg agus chuile dhó dhá bhfuil ann ag dul dó. Ach is maith atá a fhios agamsa céard atá ag dul dó sin: neart leoistíochta agus rístíocht. Dhá mbeireadh an t-athair ar mhaide nuair a thosaíos sé sin ag fuasaoid, agus tosaí dhá rúscadh leis aniar ar an dromán agus é a ruaigeadh amach ina ghnaithe, mise i mbannaí gur beag a fhuasaoid a bheadh aríst aige. Ach ag peataíocht leis a bhíos siad ina leaba sin
 
Deiseal! Gairim agus coisricim thú! Seo cuir aniar é. Is maith í an bhoiseoig sa dromán. Bhí mo chroí in mo bhéal. Shíl mé go raibh tú tachta. Múinfidh sin thú gan an oiread sin uafáis a bheith aríst ort in éadan do bhéilí
 
diabhal 2
Bainfidh mise an diabhal amach as do dhromán mar asal — buailfidh mé thú
 
Bhí sé ag siúl soir agus anoir an bóthar agus a chaimín aige agus ba diúltach an dreach a bhí air. Ag tnúthán a bhí sé go gcasfaí aon chúpla an bealach, a bheadh ag cúirtéireacht. Dhá gcastaí gheobhaidís bata ar na dromáin. Diabhal bréag nach bhfaigheadh. Ar ndóigh sé atá siad a thuaradh dhóibh féin: ag imeacht ansin ar bhóithrí go dtí gairm na gcoileach. Is suarach an t-ionadh go mbíonn sé ag cur dhó chuile Dhomhnach. Faigheann sé a údar
 
Má théann sí chun dodaíola ort, ná bac leis an mbuarach ach buail cupla cniogaide aniar ar an dromán uirthi agus b'fhéidir go gcuirfeadh sin chun míneadais í. Mura gcuire, fág ansin í go tráthnóna gan tada le n-ithe, agus b'fhéidir go múinfeadh an t-ocras í
 
Bhí sí ró-antlásach ag an mbia. Chuir sí an iomarca suas in éindí, agus chuaigh sé lena hanáil síos píobán an doichill. Chinn sé uirthi é a chur aníos, agus sheas sé ina muineál. Thosaigh siad ag bualadh boiseogaí sa dromán uirthi, ach dheamhan maith a bhí ann. Ní rug an sagart ar an mbean bhocht. Cnáimh a bhí sa ngeampa feola a chuir sí suas, a chniog í. Is maith nár mhór do dhuine a bheith ar a airdeall féin ag ithe a bhéilí. D'fheicfeá daoine agus bheidís chomh huafásach sin aige agus nach ndéanfaidís ach a shlamairt. Is mór an chontúirt é sin go sábhála Dia sinn. Ar aon chor, ní bhíonn aon mhaith sa mbeatha leis an ithe sin a thabhairt uirthi
 
Caith suas thú fhéin de chosa ar duailín air. Is beag an stró a bheas air sin thú a iompar. Ní aireoidh a dhromán sin thú a dhath