Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dóighiúlacht
ainmfhocal, baineann
ainmfhocal as dóighiúil
 slacht, maise, dathúlacht, scéimh, breáichte.
+
Dheamhan mórán dóighiúlacht inti. Tá sí chomh buí le buí áille agus díol beirt de bhéal uirthi
Má ghníonn dóighiúlacht di é, gheobhaidh sí fear maith. Is breá an bhean í
TUILLEADH (3) ▼
Ní raibh aon dóighiúlacht ariamh ag siúl leis an dream sin, ach iad mór agus liopastach agus míshlachtmhar mar a fheiceas tú iad
Má bhíonn duine taobh le dóighiúlacht, ní bheidh mórán dá bharr aige. Grá na hailpe é grá an tsaoil seo. Deir siad go bpósfaí bean as a dóighiúlacht fadó, ach má phóstaí, ní fhaca muide é
Ní thabharfainn trumpa gan teanga ar dhóighiúlacht an domhain fré chéile d'uireasa rud eicínt ina theannta. Ní breáichte a ghníos brachán ach min adeir siad. Is beag an mhaith an dóighiúlacht mura mbeidh rud agat

Féach freisin