Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dóid
ainm-fhocal; buineann
geineamhnach uathaidh: na dóide.
Iolraidh: dóideachaí
níor chuala mé i gCois Fhairrge é. I dtuaisceart agus in Iarthair Chonamara atá sé)
cláistéar mór mí-stuama d'fhód nó de scraith; leacóg, cráisiléad, daibéad, leathnóg, smáileog, meall, maistín.
+
Tá sí in a dóideachaí móra millteacha. Ní thriomóchaidh aon-fhód dhe go bráth. Is beag an baoghal atá uirre. Bhain sé gan chuma gan chaoi í (móin)
Tá sí in aon-láithreachán amháin annsiúd, agus í gan tógáil as a scaradh ariamh. Ach ba doiligh í a thógáil as a scaradh, agus í cho fliuch leis an lá ar baineadh as an bportach í. Go deimhin sin é an chuma bhainte a chuaidh uirre: dóideacha mar a bhainfí le sluasaid í
TUILLEADH (2) ▼
Dhéanfadh trí cinn de na dóideachaí siúd ualach asail. Péire is na cléibh agus ceann de mhaoil
'Sé a bhí le cuthach indiu. Bhuail J. Ph. dóid de scraith air, agus dhubhaigh sé a éadan fré chéile. Dar leat ba mhó dhá fhonn a bhí air a dhul chun droch-mhúineadha, ach bhí a fhios aige nach ndéanfaí faoi ach magadh