dromannach
—aidiacht, dobhriathar
—fuaim: a (fear srl.) atá ar o
1.
            
droim a bheith ar rud; altach, dronnach, crotach, cúbtha, ardaithe; slis a bheith ar rud.
+–
Tá an bóthar seo an-dromannach — ailt a bheith ann, nó droim
Leagadh é ar an droichidín dromannach atá thuas ag tigh T. B.  Tá a fhios agat an droichidín siúd.  Is maith a chuaigh sé nár buaileadh faoi shlat an droichid é.  Dhá mbuailtí, ní bheadh sé chomh saor aige, ná baol air (droichead dromannach: droichead a mbeadh alt nó airdín ina lár)
      
                                TUILLEADH (3) ▼
                            
Tá na cathaoireacha seo an-dromannach.  Dheamhan mórán sócúl iontu, théis lán laidhre a íoc orthu …  Is beag an mhaith do chuid galántachta nuair nach bhféadann duine scíth a thabhairt dhá chnámha orthu (cathaoireachaí dromannacha: ní gleann ach cineál éirí a bheadh ar shuíochán na cathaoireach)
Diabhal mé go bhfuil an leaba seo an-bhog agus na leabthachaí dromannacha a raibh muid ina (ár) gcodladh orthu le bliain
Téigí soir an trá dhromannach sin, agus tá locháinín ag a ceann thoir le hais an charracáin sin a fheiceas sibh ansin thoir, agus b'fhéidir dhaoibh aon cheann a fháil ansin
2.
            
ag baint leis an droim.
+–
  Cuirfidh mé pian dhromannach ort mura lige tú dhom — pian in do dhroim
Tá an-spreacadh i gcnámha dromannacha an chapaill.  Tá a chomharthaíocht lena chois.  An bhfeiceann tú na hualaigh a tharraingeas sí.  Is ar an droim a theagas an ceann trom den mheáchan
      
                                TUILLEADH (1) ▼
                            
Cuireann an ruacan streille amach idir a dhá shliogán dhromannacha.  Iasc atá sa streille sin.  Ar ndóigh chonaic tú ruacan go minic.  An-bheatha é — an togha.  Is cóir adeir siad gur beatha rí ruacan