Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dorn

tomhais (11)

 
danra
Sin é an fear is danra a chonaic mise i gcaitheamh an tsaoil ariamh. Bhíomar thíos ansin oíche — mé féin agus S. — agus muid ag ól. Tháinig seisean ann. Gluigheadh (glaodh) deoch agus deoch agus deoch eile, nó go raibh an triúr againn sách tomhaiste. Bhí sé domhain go leor san oíche an tráth sin, agus barr ar an diabhal mura raibh na F. bheaga bhreaca sin ag cur achrainn orainn. Brat acu ann agus gan againne ach an triúr againn féin. D'iarr muid míle uair air a theacht abhaile. Bhí muid ag tuineadh agus ag achainí air a theacht linn, ach dheamhan filleadh ná feacadh a d'fhéadfadh muid a bhaint as, ach ina sheasamh ansin chois an chuntair ag buachailleacht a phionta. Ba é an diabhal ba danra é a chonaic mé ó rugadh mé
 
de
Ní bhainfidh mé cion do thomhaise dhíot — tabharfaidh mé cion do thomhaise dhuit
 
déan 1
Thug sé rud le déanamh dó a theacht abhaile aréir. Bhí sé tomhaiste go maith. "Bainne na heasóige", deile!
 
deilbh 1
An Crann Deilbh: "de mhaidí coille a dhéantaí iad. Chaití a dtomhais le riail le fad áirid a bheith iontu agus leithead áirid sna maidí trasna. Dhá chuaille a bheadh ann agus dhá mhaide trasna. Rinne P. M. Mh. ceann acu dhúinne anseo. Níl a fhios agam cá'il sé anois: ag imeacht i chuile áit a mbíonn deilbh le déanamh. Tá sé chomh maith dhúinn anois sneachta a chaitheamh ar a lorg chreidim. Ní deilbh a dhéanfas muide go brách aríst. Ní bheadh na gearrchailí sin in ann aon deilbh a dhéanamh …" Cur síos an tsnátha ar an gcrann deilbh (nó crann deilbhe; tá an dá leagan aige) "an dá chuaille a chur ina seasamh ansin le balla: ceann ag corr na fuinneoige agus an ceann eile tuairim is ag giall an dorais. Ní bheidís chomh hard leis an áiléar sin baileach. An dá mhaide trasna a chur suas orthu: ceann in íochtar agus ceann in uachtar agus iad ag dul isteach iontu in eangaí mar a bheadh leaba. Bíonn rungaí ar nós dréimire sa dá mhaide a bhíos ina seasamh ar a n-éadan: an t-éadan de na cuaillí a bhíos leat. Bíonn buimbiléad tuí ar an urlár agus dhá cheirtlín shnátha air, i riocht is nach mbeidh an snáth ag dul ar fud an tí ort. Ní dhéanfadh sé cúis duit tointe fada na hóinsí a bheith agat! Ansin tosóidh tú ag cur an tsnátha síos ar an gcrann. Crios a dhéanamh an chéad uair. Comhairfidh siad an oiread seo banláí (bandles) den tsnáth — an méid banlámh a bheas le dul san uige (/ɴ′eɡ′ə/) sin. Cuirfidh siad síos an snáth sin ar an gcrann agus beidh siad dhá chur sin síos choíchin nó go mbeidh a ndóthain thíos. Tosóidh siad ar an bpionna (runga) íochtair ar an taobh seo — taobh na ciotóige — agus tabharfaidh siad leo suas é ar na pionnaí — dhá chur orthu ar fiar — ach gan snaidhm ar bith a chur air ar an bpionna, nó go dté siad go barr. Anonn trasna ansin agus anuas ar an deis chéanna ar an taobh eile ó runga go runga go dteaga siad go talamh. Anall trasna go dtí an áit ar thosaigh siad agus ar ais aríst ar an gcaoi chéanna, nó go mbeidh deireadh na gclannaí thíos. Bíonn dhá phionna dhéag suas ar airde na maidí. Scaití bheadh agus tuilleadh. Féadfaidh siad tuilleadh rungaí a chur ann de réir (léar adúirt sé) mar a fheilfeas dóibh. Tugtar céadta sa deilbh den uige léar (de réir) mar is maith leat leithead a bheith ann. Féadfaidh siad hocht gcéad (snáth) nó seacht gcéad a chur ann. Mura mbeadh ann ach seacht gcéad, ní bheadh aon leithead ag an snáth nuair a bheadh sé deilbhthe. Beidh leithead ag hocht gcéad. Nuair a bhíos an oiread seo clannaí thíos ar an gcrann buaileann siad sreangáinín ar an méid sin. Céad a bheadh ansin. Beidh farasbarr leithid san éadach léar (de réir) mar a ghabhfas céadta ar an gcrann. Féadfaidh tú deilbh dhá shnáth a dhéanamh nó dhá shnáth dhéag nó scór má thograíonn tú. Chonaic mé chaon chineál acu. Bíonn chúig chlannaí fichead i chuile chéad. Ní foláir fios a bheith agat cé mhéad céad ann shula bhaineas tú den chrann deilbh é. Nach in é an fáth a gcuirfidh tú síos air é. Comhairfear na clannaí amach ina gcéadta. Beidh an bhean nó an fear atá ag deilbh ag siúl i gcónaí i gcónaí. Ní fheilfeadh dhuit aon bhuille marbh a ligint in do chuid oibre dhá mbeifeá ag deilbh. Is maith an píosa de lá a chaithfeá ag deilbh giota. Sa ngeimhreadh bheifeá an lá leis ar fad. … Nuair a thógtar anuas den chrann é, bíonn an-fhad ann. Bhuailfeadh tú snaidhm nó crios ar chaon chloigeann dhe ansin, agus déanfaidh tú suas ina throisleáin é mar a bheadh gruaig mná ann go díreach. Sin í an uige. Tá sé faoi réir ansin le dhul ag an bhfíodóir … Gan amhras is aon tsnáth amháin a bheas ann. Dhá mbriseadh an snáth sa deilbh, ghreamódh sí ar an bpointe den chuid eile den tsnáth é. Chuirfeadh sí snaidhm air … " (Giota faoi dheilbh shnátha a fuair mé ó m'athair. Rinne sé féin an obair go minic)
 
