Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

luar (18)

 
Sin é an rud is luar liom beo: duine ag rá leat go ndéanfaidh sé rud agus gan cuimhne ar bith féin aige air. B'fhearr leat duine adéarfadh suas le do bhéal nach ndéanfadh sé chor ar bith é, ná dea-ghealladh agus droch-chomhlíonadh mar sin. B'fhearr dhuit é freisin. Ara beannacht Dé dhuit!
 
dealbh 1
Ní luar liom an diabhal a fheiceáil ná a dhealbh. Bíonn gotha crochadóra i gcónaí air, agus scéin ina shúile. Cén bhrí ach an choisméig bhacaíola atá ann!
 
deamhan 1
Dheamhan ar luar leis an sioc ná mé
 
Ní bhfaightheá duine as an deascán anois atá in ann mata a dhéanamh, théis a liachtaí ceann agus a d'fheicfeá fadó. Go ndéana Dia grásta ar Mh. Bh! B'ait uaidh a ndéanamh. 'Dual beag agus dual mór,' adeireadh sé. Níor luar leis an sioc ná duine ar bith a bheith ag míoladóireacht timpeall air nuair a bheadh sé leis (leis an mata)
 
Má tá sí chomh diaganta agus atá a ligean amach, is deas uaithi a dhul ag cúlchaint ar a comharsa ina dhiaidh sin. Níl rud ar bith is luar liom ná an tslíomadóireacht sin
 
diaidh
Déarfainn leis an gcaoi a bhfuil cois i ndiaidh na coise eile aige nach luar leis an sioc ná a dhul 'na chladaigh. Bíonn an-drogall aige roimh an gcladach i gcónaí. Goróir an-fhuar é. Dar príosta muis, níl an fheamainn an-te inniu
 
díle 1
Go deo na Díle aríst ní fheicfidh tú aon chogadh théis an chinn seo. Beidh siad thrína chéile chomh sách de chogadh feasta agus gur luar le chuile dhream an diabhal ná é a tharraingt. Ba eo é an cogadh is measa a tháinig fós. 'Sé an fear a bhí sa mbaile ar an teallach is measa a shaothraigh an cogadh seo. Roimhe seo ní bhíodh dhá fháil faoi na foraí ach an saighdiúr bocht a bhíodh ar aghaidh na bpiléar
 
Tá an ghráin dhíobhálach aige orm. Is luar leis mé ná an sioc a lobhfadh na fataí
 
Mo dhiomdha dhó sin thar dhuine ar bith. 'Sé an duine is luar liom in Éirinn é, ag tarraingt ag mo theach
 
Níl aon rud faoin domhan is luar liom ná doicheall mar sin. Téann an doicheall go smior adeir siad
 
Más leat fáilte an duine dhoicheallaigh a chur romhat ann muis, abair go bhfuil mac Sh. Ph. ag dul chun cinn thar cionn abhus anseo. Is maith gasta deirimse leat, adéarfas sé go dtug tú h'éitheach. Ní luar leis an diabhal ná mac Sh. Ph. ó phós sé. Nach raibh sé ag iarraidh an mac s'aige féin a chur ann, agus chinn air. Sin é an faltanas atá aige don fhear eile, agus is neascóid ar a chroí a chloisteáil go bhfuil rath ar bith air
 
Chonaic mise S. Ó. B. a bhí thoir ansin. Ní chuirfeadh fear agus píce amach go Meiriceá é. Ba luar leis ná a bhás corraí amach ón mbaile chor ar bith. An lá a raibh sé ag dul soir go Meiriceá, bhí sé ag gol agus ag gárthaíl, agus ag stróiceadh an uair sin féin, ag iarraidh fanacht sa mbaile. Ach cuireadh ann in aghaidh a chos é. Dheamhan fear a chuaigh go Meiriceá ariamh is fhearr a rinne cúis ná é. Meas tú an dtaobhódh sé anall anois. Baol beag air. Is dóigh nach mbreathnódh sé anois ar dhaoine dona. Nach bhfuil mac leis ina bhreitheamh adeir siad. Dúirt an té adúirt é agus diabhal focal bréige a rinne sé: an rud is doilí le duine ná a bhás, dheamhan a fhios aige nach é clár a leasa é
 
doras
Is luar liom é ná an diabhal ag teacht ag béal mo dhorais agam
 
Scread mhaidne ar a drandal! Ag imeacht chomh stramhach ansin, agus cáir uirthi i gcónaí. Níl aon duine beo is luar liom ná an chaile sin. Is gann a chuaigh an saol ar mhac Ph. Sh. murar fhéad sé a dhíol de bhean a fháil ar mhná na tíre go ndeachaigh sé ina cleithiúnas siúd. Ní dhéanfainn roghain uirthi dá mbeadh Éire taobh léithe — an straoiseachán bradach!
 
Ní luar liom an diabhal ná an drantán de gháire siúd atá aige. Sin é féin an gáire gann gortach gangaideach
 
Ní luar leis an athair an sioc ná é. Chuile bhall aige ach cluasánach mar sin. 'Ag imeacht ag leiciméireacht ansin mar a bheadh dreolán teaspaigh ann,' adúirt sé an lá cheana. 'Port feadaíola aige; ag breathnú isteach thar chlaíochaí; ag smúrthacht i ndiaidh gearrchailí; agus an garraí ansiúd thoir chomh glas agus a bhí sé Lá Fhéile Bríde' (bhí an garraí chomh glas agus a bhí sé Lá Fhéile Bríde faoi nach raibh aon rath ar an mac ag deargadh na talúna. Garraí bán a bhí siad a chur a bhí ann)
 
Tá mé an-drithleach anois le tamall hé brí céard atá ag dul dom. Níl mé in ann cónaí a dhéanamh in áit ar bith. Tá mé chomh priaclach lena bhfaca tú ariamh agus ní luar liom an saol mór ná a dhul a chodladh san oíche. D'fhanfainn in mo shuí go maidin, murach leisce a bheith orm daoine a choinneáil ó chodladh. Bíonn scáth orm roimh an dorchadas
 
dúil
Sin é an chaoi a bhfuil an t-ól. Nuair a bhlaiseas tú dhó i dtosach is luar leat é ná fuafíonaigh, ach teagann tú isteach air i leaba a chéile. Teagann dúil agat ann