druidte (31)
                    →
                    caothach 
                  
                  
                    Is maith a chruthaigh mé agus an eang a thabhairt liom chor ar bith ó na caothachaí bradacha siúd.  Tá an criathrach druidte leob.
                    
                    →
                    carcair 
                  
                  
                    Bhí Éire faoi choill uileag fadó: nach bhfuil a chomharthaíocht lena chois!  Féacha a bhfuil de charcaireachaí giúsaí sna portaigh fós.  Nach bhfuil an áit sin suas druidte le giúsaigh?
                    I nDomhnach, má tá ort a dhul siar sna breaclachaí sin, is coilgneach an áit.  Tá sé druidte le draighean is driseachaí, agus níl tada uaibhreach ann ach neantógaí.
                    
                    →
                    aer 
                  
                  
                    Bhí an t-aer druidte le géabha fiáine (géabha riabhacha) ag dul ó dheas: ag imeacht ón sioc atá siad, is dóigh
                    
                    →
                    aire 
                  
                  
                    
                    
                  
                
                    →
                    fuíoll 
                  
                  
                    Níl aon lá sa mbliain nach mbeadh fuíoll na bhfuíoll aige ansiúd murach a bheith go dona dhó.  Tá an choill druidte le coiníní agus chuile chineál éan, agus ar ndóigh tá bradáin san abhainn ar ardú orm agus gan bacadh ag maortha ar aon duine.  Ach tá sé ina spreallaire rómhór le dhul ina ndiaidh
                    
                    →
                    dealg 
                  
                  
                    Níl sé inrásta a dhul chuig an teach aige anois chor ar bith le deilgne.  Bhioraigh sé an iothlainn le sceacha, agus streachail na gasúir nó an gála anuas aríst iad agus tá an bóithrín druidte leo anois.  Níl a fhios agam cén chaoi a seolann siad bó ar bith acu
                    
                    →
                    deasaigh 
                  
                  
                    Má théim ar dheasú na mbróg, ní chónóidh mé aríst go ceann seachtaine, ach leo.  Tá an teach druidte le bróga éalangacha
                    
                    →
                    domhan 
                  
                  
                    Níl aon chladach faoi thalamh an domhain is fhearr bráideannaí gliomach ná an cladach sin thíos.  Tá a chomharthaíocht lena chois.  Nach bhfeiceann tú é druidte le potaí?
                    Tá an cosamar feamainne siúd ionann is lofa.  Ní tada atá go fairsing inti ach dreancaidí mara.  Tá sí druidte leo
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                
              
                
                    →
                    druid 2
                  
                  
                    Tá an áit druidte le sionnaigh anois — beo leo; iad dubhfhairsing ann.  druidte agus ní doirte adeirtear sa gcás seo i gcónaí
                    
                        TUILLEADH (16) ▼
                      
                    
                  
                    Nach ann a bhí na coiníní cupla bliain ó shin, agus gan an ceann féin ann anois.  Diabhal mé go mbíodh an áit seo druidte leo roimhe seo, hé brí céard a chuir ar gcúl iad
                    Ní fhaca tú aon áit ariamh a bhí chomh druidte le daoine leis.  Ní bheadh aon ghair agat bealach a dhéanamh thríob
                    Tá an áit sin as éadan druidte le driseachaí anois.  Níl sé insheolta chor ar bith
                    Tá an garraí sin thoir druidte le fóthannáin.  Na hasail a bhí a ligean isteach ann go ceann cupla lá.  'Siad a mbuac sin iad
                    Tá an cladach druidte le feamainn dearg.  Tá airde crann báid di i gC. an U.
                    Níl aon fhata ag gabháil liom nach bhfuil druidte le salachar.  Tá plá fhlith sa ngarraí sin thiar.  Is mór an úis é
                    Bhí an cladach druidte le iasc glas ansin an bhliain cheana, ach má bhí fhéin, cén mhaith do na daoine é nuair nach bhféadfaidís scair eangaí a fháil in áit ar bith
                    Tá na sléibhte sin suas druidte le caoirigh, ach cén mhaith sin nuair nach bhfuil fear a bhfiafraithe le fáil.  Ní bheadh cleas ar bith ab fhearr do dhuine a dhéanamh anois, dhá mbeadh aon chaora aige, ná a marú agus a hithe
                    Tá na seanchlaíochaí sin amach druidte leis an rud sin, an tsail chléithe, más sail chléithe a thugas tú uirthi.  Is minic ariamh a bhí mé ag breathnú uirthi agus níor chuala mé sin fúithi ariamh
                    Bhí an clár druidte le giúirinneachaí.  Go deimhin, bhí sé ó mhaith acu, bhí sin
                    Níl aon charraig ansin síos nach bhfuil druidte le bairnigh, agus ina dhiaidh sin fhéin, tá sé saol is aimsir ó chonaic mé toit bhairneach.  Is blasta an bia iad na bairnigh muise
                    Bhí an teach druidte.  Níl a fhios agam cérb as a dtáinig a leath.  Déarfainn go raibh corrghiolla gan chuireadh ag smaoiseáil thart ann freisin — an teach ag dul thar maoil
                    Tá an teach seo druidte le luchain bheaga anois, murab é an ghlaicín choirce sin a tharraing a n-aghaidh orainn
                    Tá mé druidte le neascóideachaí.  Is dona a fhéadaim suí síos fhéin acu
                    Tá sé siúd druidte le airgead, agus go deimhin má tá fhéin, ní hé an fear is fhearr faoi é ach oiread.  Bíonn sé caillte críochnaithe má bhíonn air scaradh le scilling
                    Tá na hasail sin druidte le míola.  Ba cheart dhuit a níochán as rud eicínt
                    
                    →
                    díle 1
                  
                  
                    Cónaíonn an díle uisce ar an mbóthar sin go síoraí.  Bíonn sé faoi uisce ar fad sa ngeimhreadh nuair a sceitheas an abhainn.  Níl neart aige múirín a chaitheamh sa samhradh féin nach mbíonn sé druidte le balláin mar adeir an tÁrannach