Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

luar (5)

 
Sí an cheird is luar liom beó a bheith ag feamnadh. Tá sí an-tsraimlí. Níl snáth ar mo chraiceann nach bhfuil fliuch báite, de bharr mo lae agus gan baol ar bith orm a bheith réidh léithe fós
 
Bheadh planndaí agamsa marach gur foghluíodh iad. Dar fiadh bhí siad ag fás go breá. Ach chart na cearca atá ag an rúisc sin thoir iad. Níl foghail ar bith is luar liom ná foghail chearc. Is measa í ná an fhoghail chorráin féin
 
fuath
Tá fuath glacha ar an bportach ar fad agam le gairid. Is luar liom an diabhal ná a dhul suas ann
 
Sin é an rud is luar liom beo: duine ag rá leat go ndéanfaidh sé rud agus gan cuímne ar bith féin aige air. B'fhearr leat duine adéar[fadh] suas le do bhéal nach ndéanfadh sé chor ar bith é, ná deághealladh agus droch-choimhlíonadh mar sin. B'fhearr dhuit é freisin. Ara beannacht Dé dhuit!
 
díle 1
Go deo na Díle aríst ní fheicfidh tú aon-chogadh th'éis an chinn seo. Beidh siad thrín a chéile cho sáthach de chogadh feasta agus gur luar (lughar) le 'chuile dhream an diabhal, ná é a tharraingt. Ba sheo é an cogadh is measa a tháinig fós. 'Sé an fear a bhí ins an mbaile ar an teallach is measa a shaothruigh an cogadh seo. Roimhe seo ní bhíodh dhá fháil faoi na foraí ach an saighdiúr bocht a bhíodh ar aghaidh na bpiléar.