díon 1
Tá caitheamh agus cáineadh ar an tuí anois, ach sílim ina dhiaidh sin agus uileag nach raibh díon ar bith a chinnfeadh uirthi. Bhí teas agus teolaíocht inti sa ngeimhreadh agus fionnórtas sa samhradh. Ba é an teach ceann tuí teach na háite seo. An bhfeiceann tú céard atá acu anois: ballaí concrete a dheallródh madadh uisce agus na tileíní suaracha sin atá ar bogadh le chuile shoinneán. D'fhéadfá rud eicín a dhéanamh le díon oíche ghártha, ach ní fhéadfaidh tú tada a dhéanamh le sclátaí ach seasamh in do bhoideoide ag breathnú orthu dhá bhfuadach. Ach an leaba a thomhais na daoine dhóibh féin, codlaídís anois inti. Sin é adéarfainnse
 
dóigh 1
Ba mhaith an dóigh (beart, plean) a dhul amach anois agus a bheith roimhe ag an iothlainn agus caitheamh leis. Ní thomhaisfeadh sé go brách go mbeadh ábhailleacht ar bith mar sin ionainne. Leagfadh sé ar an gcuingir eile é — ar Sh. agus ar T.
 
Ná trí obair is doilí amuigh: iomramh in aghaidh srutha, coisméigeacha fada in aghaidh cnoic, agus tomhais na talúna ina dhornaí
+
dorn
Thomhais sé an dorna liom (fc. tomhais)
TUILLEADH (1) ▼
Tabhair tomhais an dorna air — tomhais le do dhorna é
 
droim
An dtomhaisfeá cén áit atá leagtha amach aige leis an teach a dhéanamh: thíos ar dhroim na leice siúd ar cholbha an bhóithrín. Ní thiocfaidh aon deoir faoi go sleibhe ar chaoi ar bith
 
Chuir sé soipín luiche eadrainn, agus thosaigh sé dhár saighdeadh ag iarraidh orainn smugairle a chaitheamh thar an soipín. Bhí muid fhéin inár bpleibeanna chomh mór an uair sin agus go raibh muid aige ar sheol na braiche. Ansin chuir sé faoi ndeara dhúinn dúshlán a chéile a thabhairt, agus na dornaí a thomhais le chéile. Ba ghearr, mo léan, go raibh sé ina Chath na bPunann. Ní raibh splanc chéille againn an uair sin. Ach bhí breathas eicínt airsean. Mhairfeadh sé go deo ar an gceird sin