druid, druideog
—ainmfhocal, baineann
—druideach: baintear leas as seo scaití ina ainmneach agus ina thabharthach
—
éan a bhfuil méid mhaith ann agus dath cineál donn breactha air (starling). Tuairim is cúig uibhe a bhíos aici agus déanann sí nead i seanchlaíochaí, agus i gcrainnte farctha srl.
+–
Tá brat druideachaí sa loirg
Choill muid nead druide ansin thuas inniu. Bhí chúig dhruid óga inti
TUILLEADH (3) ▼
Sciobfadh na druideachaí sin na péiste ón láí agat. Déanann siad an-sléacht ar na hagailleachaí
Is diabhlaí an tsíoraíocht atá sa druid féin nuair nach bhfuil sí caillte fós. 'Sí an saighdiúr is fhearr uileag acu í (de na héanachaí). Cheithre lá atá sí in ann maireachtáil sa sneachta, adeir siad. M'anam go bhfuil sí tugtha go maith inniu muis. Ach mar sin féin, ar an dá luath is a bhfaighidh sí fáfall ar bith, beidh sí ag tiomsacht aríst
Níl éan ar bith inchinnte ar an druideach ina dhiaidh sin. Tá na lonta agus na sacáin caillte, ach tá an druid in ann é a bharraíocht. Má bhaineann sé lá eile as an sneachta féachfaidh sé í freisin. Níl an oiread tapa inti inniu agus a bhí inné
+–
Deir siad nach é lá an tsneachta a chailltear an druid — sáraíonn sí an fuacht, mura mbeidh sé dalba ar fad, ach fágann sé fuíoll uirthi a thugas bás di ina dhiaidh sin; b'fhéidir nach é an sneachta a mharódh í, ach an t-ocras
Chuala mé ariamh é nach é lá an tsneachta a chailltear an druid, ach tá siad caillte ina srathrúchaí amach ansin inniu
TUILLEADH (3) ▼
Ní hé an gorta a thug bás ar bith dóibh, ach an aicíd a bhuail iad ina dhiaidh. Deir siad nach é lá an tsneachta a chailltear an druid ar ndóigh chor ar bith
Níl a dhath ariamh farae le aghaidh na mbeithíoch anois agus gub (gurb) é dubhluachair na bliana atá ann. Ach amach anseo a ghabhfas sé sin rompu. Beithíoch ar bith a gheobhas call an tráth seo bhliain, tá a chnaipe déanta. Caillfear é amach anseo. Ní hé lá an tsneachta a gcailltear an druideoig chor ar bith, adeir siad
Tá sí an-ghoineach, agus gan tada le tabhairt di. Ach shílfeá nach bhfuil an t-ocras ag goilliúint uirthi fós. Ach ní hé lá an tsneachta a gcailltear an druid
druid in iontrálacha eile (24)
→
caothach
Is maith a chruthaigh mé agus an eang a thabhairt liom chor ar bith ó na caothachaí bradacha siúd. Tá an criathrach druidte leob.
→
carcair
Bhí Éire faoi choill uileag fadó: nach bhfuil a chomharthaíocht lena chois! Féacha a bhfuil de charcaireachaí giúsaí sna portaigh fós. Nach bhfuil an áit sin suas druidte le giúsaigh?
I nDomhnach, má tá ort a dhul siar sna breaclachaí sin, is coilgneach an áit. Tá sé druidte le draighean is driseachaí, agus níl tada uaibhreach ann ach neantógaí.
→
aer
Bhí an t-aer druidte le géabha fiáine (géabha riabhacha) ag dul ó dheas: ag imeacht ón sioc atá siad, is dóigh
→
aire
→
amuigh
Nuair a fuair sé an méid sin cainte amuigh, níor tháinig druid uaidh aríst i gcaithe(amh) na hoíche.
→
frapa
Is fadó ariamh nach mbeadh druid aige sin murach a bhfuil de fhrapaí ag dul faoi. Ní túisce suaimhnithe é ná a thosós ceann an réitigh seo thoir aríst ag borradh leis. Is maith an fáth: tá sé dhá choinneáil saighdte in éadan na Micilíní, mar tá an ghráin aige féin orthu, ach ní ligfeadh an faitíos dó drannadh leo ina dhiaidh sin murach an "bulaí" mór
→
fuíoll
Níl aon lá sa mbliain nach mbeadh fuíoll na bhfuíoll aige ansiúd murach a bheith go dona dhó. Tá an choill druidte le coiníní agus chuile chineál éan, agus ar ndóigh tá bradáin san abhainn ar ardú orm agus gan bacadh ag maortha ar aon duine. Ach tá sé ina spreallaire rómhór le dhul ina ndiaidh
→
dealg
Níl sé inrásta a dhul chuig an teach aige anois chor ar bith le deilgne. Bhioraigh sé an iothlainn le sceacha, agus streachail na gasúir nó an gála anuas aríst iad agus tá an bóithrín druidte leo anois. Níl a fhios agam cén chaoi a seolann siad bó ar bith acu
→
deasaigh
Má théim ar dheasú na mbróg, ní chónóidh mé aríst go ceann seachtaine, ach leo. Tá an teach druidte le bróga éalangacha
→
domhan
Níl aon chladach faoi thalamh an domhain is fhearr bráideannaí gliomach ná an cladach sin thíos. Tá a chomharthaíocht lena chois. Nach bhfeiceann tú é druidte le potaí?
Tá an cosamar feamainne siúd ionann is lofa. Ní tada atá go fairsing inti ach dreancaidí mara. Tá sí druidte leo
→
droim
B'fhurasta duine a chur de dhroim tí san am sin. Bhí an dlí uileag dóibh féin ag na tiarnaí, agus ní raibh aon ghair ag an duine bocht druid a rá. Ach d'athraigh an saol ó shin. Is maith an scéal gur athraigh
Má chloisimse druid uait aríst go faoithin, cuirfidh mé droiminn ort le a dtabharfaidh mé de bhata dhuit. Ní hé a mhalrait atá tú a thuaradh dhuit féin; ag imeacht ag cur allais asat ansin, agus gan méir i gcluais le cloisteáil agat. Nach breá nach mbeifeá cuibhiúil fearacht do leithide ar bith sa tír, agus gan na daoine a náiriú
→
díbir
Cuirfidh mé díbirt ar a bhfuil agaibh ann má chloisim druid eile uaibh. Breá nach mbeadh sibh ar an gceird seo sa mbaile agaibh féin. Ní bheadh, arae ní éistfí libh
+
→
díle 1
Cónaíonn an díle uisce ar an mbóthar sin go síoraí. Bíonn sé faoi uisce ar fad sa ngeimhreadh nuair a sceitheas an abhainn. Níl neart aige múirín a chaitheamh sa samhradh féin nach mbíonn sé druidte le balláin mar adeir an tÁrannach
TUILLEADH (1) ▼
Ar an dá luath is a n-ólann sé pintín pórtair, teagann an díle cainte dhó agus do dhúshlán ansin a chur ina thost go dtite sé. Neart sclaibéireachta a bhíos aige. Nuair a bhíos sé ar a chéill, ní bhíonn smid ná smeaid aige. Bheifeá ag cur maide siar ina bhéal agus dheamhan druid adéarfadh sé. Is aisteach an chaoi a dtéann an t-ól do chuid de na daoine