Doiligh
—aidiacht.
—"Doiligh" in áit deacair i nDúithche Sheoigheach thríd agus thríd; taobh thiar Chonamara; Iorrus Mhór, Iorrus Bheag agus aniar go dtí an Caiseal; bíonn sé minic go leor in Iorrus Aithneach, agus i Rosmuc freisin; "Deacair" is minicighe atá le fairrge ar fad ó Ghaillimh go Leitir Mealláin ach bíonn "doiligh" ag daoine freisin, agus tuigtear go maith ins gach áit é. Tá an dá cheann ar an Achréidh. "Doiligh" atá ins na sean-fhocla is gach uile áit cho fada le m'eolus
1.
brónach; cráidhte; lughar; drugalach; is leisc le … ; easonórach.
+–
An rud is doilighe le duine b'fhéidir gurb é a leas é; an rud is doilighe le duine ná a bhás b'fhéidir gurb é clár a leasa é = an rud is lughar (measa) le duine ná a bhás b'fhéidir gurb é lár a leasa é (a leas); an rud is deacra nó is cráidhte nó is mó a theigheas chois croidhe ar dhuine. B'fhéidir gurb shin é an rud is mó a rachadh chun sochair dó. I dteannta na leagan réamhráidhte, tá an leagan seo freisin ar an sean-fhocal céadna: — níl a fhios agad an rud is doilighe leat nach hé do leas é. "Níl a fhios nach mar is doilighe is fearr, cé gur deacair a rádh gurb eadh"; "Níl a fhios nach mar is dona is fearr agus is doiligh a rádh nach h-eadh" = b'fhéidir gurb é an rud is mó a chuirfeadh drugal, leisce, easonóir nó brón ar dhuine an rud is mó a rachadh chun tairbhe nó chun suime dó faoi dheireadh thiar thall
Sin é an chaoi a mbíonn sé. Tá fhios agamsa, go maith nar thaithnigh leat a dhéanamh. Is beag a thaithneochadh liomsa a dhéanamh ach oiread leat. Ach ar chuala tú ariamh é: an rud is doilighe le duine ná a bhás, b'fhéidir gurb é clár a leasa é.
TUILLEADH (4) ▼
In aghaidh a chos a tugadh siar ann é. Ag dul isteach ins an séipéal féin bhí sé ag loiceadh, agus b'éigin do thriúr a chur isteach do'n bhuidheachas. Ach le chuile chamánuidhe phós sé í, agus dar príosta ó'n lá ar phós, bhí rith an tsonais air th'éis go mb'fhurasta cur chuige roimhe sin. Sin é é. Níl a fhios agad an rud is doilighe leat nach hé do leas é
Ní raibh aon-bhanbh ar an margadh is lugha a raibh cosamhlacht údair air ná é. Déarfá len a fheiceál narbh fhiú deich triuf é. Ní cheannóchadh sé ar a bhfaca sé ariamh é, marach nach raibh sé indon ní b'fhearr a dhéanamh. Ach feacha in a dheidh sin gur maith a chruthuigh sé. Bhí moladh mór ar na bainbh ar tugadh an t-airgead mór orra. Ach bhuail an droch-cheann amach uiliog iad. An rud is doilighe le duine b'fhéidir gurb é a leas é.
Chonnaic mise S. Ó. B. a bhí thoir annsin. Ní chuirfeadh fear agus píce amach go Meiriocá é. Ba lughar leis ná a bhás corruighe amach ó'n mbaile chor ar bith. An lá a raibh sé ag dul soir go Meiriocá, bhí sé ag gol agus ag gárthaighil, agus ag strócadh an uair sin féin, ag iarraidh fanacht ins an mbaile. Ach cuireadh ann in aghaidh a chos é. Dheamhan fear a chuaidh go Meriocá ariamh is fhearr a rinne cúis ná é. Meastú an dtaobhóchadh sé anall anois. Baoghal beag air. Is dóigh nach mbreathnóchadh sé anois ar dhaoine dona. Nach bhfuil mac leis in a bhreitheamh adeir siad. Dubhairt an té adubhairt é agus diabhal focal bréige a rinne sé: an rud is doilighe le duine ná a bhás, dheamhan a fhios aige nach hé clár a leasa é
An rud is doilighe le duine ná a bhás cá bhfios dó nach hé lár a leasa é. Is minic a chuala tú ariamh é. Ba shin é a fhearacht ag Brighid é. Bhí a muintir ag iarraidh a cur soir tigh J. Ph., agus bhí gráin an tsaoghail aice air, arae bhí sí "ag comhrádh" le mac a bhí annseo thiar ag C. Ní Ch., agus 'séard a bhí sí féin ag iarraidh a dhéanamh éalughadh leis go Meiriocá. Ach fuair a muintir amach uirre é, agus th'éis go leor anonn agus anall chuaidh sí tigh J. Ph. Níl aon-bhean ins an taobh seo go Gh. indiu atá in a suidhe cho te léithe. Tá deis agus talamh aice. Tá postaí ag a clann. Déarfá go raibh an t-ádh uirre ceart. An fear a bhí sí féin ag iarraidh a phósadh, marbhuigheadh i Meiriocá é leath-bhliain th'éis a dhul ann dó
+–
Is minic adeireadh T. — beannacht Dé len' anam — é: níl a fhios nach mar is doilighe is fhearr cé gur deacair a rádh gurb eadh. B'fhéidir gurb é an té nach bhfuil tada aige is fhearr a chruthochadh as deire na cúise, agus go gcaillfeadh fear an tsaidhbhris a mbeadh aige le drabhlás, le imirt nó le mná. Is minic a chaill
Ná fagh locht ar aonduine. B'fhéidir gurb é an té nach bhfuil tada aige indiu a bheadh in a bhó mhór ambáireach. Sin é an saoghal: thíos seal agus thuas seal. Níl a fhios nach mar is dona is fhearr agus is doilighe a rádh nach h-eadh.
