Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dromannach
aidiacht, dobhriathar
fuaim: a (fear srl.) atá ar o
1.
droim a bheith ar rud; altach, dronnach, crotach, cúbtha, ardaithe; slis a bheith ar rud.
+
Tá an bóthar seo an-dromannach — ailt a bheith ann, nó droim
Leagadh é ar an droichidín dromannach atá thuas ag tigh T. B. Tá a fhios agat an droichidín siúd. Is maith a chuaigh sé nár buaileadh faoi shlat an droichid é. Dhá mbuailtí, ní bheadh sé chomh saor aige, ná baol air (droichead dromannach: droichead a mbeadh alt nó airdín ina lár)
TUILLEADH (3) ▼
Tá na cathaoireacha seo an-dromannach. Dheamhan mórán sócúl iontu, théis lán laidhre a íoc orthu … Is beag an mhaith do chuid galántachta nuair nach bhféadann duine scíth a thabhairt dhá chnámha orthu (cathaoireachaí dromannacha: ní gleann ach cineál éirí a bheadh ar shuíochán na cathaoireach)
Diabhal mé go bhfuil an leaba seo an-bhog agus na leabthachaí dromannacha a raibh muid ina (ár) gcodladh orthu le bliain
Téigí soir an trá dhromannach sin, agus tá locháinín ag a ceann thoir le hais an charracáin sin a fheiceas sibh ansin thoir, agus b'fhéidir dhaoibh aon cheann a fháil ansin
2.
ag baint leis an droim.
+
Cuirfidh mé pian dhromannach ort mura lige tú dhom — pian in do dhroim
Tá an-spreacadh i gcnámha dromannacha an chapaill. Tá a chomharthaíocht lena chois. An bhfeiceann tú na hualaigh a tharraingeas sí. Is ar an droim a theagas an ceann trom den mheáchan
TUILLEADH (1) ▼
Cuireann an ruacan streille amach idir a dhá shliogán dhromannacha. Iasc atá sa streille sin. Ar ndóigh chonaic tú ruacan go minic. An-bheatha é — an togha. Is cóir adeir siad gur beatha rí ruacan