Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
doiligh
aidiacht
doiligh in áit deacair i nDúiche Sheoigheach thríd is thríd; taobh thiar Chonamara; Iorras Mhór, Iorras Bheag agus aniar go dtí an Caiseal; bíonn sé minic go leor in Iorras Aithneach, agus i Ros Muc freisin; deacair is minicí atá le farraige ar fad ó Ghaillimh go Leitir Mealláin ach bíonn doiligh ag daoine freisin, agus tuigtear go maith ins gach áit é. Tá an dá cheann ar an Achréidh. doiligh atá sna seanfhocla i ngach uile áit chomh fada le m'eolas.
1.
brónach; cráite; luar; drogallach; is leasc le … ; easonórach.
+
An rud is doilí le duine b'fhéidir gurb é a leas é; an rud is doilí le duine ná a bhás, b'fhéidir gurb é clár a leasa é — an rud is luar (measa) le duine ná a bhás b'fhéidir gurb é lár a leasa é (a leas); an rud is deacra nó is cráite nó is mó a théas chois croí ar dhuine. B'fhéidir gurb in é an rud is mó a rachadh chun sochair dó. I dteannta na leagan réamhráite, tá an leagan seo freisin ar an seanfhocal céanna: níl a fhios agat an rud is doilí leat nach é do leas é. "Níl a fhios nach mar is doilí is fearr, cé gur deacair a rá gurb ea"; "Níl a fhios nach mar is dona is fearr agus is doiligh a rá nach ea" — b'fhéidir gurb é an rud is mó a chuirfeadh drogall, leisce, easonóir nó brón ar dhuine an rud is mó a rachadh chun tairbhe nó chun suime dó faoi dheireadh thiar thall
Sin é an chaoi a mbíonn sé. Tá fhios agamsa go maith nár thaitnigh leat a dhéanamh. Is beag a thaitneodh liomsa a dhéanamh ach oiread leat. Ach ar chuala tú ariamh é: an rud is doilí le duine ná a bhás, b'fhéidir gurb é clár a leasa é
TUILLEADH (4) ▼
In aghaidh a chos a tugadh siar ann é. Ag dul isteach sa séipéal féin bhí sé ag loiceadh, agus b'éigean do thriúr a chur isteach don bhuíochas. Ach le chuile chamánaí phós sé í, agus dar príosta ón lá ar phós, bhí rith an tsonais air théis go mb'fhurasta cur chuige roimhe sin. Sin é é. Níl a fhios agat an rud is doilí leat nach é do leas é
Ní raibh aon bhanbh ar an margadh is lú a raibh cosúlacht údair air ná é. Déarfá lena fheiceáil nárbh fhiú deich triuf é. Ní cheannódh sé ar a bhfaca sé ariamh é murach nach raibh sé in ann ní b'fhearr a dhéanamh. Ach féacha ina dhiaidh sin gur maith a chruthaigh sé. Bhí moladh mór ar na bainbh ar tugadh an t-airgead mór orthu. Ach bhuail an droch-cheann amach uileag iad. An rud is doilí le duine b'fhéidir gurb é a leas é
Chonaic mise S. Ó. B. a bhí thoir ansin. Ní chuirfeadh fear agus píce amach go Meiriceá é. Ba luar leis ná a bhás corraí amach ón mbaile chor ar bith. An lá a raibh sé ag dul soir go Meiriceá, bhí sé ag gol agus ag gárthaíl, agus ag stróiceadh an uair sin féin, ag iarraidh fanacht sa mbaile. Ach cuireadh ann in aghaidh a chos é. Dheamhan fear a chuaigh go Meiriceá ariamh is fhearr a rinne cúis ná é. Meas tú an dtaobhódh sé anall anois. Baol beag air. Is dóigh nach mbreathnódh sé anois ar dhaoine dona. Nach bhfuil mac leis ina bhreitheamh adeir siad. Dúirt an té adúirt é agus diabhal focal bréige a rinne sé: an rud is doilí le duine ná a bhás, dheamhan a fhios aige nach é clár a leasa é
An rud is doilí le duine ná a bhás, cá bhfios dó nach é lár a leasa é. Is minic a chuala tú ariamh é. Ba in é a fhearacht ag Bríd é. Bhí a muintir ag iarraidh a cur soir tigh J. Ph., agus bhí gráin an tsaoil aici air, arae bhí sí "ag comhrá" le mac a bhí anseo thiar ag C. Ní Ch., agus séard a bhí sí féin ag iarraidh a dhéanamh éalú leis go Meiriceá. Ach fuair a muintir amach uirthi é, agus théis go leor anonn is anall chuaigh sí tigh J. Ph. Níl aon bhean sa taobh seo go Gh. inniu atá ina suí chomh te léithe. Tá deis agus talamh aici. Tá postaí ag a clann. Déarfá go raibh an t-ádh uirthi ceart. An fear a bhí sí féin ag iarraidh a phósadh, maraíodh i Meiriceá é leathbhliain théis a dhul ann dó