TUILLEADH (2) ▼
An lá ar phós sé isteach ins an bpriobáinín talmhana sin, déarfá narbh fhiú do sheacht mallacht é, agus go raibh sé ag cur a shaoghail le fán le dhul ag plé leis. Breathnuigh indiu air. Cá'il an priobáinín talmhana. Tá sé in a fheilm agus é féin in a ridire. Is deacair an sean-fhocal a shárú. Níl a fhios nach mar is dona is fearr agus is doilighe a rádh nach h-eadh
Tuigim do chuid cúrsaí go maith. Ní thaithnigheann an obair leat agus 'sí do leas-mháthair a thóigfeadh ort é, ach oiread. Ach fan ann go gcastar rud eicínt níos fearr in do bhealach. Níl aon-pháighe innte le h-ais Shasana faoi láthair, ach bainfidh tú riar do cháis aisti, agus beidh tú i súile na ndaoine. Cá bhfios do'n té sin? Is fánach an áit a bhfuightheá gliomach. Fan mar atá tú go bhfeicidh tú leat. Níl a fhios nach mar is doilighe is fhearr, cé gur deacair a rádh gurb eadh.
·
"Is doiligh liom ná mo bhás na fataí a bheith in a bpráib" = is brónaighe liom, is cráidhte le mo chroidhe, go bhfuil na fataí leaighte le teann brutha, ná dhá bhfaghainn bás. (Deirtear "doiligh" agus lughar ins an leagan sin. Scéal é a innsighthear faoi fhear a tugadh chuig a chleamhnas féin go dtí teach an chailín óig. Bhí sé balbh agus cuireadh fainic air, ar a bhás, gan labhairt chor ar bith, nó go gcaithfí an cleamhnas in aer, agus nach bhfuigheadh sé an bhean chor ar bith. D'fhan sé in a thost scathamh mór. Cuireadh síos pota fataí faoi dheire agus fágadh thíos é go raibh na fataí ro-bhruithte. Bhí an fear ag breathnú ar an bpota, chuir an bhail a bhí ag dul ar na fataí carghaos air. Ní raibh a sheasamh aige ní b'fhuide agus arsa seisean: "is doiligh liom (is lughar liom) ná mo bhás na fataí a bheith in a bpráib")
2.
deacair; cruadh a dhéanamh (Féach deacair i gcóir somplaí eile de "doiligh").
+–
Cé'n rud ba doilighe a fháil ar aonach indiu? = cé'n rud ba deacra (ba daoire) a fháil ar aonach indiu? (Ceist í sin atá in a lán áiteacha. Déarfar leat gurb é a leithide seo d'fhear — fear cráibhtheach eicínt — a chuir ar bhean chuideáin a bhí ag teacht ó aonach í. Freagra gáirseamhail atá uirre: ribe chasta, nó ribe sheabhráin i bpis.)
