Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dóigheamhlacht
ainm-fhocal, buineann.
ainm-fhocal as dóigheamhail.
slacht, maise, dathamhlacht, scéimh, breaghaichte.
+
Dheamhan mórán dóigheamhlacht innte. Tá sí cho buidhe le buidhe-áille agus díol beirt de bhéal uirre
Má ghníonn dóigheamhlacht di é, gheobhaidh sí fear maith. Is breagh an bhean í
TUILLEADH (3) ▼
Ní raibh aon-dóigheamhlacht ariamh ag siubhal leis an dream sin, ach iad mór agus liopastach agus mío-shlachtar mar a fheiceas tú iad.
Má bhíonn duine taobh le dóigheamhlacht, ní bheidh mórán dá bharr aige. Grádh na h-ailpe é grádh an tsaoghail seo. Deir siad go bpósfaí bean as a dóigheamhlacht fadó ach má phóstaí ní fhaca muide é
Ní thiubharfainn trumpa gan teanga ar dhóigheamhlacht an domhain fré chéile d'fhuireasbhaidh rud eicínt in a theannta. Ní breaghaichte a ghníos brachán ach min, adeir siad. Is beag an mhaith an dóigheamhlacht mara mbeidh rud agad.

Féach freisin