+
Is minic adeireadh T. — beannacht Dé lena anam — é: níl a fhios nach mar is doilí is fhearr, cé gur deacair a rá gurb ea. B'fhéidir gurb é an té nach bhfuil tada aige is fhearr a chruthódh as deireadh na cúise, agus go gcaillfeadh fear an tsaibhris a mbeadh aige le drabhlás, le imirt nó le mná. Is minic a chaill
Ná faigh locht ar aon duine. B'fhéidir gurb é an té nach bhfuil tada aige inniu a bheadh ina bhó mhór amárach. Sin é an saol: thíos seal agus thuas seal. Níl a fhios nach mar is dona is fhearr agus is doilí a rá nach ea
TUILLEADH (2) ▼
An lá ar phós sé isteach sa bpreabáinín talúna sin, déarfá nárbh fhiú do sheacht mallacht é, agus go raibh sé ag cur a shaoil le fán le dhul ag plé leis. Breathnaigh inniu air. Cá'il an preabáinín talúna. Tá sé ina fheilm agus é féin ina ridire. Is deacair an seanfhocal a shárú. Níl a fhios nach mar is dona is fearr agus is doilí a rá nach ea
Tuigim do chuid cúrsaí go maith. Ní thaitníonn an obair leat agus 'sí do leasmháthair a thógfadh ort é ach oiread. Ach fan ann go gcastar rud eicínt níos fearr in do bhealach. Níl aon pháí inti le hais Shasana faoi láthair, ach bainfidh tú riar do cháis aisti, agus beidh tú i súile na ndaoine. Cá bhfios don té sin? Is fánach an áit a bhfaightheá gliomach. Fan mar atá tú go bhfeice tú leat. Níl a fhios nach mar is doilí is fhearr, cé gur deacair a rá gurb ea
·
"Is doiligh liom ná mo bhás na fataí a bheith ina bpráib" — is brónaí liom, is cráite le mo chroí, go bhfuil na fataí leáite le teann bruithe, ná dhá bhfaighinn bás. Deirtear doiligh agus luar sa leagan sin. Scéal é a insítear faoi fhear a tugadh chuig a chleamhnas féin go dtí teach an chailín óig. Bhí sé balbh agus cuireadh fainic air, ar a bhás, gan labhairt chor ar bith, nó go gcaithfí an cleamhnas in aer, agus nach bhfaigheadh sé an bhean chor ar bith. D'fhan sé ina thost scaitheamh mór. Cuireadh síos pota fataí faoi dheireadh agus fágadh thíos é go raibh na fataí róbhruite. Bhí an fear ag breathnú ar an bpota, chuir an bhail a bhí ag dul ar na fataí carghas air. Ní raibh a sheasamh aige ní b'fhaide agus arsa seisean: "is doiligh liom (is luar liom) ná mo bhás na fataí a bheith ina bpráib"
2.
deacair; crua a dhéanamh (fc. deacair i gcóir samplaí eile de doiligh).
+
Cén rud ba doilí a fháil ar aonach inniu? — cén rud ba deacra (ba daoire) a fháil ar aonach inniu? Ceist í sin atá ina lán áiteacha. Déarfar leat gurb é a leithide seo d'fhear — fear cráifeach eicínt — a chuir ar bhean chuideáin a bhí ag teacht ó aonach í. Freagra gáirsiúil atá uirthi: ribe chasta, nó ribe sheabhráin i bpis
Ná trí obair is doilí amuigh: iomramh in aghaidh srutha, coisméigeacha fada in aghaidh cnoic, agus tomhais na talúna ina dhornaí
TUILLEADH (7) ▼
Is doiligh "hata bán" a rá leis anois — tá sé éirithe suas nó ceannasach sa saol; tá sé láidir nó ar chaoi eicínt gur deacair araoid ar bith a chur air
Is doiligh éirí in am ar maidin — is deacair
Is doiligh leis tada a dhéanamh ach an rud a thograíos sé féin — níl sé éasca cur faoi ndeara dhó aon cheo a dhéanamh ach an rud is mian leis féin
Is doiligh dó tada a dhéanamh anois agus an aois atá aige — tá sé chomh sean sin agus nach bhfuil láthar na hoibre ann níos mó
Ní doiligh bleid a bhualadh uirthi chor ar bith. Má bhuaileanns (bhuailir), beidh sí agat ar sheol na braiche
Ní doiligh cur chuig mo leithidese. Tá mé buailte suas ó Dhia agus ón saol anois
Ba doiligh cur chuige ná uaidh lá den tsaol, ach d'imigh sin féin. Ní hé an oiread sin ómóis atá dhó inniu thar duine ar bith eile

