Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dóid
ainmfhocal, baineann
ginideach uatha: na dóide
iolra: dóideachaí
níor chuala mé i gCois Fharraige é; i dtuaisceart agus in iarthar Chonamara atá sé
 cláistéar mór místuama d'fhód nó de scraith; leacóg, cráisiléad, daibéad, leathnóg, smáileog, meall, maistín.
+
Tá sí ina dóideachaí móra millteacha. Ní thriomóidh aon fhód dhe go brách. Is beag an baol atá uirthi. Bhain sé gan chuma gan chaoi í (móin)
Tá sí in aon láithreachán amháin ansiúd, agus í gan tógáil as a scaradh ariamh. Ach ba doiligh í a thógáil as a scaradh, agus í chomh fliuch leis an lá ar baineadh as an bportach í. Go deimhin, sin é an chuma bhainte a chuaigh uirthi: dóideacha mar a bhainfí le sluasaid í
TUILLEADH (2) ▼
Dhéanfadh trí cinn de na dóideachaí siúd ualach asail. Péire sna cléibh agus ceann de mhaoil
'Sé a bhí le cuthach inniu. Bhuail J. Ph. dóid de scraith air, agus dhubhaigh sé a éadan fré chéile. Dar leat, ba mhó dhá fhonn a bhí air a dhul chun drochmhúineadh, ach bhí a fhios aige nach ndéanfaí faoi ach magadh