Ná trí obair is doilighe amuigh: iomradh in aghaidh srotha, coisméigeacha fada in aghaidh cnuic, agus tomhais na talmhana in a dhornaí
TUILLEADH (7) ▼
Is doiligh "hata bán" a rádh leis anois = tá sé eirighthe suas nó ceannasach ins an saoghal; tá sé láidir nó ar chaoi eicínt gur deacair araoid ar bith a chuir air
Is doiligh eirghe in am ar maidin = is deacair
Is doiligh leis tada a dhéanamh ach an rud a thogruigheas sé féin = níl sé éascaidh cur faoi ndeara dhó aon-cheo a dhéanamh ach an rud is mian leis féin
Is doiligh dó tada a dhéanamh anois agus an aois atá aige = tá sé cho sean sin agus nach bhfuil láthar na h-oibre ann níos mó
Ní doiligh bleid a bhualadh uirre chor ar bith. Ma bhuailinns (bhuailir) beidh sí agad ar sheol na braiche
Ní doiligh cur chuig mo leithide-sa. Tá mé buailte suas ó Dhia agus ó'n saoghal anois
Ba doiligh cur chuige ná uaidh lá de'n tsaoghal, ach d'imigh sin féin. Ní hé an oiread sin omóis atá dhó indiu thar duine ar bith eile
Féach freisin
Doiligh in iontrálacha eile (11)
→
deachma
Is fadó fiannach an lá ó bhí na deachmaí sin ionn. Ní hé an ministéara a chruinnigheadh chor ar bith iad, ach bhí proctéara aige a theigheadh thart. Chuala mé an tsean-mhuinntir ag rádh go mbíodh conacra acu thíos i mB. an Ch. agus go bhfágaidís na h-iomrachaí annsin gan baint go dtigeadh sé féin agus go mbaineadh sé iad. Gach deichmheadh h-iomaire a d'fhágaidís aige. Deantaí an cleas céadna le na stucaí coirce: stoca as 'chaon deich stuca a fhágáil gan tárlúghadh, nó go dtugadh an proctéara leis é. Badh shin é dualgas an mhinistéara. Bhí na daoine in ainm agus an teampall gallda a chothú freisin. Thigeadh na sagairt annsin, agus chaithfidís a ndualgas féin a fhaghail: coirce freisin. Sin é an uair a raibh an chreachadh ionn. 'Chuile dhuine agus a bhuille féin ar an duine bocht. Ba doiligh dhó é a sheasamh eatorra … Ní raibh cur in aghaidh dualgas an tsagairt chor ar bith, ach chloisinn na sean-daoine ag rádh go mbídís ag blaodhach i dtóin an phroctéara an uair a thigeadh sé i gcoinne an deachma, nó dhá dhalladh le scrathachaí ó chúl an chlaidhe. Bheadh rud ar a shon agad dá mbeirtí ort. Chuirfí isteach thú (ins an bpríosún). Ach ní raibh baoghal orru siúd go raibh siad cho h-adhartha agus go mbéarfaí orru. Measaim go mbíodh an ministéara féin ionn scaithtí, mar chuala mé P. N. ag rádh an uair a bhí siad in a bputaigh, go gcuirtí suas leo a dhul isteach ar chúla an chlaidhe ag fuagairt indiaidh an mhinistéara: "a mhinistéirín cá'r fhága tú do bhean?" Deir siad gur sagart a d'ionntuigh, a bhí ins an ministéara a bhí annseo … (Cunntas faoi na deachmaí ins an gceanntar sin ó Sheán Ó Bheáin, Páirc Gharbh, Cearnmór, Baile an Chláir)
Is doiligh do na siopaí tada a dhéanamh mar má tá an deagh-dhíolaidhe ann, tá triúr in a aghaidh sin atá in a ndroch-dhíoluidhthe. Dheamhan neart a bhíos ag fear an tsiopa air. Tá a chuid dola féin air, agus caithfidh sé an saoghal a righeachan cho maith le duine
Is doiligh a rádh céard a thárlóchas as a dheireadh. Níl aonduine indon a rádh céard is cor do'n scéal sin fós
Is doiligh díbeartha an t-aistir é ag aon-Chríostuidhe beo indiu. Ach dheamhan a dhath drugail aige siúd roimhe. Tá an chleachtadh mhór aige air. Chonnaic mise é sin ag imeacht oícheanntaí as seo le dhul abhaile, agus dheamhan a dtiocfá cho fada le ceann an sconnsa sin dá mbeadh do chailleadh go deo leis. Ní bheadh aon-mhaith é a bhacadh in a dheidh sin. Bhuailfeadh sé a dhá shéirín taobh thíos dhá dhá ghlúin, agus dá mbadh í an oíche í ar ith Ceile na bradáin ghreadfadh leis abhaile
→
dóid
Tá sí in aon-láithreachán amháin annsiúd, agus í gan tógáil as a scaradh ariamh. Ach ba doiligh í a thógáil as a scaradh, agus í cho fliuch leis an lá ar baineadh as an bportach í. Go deimhin sin é an chuma bhainte a chuaidh uirre: dóideacha mar a bhainfí le sluasaid í
+
Labhair sé go doilí drochmhúinte = go cantalach agus go h-olc
TUILLEADH (4) ▼
Sé a bhí go doilí drochmhúinte (doilighe?) liom, nuair nach n-innseóinn dó cá bhfuair mé iad. Ach sin rud nach raibh aon-iallach orm a innseacht
Carachán doilí drochmhúinte é sin. Is mór an gar gur beag é a ghníomh
Sé a bhí doilí drochmhúinte nuair nachar innis mé dhó go raibh mé ag teacht go ceann an bhóithrín. Thosaigh sé ag strócántacht liom ag iarraidh trí pínne eile a bhaint díom. "Teirigh 'un diabhail thú fhéin agus a bhfuil de bhusannaí déanta" adeirimse "mara maith a gheobhfá go ngabhfainnse ag íoc airgid aríst leat".
Tá sé doilí drochmhúinte! Tabhair buíochas le Dia nach bhfeiceann tú é a inghean ó; ach mise a chaitheas ceart a bhaint dó ó mhaidin go faoithin!
→
droinnín
Tá a chuid talmhana faoi dhruinníní uilig go léireach. Is doiligh a gcur, ach is an-talamh caorach iad. Bíonn na h-uascáin is fearr ins an bparáiste aige i gcomhnaí