Féach freisin

doiligh in iontrálacha eile (11)

 
Is fadó fiannach an lá ó bhí na deachmaí sin ann. Ní hé an ministéara a chruinníodh chor ar bith iad, ach bhí proictéara aige a théadh thart. Chuala mé an tseanmhuintir ag rá go mbíodh conacra acu thíos i mB. an Ch. agus go bhfágaidís na hiomrachaí ansin gan baint go dtigeadh sé féin agus go mbaineadh sé iad. Gach deichiú hiomaire a d'fhágaidís aige. Déantaí an cleas céanna le na stucaí coirce: stuca as chaon deich stuca a fhágáil gan tarlú, nó go dtugadh an proictéara leis é. Ba in é dualgas an mhinistéara. Bhí na daoine in ainm is an teampall gallda a chothú freisin. Thigeadh na sagairt ansin, agus chaithfidís a ndualgas féin a fháil: coirce freisin. Sin é an uair a raibh an chreachadh ann. Chuile dhuine agus a bhuille féin ar an duine bocht. Ba doiligh dhó é a sheasamh eatarthu … Ní raibh cur in aghaidh dualgas an tsagairt chor ar bith, ach chloisinn na seandaoine ag rá go mbídís ag blaoch i dtóin an phroictéara nuair a thigeadh sé i gcoinne an deachma, nó dhá dhalladh le scrathachaí ó chúl an chlaí. Bheadh rud ar a shon agat dá mbeirtí ort. Chuirfí isteach thú (sa bpríosún). Ach ní raibh baol orthu siúd go raibh siad chomh hadhartha agus go mbéarfaí orthu. Measaim go mbíodh an ministéara féin ann scaití, mar chuala mé P. N. ag rá nuair a bhí siad ina bputaí, go gcuirtí suas leo a dhul isteach ar chúla an chlaí ag fuagairt i ndiaidh an mhinistéara: "a mhinistéirín cár fhága tú do bhean?" Deir siad gur sagart a d'iontaigh, a bhí sa ministéara a bhí anseo … (Cuntas faoi na deachmaí sa gceantar sin ó Sheán Ó Beáin, Páirc Gharbh, An Carn Mór, Baile Chláir)
 
Is doiligh do na siopaí tada a dhéanamh mar má tá an dea-dhíolaí ann, tá triúr ina aghaidh sin atá ina ndrochdhíolaithe. Dheamhan neart a bhíos ag fear an tsiopa air. Tá a chuid dola féin air, agus caithfidh sé an saol a ríochan chomh maith le duine
 
Is doiligh a rá céard a tharlós as a dheireadh. Níl aon duine in ann a rá céard is cor don scéal sin fós
 
Is doiligh díbeartha an t-aistir é ag aon Chríostaí beo inniu. Ach dheamhan a dhath drogaill aige siúd roimhe. Tá an chleachtadh mhór aige air. Chonaic mise é sin ag imeacht oícheantaí as seo le dhul abhaile, agus dheamhan a dtiocfá chomh fada le ceann an sconsa sin dá mbeadh do chailleadh go deo leis. Ní bheadh aon mhaith é a bhacadh ina dhiaidh sin. Bhuailfeadh sé a dhá sheirín taobh thíos dhá dhá ghlúin, agus dá mba í an oíche í ar ith Ceile na bradáin, ghreadfadh leis abhaile
 
dóid
Tá sí in aon láithreachán amháin ansiúd, agus í gan tógáil as a scaradh ariamh. Ach ba doiligh í a thógáil as a scaradh, agus í chomh fliuch leis an lá ar baineadh as an bportach í. Go deimhin, sin é an chuma bhainte a chuaigh uirthi: dóideacha mar a bhainfí le sluasaid í
+
Labhair sé go doiligh drochmhúinte — go cantalach agus go holc
TUILLEADH (4) ▼
'Sé a bhí go doiligh drochmhúinte liom nuair nach n-inseoinn dó cá bhfuair mé iad. Ach sin rud nach raibh aon iallach orm a inseacht
Carrachán doiligh drochmhúinte é sin. Is mór an gar gur beag é a ghníomh
'Sé a bhí doiligh drochmhúinte nuair nár inis mé dhó go raibh mé ag teacht go ceann an bhóithrín. Thosaigh sé ag strócántacht liom ag iarraidh trí pínne eile a bhaint díom. 'Téirigh chun diabhail thú fhéin agus a bhfuil de bhusannaí déanta,' adeirimse, 'mura maith a gheofá go ngabhfainnse ag íoc airgid aríst leat'
Tá sé doiligh drochmhúinte! Tabhair buíochas le Dia nach bhfeiceann tú é a iníon ó; ach mise a chaitheas ceart a bhaint dó ó mhaidin go faoithin!
 
Tá a chuid talúna faoi dhroinníní uilig go léireach. Is doiligh a gcur, ach is an-talamh caorach iad. Bíonn na huascáin is fearr sa bparóiste aige i gcónaí