Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
doirb
ainmfhocal, baineann
ginideach uatha: doirbe
ainmneach iolra: doirbeachaí
fc. Foclóir an Duinnínigh: doirb, ach níor chuala mé aon tséimhiú ariamh air. Focal an-choitianta é.
sórt ciaróige nó péiste a bhíos i linnte agus i locháin, agus má ghlacann bó í, líonann sí í. Bíonn siad i locháin phortaigh, ach bíonn siad i locháin thartu freisin. Níl aon mhéid mhór iontu, ach is furasta a aithinte san uisce iad.
+
Tá sí ina bolgán béice. Doirb a ghlac sí go siúráilte. Tá na poill sin suas faoi dhoirbeachaí as éadan a chéile
An bhfeiceann tú an doirb. Is olc an cailín í sin. Bó ar bith a thógfas í sin anois, beidh féirín aici
TUILLEADH (4) ▼
Nach diabhlaí nach líonann na beithígh sin aige agus iad ag ól an uisce sin atá sa lochán mór. Tá sé beo beithíoch le doirbeachaí. Ní bhfaigheadh beithígh eile a leathoiread tsiocair agus bheidís líonta chuile lá san aer. Ach an té a mbíonn an t-ádh air féin, bíonn sé ar a chat agus ar a mhadadh. Chonách sin air! Ní mór linn dó
Má tá sí líonta, ní doirb a ghlac sí. Níl doirb ag gabháil le na garrantaí siúd agus ní raibh ariamh. Rud eicínt eile atá uirthi. Téadh sé faoi dhéint dhochtúr na mbeithíoch agus ná ligeadh sé chun moille é ach an oiread
Doirb! Mo chreach mhaidne thú. Leann rua a d'ól sí. Sin é an doirb atá uirthi! Tá sí réidh freisin. Níl i ndán traoitheadh di … Muise diabhal an féidir gur dhúirt sé leat gur doirb a ghlac sí. Is cosúil gur airigh sé simplí thú. Tá leann ansin thoir i mbairillí le seachtain, agus is dóigh go bhfuair sí a bholadh
Tá na poill chriathraigh sin faoi dhoirbeachaí as cnáimh éadain, ach dheamhan thairis sin de dhochar iontu. Dhá mbeadh an-spalpadh ann sa samhradh, d'ólfaidís deochannaí iontu, ach ní líonann siad an-mhór ina dhiaidh sin. Scaití. Téann sé an-dona do chuid de na beithígh thar a chéile

Féach freisin