Dromannach
—aidiacht, do-bhriathar.
—Fuaim: a (fear agus rl.) atá ar o
1.
druim a bheith ar rud; altach, dronnach, crotach, cúbtha, árduighthe; slis a bheith ar rud.
+–
Tá an bóthar seo an-dromannach. = ailt a bheith ann, nó druim
Leagadh é ar an droichidín dromannach atá thuas ag tigh T. B. Tá a fhios agad an droichidín siúd. Is maith a chuaidh sé nachar buaileadh faoi shlat an droichid é. Dhá mbuailtí, ní bheadh sé cho saor aige, ná baoghal air (Droichead dromannach = droichead a mbeadh alt nó áirdín in a lár)
TUILLEADH (3) ▼
Tá na cathaoireacha seo an-dromannach. Dheamhan mórán socamhal ionnta, th'éis lán laidhre a íoc orra … Is beag an mhaith do chuid galántacht' nuair nach bhféadann duine scith a thabhairt dhá chnámha orra (cathaoireachaí dromannacha = ní gleann ach cineál eirghe a bheadh ar shuidheachán na cathaoireach)
Diabhal mé go bhfuil an leabaidh seo an-bhog agus na leabthachaí dromannacha a raibh muid in a (ar) gcodladh orra le bliain
Teighigidh soir an tráigh dhromannach sin, agus tá locháinín ag a ceann thoir le h-ais an characáin sin a fheiceas sib annsin thoir, agus b'fhéidir dhaoib aon-cheann a fháil annsin
2.
ag baint leis an druim.
+–
Cuirfidh mé pian dhromannach ort mara leigidh tú dhom = pian in do dhruim
Tá an-spreacadh i gcnámha dromannacha an chapaill. Tá a chomhraidheacht len a chois. An bhfeiceann tú na h-ualaigh a tharraingeas sí. Is ar an druim a theagas an ceann trom de'n mheadhchan
TUILLEADH (1) ▼
Cuireann an ruacan streille amach idir a dhá shliogán dhromannacha. Iasc atá ins an streille sin. 'Ar ndú chonnaic tú ruacan go minic. An-bheatha é — an togha. Is cóir adeir siad gur beatha rí ruacan