Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
mídhlisteanach
aidiacht
codarsna: dlisteanach
mícheart, éagórach, míchuí, neamhdhlifear, mailíseach.
+
Shíl siad mo chuid talúna a bhaint díom go mídhlisteanach. Dar fia rachadh leo freisin, murach chomh héasca agus a thapaigh mé an scéal. D'imreoidís sin ar Rí na Méaracán
Is mídhlisteanach an cheird atá uirthi, más mar sin atá sí. Is deacair di an t-ádh a bheith uirthi, ní dhá roinnt léithe é. Níl mailís ar bith, adeir siad, is mó ná mailís an mheáchain
TUILLEADH (5) ▼
Má d'éirigh an talamh agus an t-airgead chomh mídhlisteanach sin leo, tiocfaidh leá chúr na habhann air. An rud a faightear go dona imíonn sé go dona. Tá siad ag imeacht go haerach agus go héadálach anois, ach b'fhéidir gur maith maolscríobach a d'fheicfí fós iad — an té a mhairfeas
Deirimse leatsa gur deacair do shiopadóir gan airgead mídhlisteanach a bheith aige. Bhí mise mé féin scaitheamh leis an obair sin, agus níl cor ná casadh inti nach bhfuil a fhios agam. Is duine sé nó seachráin acu atá cneasta
Séard adeir seanT. fadó: 'Mair chomh maith agus a fhéadfas tú, ach ná bí mídhlisteanach. Má bhíonn, thú fhéin a bheas siar leis sa deireadh'
Ar ndóigh is iomaí rud a bhíos mídhlisteanach agus gan fios ag duine chor ar bith air. Ach ní miste dhó. Má bhíonn coinsias duine glan, tá leis
Nach raibh sé mídhlisteanach aige a dhul ag iarraidh an oiread sin a bhaint daoibh. Nach raibh sé chomh maith aige a láimh a chur síos ina (bhur) bpóca, agus an t-airgead a ghoid, le dhul ag déanamh a leithide sin de chleas

Féach freisin

mídhlisteanach in iontrálacha eile (3)

 
déan 1
An té a dhéanfas clann go mídhlisteanach mar sin, foilseoidh Dia é féin air
 
diaidh
Ní bheidh lá foráis air, ná ar a chlann ina dhiaidh, má fuair sé an t-airgead chomh mídhlisteanach sin
 
Tá tusa ag rá gur cogadh dlisteanach ag Sasana é, ach feictear dhomsa — agus 'sé mo scil ann é arsa tusa — nach bhfuil rud ar bith dlisteanach ná mídhlisteanach i gcogadh, ach an té is láidre ag crapadh leis a bhféadfaidh sé. An té is fhearr dorna 'sé is fhearr corna den fheoil, mar adeir an fear fadó